SINN FÉIN.
Tá ár n-iomaidheacht ag dul ar aghaidh go háluinn.
Is é an feall ámh ná féadaimíd a trí nó a ceathair
de dhuaiseannaibh do bhronnadh gach mí. Gheibhmíd an-
chuid rudaí do b'fhuí duaiseanna. Ní fhéadaimíd ámh
acht an t-aon cheann amháin do bhronnadh gach mí.
Táimíd ag fagháil an-chuid scéalta; sean-scéalta
agus scéalta nua-dhéanta. Tá urmhór díobh go
breagh taithneamhach. Tá gach éin-cheann díobh Gaedh-
ealach. Acht is dóigh linn féin go bhfuil ealadhnta
nach scéalta go mór i n-easnamh ar leightheóiríbh agus
ar scríbhneóiríbh Gaedhilge fé láthair.
Sin é fé ndeara dhúinn duais na míosa so do
thabhairt do Mhac Uí Uallacháin. Tá Mac Uí
Uallacháin n-a chomhnuidhe i gceanntar bhreagh áluinn
Ghaedhealach, sé sin Béara. Tá sean-eólas agus sean-
déantúis na nGaedheal go beó bríoghmhar i mBéara
fós, agus nár mhaith an mhaise do Mhac Uí Uallacháin,
cuimhneamh ar chur síos ar cheann díobh, chum beagán
de'n tsean-eólas so ár sinsear do thabhairt thar
n-ais chugainn, agus do chur i n-umhail arís dóibh seo ar
ar séanadh é.
Molaimíd obair Mhic Uí Uallacháin mar shompla
dár scríbhneóiribh uile. Níor bh'éin-díoghbháil do
chuid aca atá n-a gcomhnuidhe i lár na Gaedhealtachta
aithris do dhéanamh air agus fo-gha a bogha shean-eólas
na nGaedheal do scaoileadh 'nár dtreó. Ní gábhadh
dúinn a rádh go mbeidh míle fáilte againn rompa i
gcomhnuidhe. I dtaobh Mhic Uí Uallacháin féin ní
déarfam acht amháin gur maith an t-oighre atá ins na
hAodharaíbh againn ar Phádraig Ó Laoghaire (Beannacht
dílis Dé le n-a anam).
Tá scéal breagh ar láimh againn ó "Ghruagach an
Tobair" i gcóir an chéad uimhir eile. Tá an Gruagach
ag innsint dúinn cionnus mar bualadh bob air i
n-imirt cártaí díreach mar do bhuaidheadh an Mac
Ríogh an chéad chluithche ar an Sean-Ghruagach mar
innsid na scéaluidhthe. Ni fhacamar-na riamh ceann ní
b'fhearr ó'n nGruagach féin. Ag dul i gclisteacht agus
i ndraoidheadóireacht atá sé. Acht bíodh foidhne
agaibh, a léightheóirí.
Tá ár lucht aitheantais ag dul i líonmhairecht go
seóidh. Táthar ag scríobhadh chugainn as gach ceanntar
ó Chorcaigh na gCuan go Doire na Seól, agus dá
n-abraimís níos sia ó thuaidh. Tá an t-an-fháilte
rompa go léir; ní baoghal ná go ndéanfaid a
ndícheall ar ár son.
"Is maol gualainn gan bráthair
'S is mairg do bhíonn gan dearbhráthair."
An fhaid do bheidh ár gcáirde linn, ní baoghal dúinn.
Táimíd ag obair fé láthair chum rud nua do
sholáthar dár léightheóiríb. Rud is eadh é ná facathas
riamh fós i n-éan-pháipéar Ghaedhilge. Beidh tuilleadh
le rádh againn n-a thaobh san chéad uimhir eile.
Ba mhaith linn innsint dár léightheóiríbh go bhfuil
clú mhór ar "Dhualgas an Droch-chroidhe," an scéal
do scríobh Micheál Ó Murchadha síos. Is é an scéal
gur bhuaidh Amhlaoibh Ó Luingsigh - Amhlaoibh na Fír-
inne - an chéad duais ar scéaluidheacht leis ag an
Oireachtas agus ag Feis na Mumhan anuraidh. Tá an
Clanndiliúnach ag taispeáint dúinn caidé an saghas
bacaigh do dhein na móir-éachta úd atá curtha 'n-a
leith ag Amhlaoibh agus ag Micheál.
Is fada nár airigheamar fonn ceóil ba sheise ná ba
Ghaedhealaighe 'ná an fonn so atá dá chur i gclódh
againn 'san uimhir seo. Is iongantach an ceóltóir é
an tAthair Tomás Mac 'Liam. Is beag gléas ceóil
ná féadfadh sé fuinn agus puirt Ghaedhealacha do sheinim
air, acht is ar chruit na nGaedheal is gnáthaighe leis a
dtaithighe. Is maith an comhartha é féin agus "Conall
Cearnach, Árd-dhraoi na hÉrend" bheith ag cabhrughadh
chum ceann d'ar bhfonnaibh breaghtha, bhí nach mór im-
thighthe, do thabhairt thar n-ais arís. Go mairid araon
pé scéal é, agus nárab fhada go bhfeicfam tuilleadh
uatha.
Seadh agus níor chóir gan Maighréad Ní hÁilgheasa
do chuir os comhair chách. Ní baoghal ná go bhfuil
breis deallraimh fírinne ar a scéal siúd mar atá
ar scéal Amhlaoibh. 'N-a theannta soin deir sí linn
má's bréag atá dá innsint aici nach í féin is
cionntach. Is cuma ciaca. Tá comhairle mhaith aici
dá tabhairt dúinn go léir, agus dá bhrigh sin
maithimíd di go fírinneach 'n-a fírinne.
Ní'limid réidh leis "An Scoil Ghaedhealach" fós.
Do réir na gcunntas atá fachta againn, tá "Conán
Maol" tar éis mór-chuid daoine do chur ag macht-
namh ar an gceist chéadna. Ba cheart machtnamh agus
dian-mhachtnamh do dhéanamh uirthi leis. Cé go ndear-
tear gur sia théidheann duthchas ná oileamhaint, is
fíor ar mórán shlighte an sean-rádh, "gach dalta mar
do hoiltear." Is ceart dúinn ar ndicheall do
dhéanamh chum leanbhaí na hÉireann do thógaint go
Gaedhealach ins na ceanntaraibh Gaedhealacha. Is
ceart dúinn bheith ag tabhairt do'n cheist seo go dtí
go ndéanfar rud éigin chum í réiteach.
An bhfuil a fhios ag éinne cad tá imthighthe ar
Aonghus Óg Mac An Daghdha? Tá gach éinne dá
fhiafruighe dhínn cá bhfuil sé, nó an amhlaidh thuit sé i
gan fhios i bpluais le duine éigin de sna Bráithribh
Dubha, agus gur éirigh sé chomh ceanamhail sin ortha gur
fhan sé 'n-a measc. Fóir, a Chruim, ar Dhraoithibh Fáil,
ná leig do'n táin i n-easnamh buan; gan treóir,
gan díon, gan sciath, gan piolóir; i ndiadh an
leoghain gan scribnóir suairc.
Bhí an t-ailtín thuas i gcló againn nuair tháinig
an tásc brónach, go bhfuil "Aonghus Draoi" imthighthe
ar shlighe na fírinne. Fuair sé bás i nOspuidéal an
Stianaigh i mBaile Átha Cliath ar lá dheiridh na
bliadhna. Beidh brón ar gach éinne gur thaithn tairng-
theóireacht "Aonghus Draoi" leó, acht is do sna
"Draoithibh" féin gur bh'eól dóibh a mhaitheas agus a
mhéinn, a Ghaedhealtacht agus a dhaondacht is dóibh-sean is
mó méala. Go ndeinidh Dia trócaire air.