ANONN AGUS ANALL
Ó Thomás Ua Concheannain
Go mbeannuighidh Dia dhaoibh a léigheadhóiríbh an
CHLAIDHIMH. Tá súil agam go bhfuil sibh go rí-mhaith
ann bhur sláinte ó bhí mé ag caint libh cheana. Fuair
mé an-chuimsí* litireacha ó mo cháirdibh ag moladh mo
"chuairt Míosa a gConnamara" agus ag rádh liom an
cúntas do chonghbháil suas ó sheachtmhain go seachtmhain.
Go deimhin fuair mé litir as Boston andiú féin ag rádh
an rud chéadna agus ní maith liom sibh d'eiteach. Cé, go
deimhin, nach bhfuil am agam le mórán sgríobhnóireachta
do dhéanamh. Ní gheallfad go ndeunfaidh mé é gach
uile sheachtmhain acht anois agus arís do réir mar bhéidheas
moiméidín beag spáis agam.
Is deacair do dhuine dona cion fir féin do dhéanamh,
acht nuair tá iomarca le déanadh agamsa, ní fhéadfaidh
mé déanamh leath chómh maith. Creidim gur fearr dom
a tosúaghadh ann san áit a chuir mé críoch ar "mo chuairt
míosa." Thar éis craobh Choill-na-Meidhleachain chur ar
a cuid cosa, chroch mé mo chuid seolta, síos liom go
Gaillimh, agus as sin suas go B'l'á Cliath, le cuntas
do thabhairt ós cómhair na poibligheachta do mhuintir an
bhaile mhóir sin ar mo chuairt.
Bhí uachdarán Chonnartha na Gaedhilge, mo fhíor-charaid,
an Craoibhín Aoibhinn, 'san gcathaoir an oidhche sin, agus
thar éis é gam thabhairt os cómhair an chruinnighthe mhóir
i n-óráid bhreagh bhríoghmhar, thosaigh mé orm ag innsint
thríd síos agus thríd suas.
Thar éis mo chuid chómhradha bhéith críochnuighthe labhair
an Dochtúir De h-Íde arís, an t-Athair ua h-Iceadha,
Seághan MacNéill, Tadhg Ó Donnchadha, Mícheál Mac
Ruaidhridhe (Rodgers), Mícheál Ciosóg agus a lán daoine
eile.
Ní raibh mé chomh uaibhreach i gcaitheamh mo shaoghail
ariamh, mar bhíos an oidhche sin agus an iongantas ar
bith é, ag labhairt os cómhair lucht léighinn mar bhí ann,
fir agus mná, a bhfuil a gcáil agus a gclú ar fuid an
domhain go léir, mar gheall ar dhoimhneacht a gcuid
fóghluim, agus mar gheall ar a ngrádh d'á dtír.
"Ní h-í an Ghaedhilge chéadna labhairtear ins gach
uile áit a nÉirinn." Is seo ráidhte cloistear go h-an
mhinic, acht sílim féin nach bhfuil fáth ná ádhbhar ar bith é
rádh. As Chondae Roscomáin is eadh an Chraobhín
Aoibhinn; as Phortláirge an t-Athair ua h-Iceadha; as
Chondae Antruím an Niallach; as Chondae an Chláir an
Cíosógach; as Chondae Chorcaighe Tadhg Ó Donnchadha;
tá Mícheál Mac Ruaidhridhe (Rodgers) as Chondae
Mhuigh Eó, agus, mar deir an mada beag, as Ghaillimh
mé féin, agus dá mbeidheadh mórán dealbhughadh idir an
Ghaedhilge ar fuid na h-Éireann, cheapfá go dtiubhar-
faidhe faoi deara é an oidhche sin, mar nach bhfuil páirt
do'n tír 'na labhairthear Gaedhilge, nach raibh fear as,
agus ní dheárnadh usáid d'aon fhocal amháin ná d'aon
chor-cainte nár thuig gach uile dhuine.
Ní'l aon lá ó tháinig ciall ann mo cheann nach gcuala
mé daoine ag rádh, "Ní h-í an chaint chéadna labhaireas
muidne (sinne) agus na Muímhnigh." Deir muintir na
Múmhan go bhfuil athrughadh mór ar a gcuid cainte féin
agus caint na gConnachtach agus dar ndóigh creidim go
n-abrann na h-Ultaigh an rud céadna 'nár d-taobh.
Tugaim faoi deara go minic gur b'iad so nach bhfuil
mórán eólais aca ar Bhéarla ná ar Ghaedhilge deireanns
é so. Cuireann sé droch-mhisneach mhór ar chuid do
na daoinibh agus is minic, minic thuganns macaibh
léighinn suas ar fad fóghluim na teangan mar gheall
ar dhíth-chéillidheacht agus raiméis don t-sórt sin.
Cuirim do chómhairle ar dhuine ar bith a bhfuil grádh
do'n Ghaedhilge agus d'Éire bhocht 'na chroidhe gan é
rádh níos mó. Déanann sé díoghbháil mhór agus tais-
beánann sé do'n domhan nach bhfuil mórán feasa ag an
t-é déarfas é.
Tá níos mó dealbhúghadh no dithfir idir an mBéarla
labhairthear ins na cúigibh, agus faoi dhó níos mó i
Sasanna féin, 'ná tá idir an Ghaedhilge ann sna cúigibh,
acht ní chluintear caint ar bith 'na thaobh sin.
Cad chuige fágansmuid† locht ar ár dteanga féin
agus ar an chaoi labhairthear í? Agus ní'l focal againn
le rádh i dtaobh an Bhéarla bhriste sin, teanga na námhad
Sasanach, an canamhaint gan bhrígh, gan croidhe, a fuair
seilbh ann san tír so againn le beartacht le cleais-
eacht agus le láimh láidir.
Duine ar bith cheapas nach bhfuil mé ag rádh na fírinne,
ní'l aige acht dul go Connradh na Gaedhilge aon oidhche
Dia Ceudaoin san mbliadhain agus feicfidh sé agus
cloisfidh sé cainteóirí annsin as gach uile Chúige agus
beag nach gach uile Chondae i n-Éirinn agus rachaidh mise
i mbannaidhe nach gcaillfidh siad an oiread a's focailín,
ní áiríghim brigh ná spreach na cainte.
'Sí an Ghaedhilge chéadna atá d'á labhairt i gCorca, i
gCondae an Chláir, i nGaillimh agus i n-Árain, chomh
maith le Dún na nGall.
B'fhéidir nach baileach go bhfuil an fhuaim mar a chéile
ar a lán d'fhoclaibh agus déantar úsáid mar an
gcéadna do choraibh cainte agus do ráidhtibh ann san
bpáirt eile do'n tír, acht ní fhuil sé ceart ná cóir ag
cuid againn, nuair sgríobhfas fear as Cúige Múmhan
agus nuair dhéanann sé úsáid d'fhoclaibh nár chualamar
riamh roimhe sin, rádh nach Gaedhilge mhaith í sin, agus ní
fhuil sé go ceart ná go deas ag muintir chondae ná
cúige ar bith locht d'fhágháil ar a chéile.
Cuirfidh mé tuilleadh agad go gairid.
Tomás Ua Conceannain
* Very many
† A form of relative frequently used in Connacht - the habitual
present with s added.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11