Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN Ealadha ag cur síos ar iománuidheacht is eadh bhuaidh an duais an taca so. Ceann de dheigh-chleasaibh lúith na nGeadheal is eadh an iománuidheacht. Is maith linn é bheith ar ár gcumas beagán do rádh 'n-a thaobh. Ní baoghal ná go bhfuil eólas thar barr ag Pádraig Ó Séaghdha air. Mura mbeadh go bhfuil níor bh'éidir dó cur síos chomh cliste bríoghmhair air is tá dá dhéanamh annso aige. Ní hé seo an chéad éacht atá déanta ag Pádraig ar son na Gaedhilge. Dalta de chraoibh an Chliabhraigh is eadh é. Ní craobh go n-iomad fothruim í siúd, acht mar sin féin, is beag craobh i mBaile Átha Cliath ná i nEirinn uile, dá ndéaraimís soin, 'n-a bhfuiltear ag obair chomh dian is táthar san gcraoibh úd. B'é Pádraig do dhein cuid "Phádraig na Léime" i "nAr Son Baile agus Tíre," do léirigheadh annso i mBaile Átha Cliath tá tamall ó shoin ann. Do thóg sé croidhe gach éinne le feabhas a léirightheóireachta. Atá congan- tóir maith ag muinntir Chraoibhe an Chliabhraigh i bPádraig na Léime. Go mairid a chéile. Airighmíd go bhfuil Domhnall Ó hUalacháin do bhuaidh ár nduais an mhí seo ghaibh tharainn tar éis teacht go Baile Átha Cliath. Cé gurab oth linn gur fhág sé Béara ní'l éan-amhras orainn ná go bhfuighidh sé breis slighe chum oibre foghanta do dhéanamh i mBaile Átha Cliath. Is é an tAthair Mac Aindréis do thug annso é chum cuidiughadh linn, agus ní baoghal ná go mbeid sásta le n-a chéile. Tá an chéad chuid de scéal an Ghruagaigh againn dá chur i gcló an taca so, agus gluais 'n-a theannta ar mhaithe leó so atá ag foghluim. Chífear sean-chlisteacht an Ghruagaigh ann, agus ní olc dar linne do chuir Seóirse Ó Fágáin fé Sheán Fhinnín, agus an "tsean-bhean." Tá drama gairid ar láimh againn ó scríbhneóir ó Lunndain; agus scéal ag baint le cúrsaíbh na bhFíníní i n"nUíbh Ráthaigh áluinn na bhfear bhfionn bhfial" ó "Leóghan Lannamhar," Chathar Domhnaill, Domhnall Ó Súilliobháin. Tá an "Bheirt-Fhear" ag cur síos ar "an Scoil Ghaedhealach" an taca so. Tá sean-eólas ar chlis- teacht an Bheirt-Fhear, agus ní gábhadh é mholadh dár léightheóiríbh. Ní baoghal ná go dtaithneoghaidh "Aililiú na Gamhna" le gach éinne. Thaithin sé go seóidh le muinntir Bhaile Átha Cliath an chéad uair do chualadar é. Go mairir i bhfad n-ár measc, a Oisín, a chara. Tá Dúithche Ealla ag éirghe leis - agus ní h-iad na fir amháin acht na mná, bail ó Dhia ortha. Nach deas an crut do chuir Maighréad Ní Chaoimh ar an scéilín? Ní baoghal ná go gcloisfear arís ó Mhaighréad. Tá ealadha bhreagh ar láimh againn ó Thomás Ó hEidhin. An chéad uimhir, a Thomáis, le chongnamh Dé. Tá tuilleadh geallta dhúinn, acht bíodh foidhne agaibh a léightheóirí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services