Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN. Tá ár n-iomaidheacht ag dul ar aghaidh go háluinn. Is é an feall ámh ná féadaimíd a trí nó a ceathair de dhuaiseannaibh do bhronnadh gach mí. Gheibhmíd an- chuid rudaí do b'fhuí duaiseanna. Ní fhéadaimíd ámh acht an t-aon cheann amháin do bhronnadh gach mí. Táimíd ag fagháil an-chuid scéalta; sean-scéalta agus scéalta nua-dhéanta. Tá urmhór díobh go breagh taithneamhach. Tá gach éin-cheann díobh Gaedh- ealach. Acht is dóigh linn féin go bhfuil ealadhnta nach scéalta go mór i n-easnamh ar leightheóiríbh agus ar scríbhneóiríbh Gaedhilge fé láthair. Sin é fé ndeara dhúinn duais na míosa so do thabhairt do Mhac Uí Uallacháin. Tá Mac Uí Uallacháin n-a chomhnuidhe i gceanntar bhreagh áluinn Ghaedhealach, sé sin Béara. Tá sean-eólas agus sean- déantúis na nGaedheal go beó bríoghmhar i mBéara fós, agus nár mhaith an mhaise do Mhac Uí Uallacháin, cuimhneamh ar chur síos ar cheann díobh, chum beagán de'n tsean-eólas so ár sinsear do thabhairt thar n-ais chugainn, agus do chur i n-umhail arís dóibh seo ar ar séanadh é. Molaimíd obair Mhic Uí Uallacháin mar shompla dár scríbhneóiribh uile. Níor bh'éin-díoghbháil do chuid aca atá n-a gcomhnuidhe i lár na Gaedhealtachta aithris do dhéanamh air agus fo-gha a bogha shean-eólas na nGaedheal do scaoileadh 'nár dtreó. Ní gábhadh dúinn a rádh go mbeidh míle fáilte againn rompa i gcomhnuidhe. I dtaobh Mhic Uí Uallacháin féin ní déarfam acht amháin gur maith an t-oighre atá ins na hAodharaíbh againn ar Phádraig Ó Laoghaire (Beannacht dílis Dé le n-a anam). Tá scéal breagh ar láimh againn ó "Ghruagach an Tobair" i gcóir an chéad uimhir eile. Tá an Gruagach ag innsint dúinn cionnus mar bualadh bob air i n-imirt cártaí díreach mar do bhuaidheadh an Mac Ríogh an chéad chluithche ar an Sean-Ghruagach mar innsid na scéaluidhthe. Ni fhacamar-na riamh ceann ní b'fhearr ó'n nGruagach féin. Ag dul i gclisteacht agus i ndraoidheadóireacht atá sé. Acht bíodh foidhne agaibh, a léightheóirí. Tá ár lucht aitheantais ag dul i líonmhairecht go seóidh. Táthar ag scríobhadh chugainn as gach ceanntar ó Chorcaigh na gCuan go Doire na Seól, agus dá n-abraimís níos sia ó thuaidh. Tá an t-an-fháilte rompa go léir; ní baoghal ná go ndéanfaid a ndícheall ar ár son. "Is maol gualainn gan bráthair 'S is mairg do bhíonn gan dearbhráthair." An fhaid do bheidh ár gcáirde linn, ní baoghal dúinn. Táimíd ag obair fé láthair chum rud nua do sholáthar dár léightheóiríb. Rud is eadh é ná facathas riamh fós i n-éan-pháipéar Ghaedhilge. Beidh tuilleadh le rádh againn n-a thaobh san chéad uimhir eile. Ba mhaith linn innsint dár léightheóiríbh go bhfuil clú mhór ar "Dhualgas an Droch-chroidhe," an scéal do scríobh Micheál Ó Murchadha síos. Is é an scéal gur bhuaidh Amhlaoibh Ó Luingsigh - Amhlaoibh na Fír- inne - an chéad duais ar scéaluidheacht leis ag an Oireachtas agus ag Feis na Mumhan anuraidh. Tá an Clanndiliúnach ag taispeáint dúinn caidé an saghas bacaigh do dhein na móir-éachta úd atá curtha 'n-a leith ag Amhlaoibh agus ag Micheál. Is fada nár airigheamar fonn ceóil ba sheise ná ba Ghaedhealaighe 'ná an fonn so atá dá chur i gclódh againn 'san uimhir seo. Is iongantach an ceóltóir é an tAthair Tomás Mac 'Liam. Is beag gléas ceóil ná féadfadh sé fuinn agus puirt Ghaedhealacha do sheinim air, acht is ar chruit na nGaedheal is gnáthaighe leis a dtaithighe. Is maith an comhartha é féin agus "Conall Cearnach, Árd-dhraoi na hÉrend" bheith ag cabhrughadh chum ceann d'ar bhfonnaibh breaghtha, bhí nach mór im- thighthe, do thabhairt thar n-ais arís. Go mairid araon pé scéal é, agus nárab fhada go bhfeicfam tuilleadh uatha. Seadh agus níor chóir gan Maighréad Ní hÁilgheasa do chuir os comhair chách. Ní baoghal ná go bhfuil breis deallraimh fírinne ar a scéal siúd mar atá ar scéal Amhlaoibh. 'N-a theannta soin deir sí linn má's bréag atá dá innsint aici nach í féin is cionntach. Is cuma ciaca. Tá comhairle mhaith aici dá tabhairt dúinn go léir, agus dá bhrigh sin maithimíd di go fírinneach 'n-a fírinne. Ní'limid réidh leis "An Scoil Ghaedhealach" fós. Do réir na gcunntas atá fachta againn, tá "Conán Maol" tar éis mór-chuid daoine do chur ag macht- namh ar an gceist chéadna. Ba cheart machtnamh agus
dian-mhachtnamh do dhéanamh uirthi leis. Cé go ndear- tear gur sia théidheann duthchas ná oileamhaint, is fíor ar mórán shlighte an sean-rádh, "gach dalta mar do hoiltear." Is ceart dúinn ar ndicheall do dhéanamh chum leanbhaí na hÉireann do thógaint go Gaedhealach ins na ceanntaraibh Gaedhealacha. Is ceart dúinn bheith ag tabhairt do'n cheist seo go dtí go ndéanfar rud éigin chum í réiteach. An bhfuil a fhios ag éinne cad tá imthighthe ar Aonghus Óg Mac An Daghdha? Tá gach éinne dá fhiafruighe dhínn cá bhfuil sé, nó an amhlaidh thuit sé i gan fhios i bpluais le duine éigin de sna Bráithribh Dubha, agus gur éirigh sé chomh ceanamhail sin ortha gur fhan sé 'n-a measc. Fóir, a Chruim, ar Dhraoithibh Fáil, ná leig do'n táin i n-easnamh buan; gan treóir, gan díon, gan sciath, gan piolóir; i ndiadh an leoghain gan scribnóir suairc. Bhí an t-ailtín thuas i gcló againn nuair tháinig an tásc brónach, go bhfuil "Aonghus Draoi" imthighthe ar shlighe na fírinne. Fuair sé bás i nOspuidéal an Stianaigh i mBaile Átha Cliath ar lá dheiridh na bliadhna. Beidh brón ar gach éinne gur thaithn tairng- theóireacht "Aonghus Draoi" leó, acht is do sna "Draoithibh" féin gur bh'eól dóibh a mhaitheas agus a mhéinn, a Ghaedhealtacht agus a dhaondacht is dóibh-sean is mó méala. Go ndeinidh Dia trócaire air.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services