Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 229


SINN FÉIN



Ealadha ag cur síos ar iománuidheacht is eadh bhuaidh
an duais an taca so. Ceann de dheigh-chleasaibh lúith
na nGeadheal is eadh an iománuidheacht. Is maith linn
é bheith ar ár gcumas beagán do rádh 'n-a thaobh. Ní
baoghal ná go bhfuil eólas thar barr ag Pádraig Ó
Séaghdha air. Mura mbeadh go bhfuil níor bh'éidir dó
cur síos chomh cliste bríoghmhair air is tá dá dhéanamh
annso aige.



Ní hé seo an chéad éacht atá déanta ag Pádraig
ar son na Gaedhilge. Dalta de chraoibh an Chliabhraigh
is eadh é. Ní craobh go n-iomad fothruim í siúd, acht
mar sin féin, is beag craobh i mBaile Átha Cliath ná
i nEirinn uile, dá ndéaraimís soin, 'n-a bhfuiltear ag
obair chomh dian is táthar san gcraoibh úd. B'é
Pádraig do dhein cuid "Phádraig na Léime" i "nAr
Son Baile agus Tíre," do léirigheadh annso i mBaile
Átha Cliath tá tamall ó shoin ann. Do thóg sé croidhe
gach éinne le feabhas a léirightheóireachta. Atá congan-
tóir maith ag muinntir Chraoibhe an Chliabhraigh i
bPádraig na Léime. Go mairid a chéile.



Airighmíd go bhfuil Domhnall Ó hUalacháin do
bhuaidh ár nduais an mhí seo ghaibh tharainn tar éis
teacht go Baile Átha Cliath. Cé gurab oth linn gur
fhág sé Béara ní'l éan-amhras orainn ná go bhfuighidh
sé breis slighe chum oibre foghanta do dhéanamh i
mBaile Átha Cliath. Is é an tAthair Mac Aindréis do
thug annso é chum cuidiughadh linn, agus ní baoghal ná go
mbeid sásta le n-a chéile.



Tá an chéad chuid de scéal an Ghruagaigh againn dá
chur i gcló an taca so, agus gluais 'n-a theannta ar mhaithe
leó so atá ag foghluim. Chífear sean-chlisteacht an
Ghruagaigh ann, agus ní olc dar linne do chuir
Seóirse Ó Fágáin fé Sheán Fhinnín, agus an
"tsean-bhean."



Tá drama gairid ar láimh againn ó scríbhneóir ó
Lunndain; agus scéal ag baint le cúrsaíbh na
bhFíníní i n"nUíbh Ráthaigh áluinn na bhfear bhfionn
bhfial" ó "Leóghan Lannamhar," Chathar Domhnaill,
Domhnall Ó Súilliobháin.



Tá an "Bheirt-Fhear" ag cur síos ar "an Scoil
Ghaedhealach" an taca so. Tá sean-eólas ar chlis-
teacht an Bheirt-Fhear, agus ní gábhadh é mholadh dár
léightheóiríbh.



Ní baoghal ná go dtaithneoghaidh "Aililiú na Gamhna"
le gach éinne. Thaithin sé go seóidh le muinntir
Bhaile Átha Cliath an chéad uair do chualadar é. Go
mairir i bhfad n-ár measc, a Oisín, a chara.



Tá Dúithche Ealla ag éirghe leis - agus ní h-iad na
fir amháin acht na mná, bail ó Dhia ortha. Nach deas
an crut do chuir Maighréad Ní Chaoimh ar an scéilín?
Ní baoghal ná go gcloisfear arís ó Mhaighréad.



Tá ealadha bhreagh ar láimh againn ó Thomás Ó
hEidhin. An chéad uimhir, a Thomáis, le chongnamh Dé.
Tá tuilleadh geallta dhúinn, acht bíodh foidhne agaibh
a léightheóirí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services