Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Anonn agus Anall
Title
Anonn agus Anall
Author(s)
Ua Concheannain, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ANONN AGUS ANALL Ó Thomás Ua Concheannain Go mbeannuighidh Dia dhaoibh a léigheadhóiríbh an CHLAIDHIMH. Tá súil agam go bhfuil sibh go rí-mhaith ann bhur sláinte ó bhí mé ag caint libh cheana. Fuair mé an-chuimsí* litireacha ó mo cháirdibh ag moladh mo "chuairt Míosa a gConnamara" agus ag rádh liom an cúntas do chonghbháil suas ó sheachtmhain go seachtmhain. Go deimhin fuair mé litir as Boston andiú féin ag rádh an rud chéadna agus ní maith liom sibh d'eiteach. Cé, go deimhin, nach bhfuil am agam le mórán sgríobhnóireachta do dhéanamh. Ní gheallfad go ndeunfaidh mé é gach uile sheachtmhain acht anois agus arís do réir mar bhéidheas moiméidín beag spáis agam. Is deacair do dhuine dona cion fir féin do dhéanamh, acht nuair tá iomarca le déanadh agamsa, ní fhéadfaidh mé déanamh leath chómh maith. Creidim gur fearr dom a tosúaghadh ann san áit a chuir mé críoch ar "mo chuairt míosa." Thar éis craobh Choill-na-Meidhleachain chur ar a cuid cosa, chroch mé mo chuid seolta, síos liom go Gaillimh, agus as sin suas go B'l'á Cliath, le cuntas do thabhairt ós cómhair na poibligheachta do mhuintir an bhaile mhóir sin ar mo chuairt. Bhí uachdarán Chonnartha na Gaedhilge, mo fhíor-charaid, an Craoibhín Aoibhinn, 'san gcathaoir an oidhche sin, agus thar éis é gam thabhairt os cómhair an chruinnighthe mhóir i n-óráid bhreagh bhríoghmhar, thosaigh mé orm ag innsint thríd síos agus thríd suas. Thar éis mo chuid chómhradha bhéith críochnuighthe labhair an Dochtúir De h-Íde arís, an t-Athair ua h-Iceadha, Seághan MacNéill, Tadhg Ó Donnchadha, Mícheál Mac Ruaidhridhe (Rodgers), Mícheál Ciosóg agus a lán daoine eile. Ní raibh mé chomh uaibhreach i gcaitheamh mo shaoghail ariamh, mar bhíos an oidhche sin agus an iongantas ar bith é, ag labhairt os cómhair lucht léighinn mar bhí ann, fir agus mná, a bhfuil a gcáil agus a gclú ar fuid an domhain go léir, mar gheall ar dhoimhneacht a gcuid fóghluim, agus mar gheall ar a ngrádh d'á dtír. "Ní h-í an Ghaedhilge chéadna labhairtear ins gach uile áit a nÉirinn." Is seo ráidhte cloistear go h-an mhinic, acht sílim féin nach bhfuil fáth ná ádhbhar ar bith é rádh. As Chondae Roscomáin is eadh an Chraobhín Aoibhinn; as Phortláirge an t-Athair ua h-Iceadha; as Chondae Antruím an Niallach; as Chondae an Chláir an Cíosógach; as Chondae Chorcaighe Tadhg Ó Donnchadha; tá Mícheál Mac Ruaidhridhe (Rodgers) as Chondae Mhuigh Eó, agus, mar deir an mada beag, as Ghaillimh mé féin, agus dá mbeidheadh mórán dealbhughadh idir an Ghaedhilge ar fuid na h-Éireann, cheapfá go dtiubhar- faidhe faoi deara é an oidhche sin, mar nach bhfuil páirt do'n tír 'na labhairthear Gaedhilge, nach raibh fear as, agus ní dheárnadh usáid d'aon fhocal amháin ná d'aon chor-cainte nár thuig gach uile dhuine. Ní'l aon lá ó tháinig ciall ann mo cheann nach gcuala mé daoine ag rádh, "Ní h-í an chaint chéadna labhaireas muidne (sinne) agus na Muímhnigh." Deir muintir na Múmhan go bhfuil athrughadh mór ar a gcuid cainte féin agus caint na gConnachtach agus dar ndóigh creidim go n-abrann na h-Ultaigh an rud céadna 'nár d-taobh. Tugaim faoi deara go minic gur b'iad so nach bhfuil mórán eólais aca ar Bhéarla ná ar Ghaedhilge deireanns é so. Cuireann sé droch-mhisneach mhór ar chuid do na daoinibh agus is minic, minic thuganns macaibh léighinn suas ar fad fóghluim na teangan mar gheall ar dhíth-chéillidheacht agus raiméis don t-sórt sin. Cuirim do chómhairle ar dhuine ar bith a bhfuil grádh do'n Ghaedhilge agus d'Éire bhocht 'na chroidhe gan é rádh níos mó. Déanann sé díoghbháil mhór agus tais- beánann sé do'n domhan nach bhfuil mórán feasa ag an t-é déarfas é. Tá níos mó dealbhúghadh no dithfir idir an mBéarla labhairthear ins na cúigibh, agus faoi dhó níos mó i Sasanna féin, 'ná tá idir an Ghaedhilge ann sna cúigibh, acht ní chluintear caint ar bith 'na thaobh sin. Cad chuige fágansmuid† locht ar ár dteanga féin agus ar an chaoi labhairthear í? Agus ní'l focal againn le rádh i dtaobh an Bhéarla bhriste sin, teanga na námhad Sasanach, an canamhaint gan bhrígh, gan croidhe, a fuair seilbh ann san tír so againn le beartacht le cleais- eacht agus le láimh láidir. Duine ar bith cheapas nach bhfuil mé ag rádh na fírinne, ní'l aige acht dul go Connradh na Gaedhilge aon oidhche Dia Ceudaoin san mbliadhain agus feicfidh sé agus cloisfidh sé cainteóirí annsin as gach uile Chúige agus beag nach gach uile Chondae i n-Éirinn agus rachaidh mise i mbannaidhe nach gcaillfidh siad an oiread a's focailín, ní áiríghim brigh ná spreach na cainte. 'Sí an Ghaedhilge chéadna atá d'á labhairt i gCorca, i gCondae an Chláir, i nGaillimh agus i n-Árain, chomh maith le Dún na nGall. B'fhéidir nach baileach go bhfuil an fhuaim mar a chéile ar a lán d'fhoclaibh agus déantar úsáid mar an gcéadna do choraibh cainte agus do ráidhtibh ann san bpáirt eile do'n tír, acht ní fhuil sé ceart ná cóir ag cuid againn, nuair sgríobhfas fear as Cúige Múmhan agus nuair dhéanann sé úsáid d'fhoclaibh nár chualamar riamh roimhe sin, rádh nach Gaedhilge mhaith í sin, agus ní fhuil sé go ceart ná go deas ag muintir chondae ná cúige ar bith locht d'fhágháil ar a chéile. Cuirfidh mé tuilleadh agad go gairid. Tomás Ua Conceannain * Very many † A form of relative frequently used in Connacht - the habitual present with s added.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services