Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gach re Seadh.
Title
Gach re Seadh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GACH RE SEADH Ní'l éan-chomhartha is soiléire thaispeánann go bhfuilmíd dá ríribh i dtaobh na Gaedhilge 'ná na hiar- rachtaí do dheinimíd ar í mhúineadh ins gach éan-áit. Chum na Gaedhilge do mhúineadh is eadh chuirtear craobhacha ar bun. Sin é bun-adhbhar ár ngnó go léir, agus beidh meas ar gach craoibh do réir an méid scol- áirí Gaedhilge thagann aisti. Is í an chraobh go mbeidh múinteóireacht mhaith ar taithighe innti, an chraobh go mbeidh an barr aici i ndeireadh na dála. Ní hí an chraobh is mó go mbeidh filidhe ná amhránuidhthe ná ceóltóirí ná rinnceóirí innti an chraobh is fearr. Is í an chraobh is mó léigh- theóirí agus cainnteóirí agus scríbhneóirí Gaedhilge is mó thuilleann moladh. Tá beagán formad idir ár gcraobhachaibh. Is maith an rud é mara raghaidh sé thar fóir. Badh cheart a fhios do bheith againn go léir gur do réir mar thugtar aire do mhúineadh na Gaedhilge ins gach craobh do mheasfar obair na craoibhe. Dá bhrigh sin caithfimíd aire thabhairt d'ár slighe múinteóireachta. Is dóigh le mórán againn ná hoireann dúinn acht fhiachaibh do chur ar na daoinibh do thagann chugainn an céad leabhar do cheannach, suidhe síos i dteannta chéile timcheall buird, a gcinn do chromadh os cionn na leabhar, agus tiománt leó ag piocadh suas focal annso agus focal annsúd. Cionnus is féidir le n-a leithéid siúd de bhuidhin éan-Ghaedhilg d'fhoghluim? Cionnus is féidir leó brigh na bhfocal d'fhoghluim? Cionnus do thiocfaidh leó úsáid do dhéanamh de'n rud atá dá fhoghluim aca, mar ní Gaedhilg i n-éan-chor é. Caithfear tosnughadh le "cainnt" do mhúineadh dhóibh. Coimeádtar na leabhair i bhfad uatha ar feadh scaithimh go háirithe. Tosnuigh leó fé mar thosnuigh- eann an mháthair leis an leanbh. Labhair leó, agus cuir fhiachaibh ortha gach éin-nídh do rádh it' dhiaidh arís agus arís go dtí go mbeidh taithighe mhaith curtha aca air. Annsoin beidh sé aca go deóidh, agus ní beidh náire ortha fé usáid do dhéanamh dhe gach uair is maith leó féin. Taispeán cathaoir dóib. Innis dóibh gur "cathaoir" í. Abraidís it' dhiaidh go minic an focal "cathaoir" go dtí go mbeidh greim aca air.
Ní bhogfaidh a ngreim ar an bhfocal soin choidhche. Mar an gcéadna má theastuigheann uait briathar nó focal gnímh do mhúineadh dhóibh, bí ag déanamh an ghnímh an fhaid do bheir dá rádh leó. Abair leó "Táim ag dul go dtí an doras," agus bí-se ag dul fé, dhéin an dorais an fhaid do bheir dá rádh soin. Béaraidh do bhuidhean an rádh leó, déanfaid taithighe uatha féin ar nós an leinbh air, agus aithneóghaid é chomh luath agus chífid i gcló é. Tá an-chuid múintóirí againn, ná fuil aireach a ndóthain ar na nidhthibh seo. Suidhid síos agus tiomnáinid leó ar an sean nós ag iarraidh an Ghaedhilg do mhúineadh as leabhraibh, ar nós teangadh bheadh marbh leis na ciantaibh, i n-ionad cainnt na teangadh mar atá sí go beó bríoghmhar do thabhairt dá mbuidhnibh. Ar an adhbhar soin tá fáilte agus míle againn dá gcur roimh leabhar Pheadair Mag Fhionnlaoigh, "A Handbook of Irish Teaching". Tá Peadar ag cur síos ar an modh múinteóireachta teangan do cheap Franncach dar bh' ainm M. Gouin. Dhein an Gouineach so an-stuidéar ar cionnus badh cheart teangthacha do mhúineadh. Deir sé féin gur ó mháthair 's a leanbh do fuair sé an chéad eólas ar an slighe cheart. San réamh-rádh deir Peadar gur mór an obair atá leagtha amach ag muinntir Chonnartha na Gaedhilge rompa féin, sé sin teanga nua do mhúineadh do náisiún. Tá mór-chuid de'n fhírinne aige, agus do réir tuairime an Athar Pádraig Ó Duinnín is mó atá an Ghaedhilg ag dul chum deiridh ins na ceanntaraibh Gaedhilge ná mar atá ag teacht chum cinn. Ar an adhbhar soin ní mór dúinn go léir brostughadh orainn féin. Ní mór dúinn usáid do dhéanamh de na slighthibh nuadha muinteóireachta. Tá eólas againn féin ar modh an Ghouinigh agus féadaimíd a rádh nár bh'éin- díoghbháil taithighe do dhéanamh air. Tá súil againn i gcionn tamaill ná beidh múinteóir Gaedhilge i nÉirinn ná beidh leabhar Pheadair Mhac Fhionnlaoigh aige. Is féidir é fhagháil ó Chonnradh na Gaedhilghe ar scilling. Céad fáilte romath a dheirbhsiúir céile mo chroidhe. Go deimhin is ar éigin d'aithneoghainn tú, d'atharruighis chomh mór soin ó'n uair dheiridh do chonnac thú. Níor chaillis pioc ded' ghnáth-ghontacht i dteangain na bhfáidh, a chara, cé gur diail an Béarla d'fhás, chugat ó bhí caidreamh agam-sa leat. Ní héan-mhaitheas dúinn bheith ag labhairt i gcoinnibh na rinnceóirí. Beidh siad ag cur isteach orainn i gcomhnuidhe. Seadh, agus ba lag an mhaise dhúinn gan beagán do dhéanamh ortha má's féidir i n-éan-chor é. Ar éin-tslighe, tá fáilte is céad againn dá gcur roimh leabhar Shéamuis Uí Chaoimh agus Airt Uí Bhriain, "Rinnce Gaodhalach, A Handbook of Irish Dances". Scilling is eadh a fhiacha; agus leabhar deas taidhseach toirteamhail is eadh é. Ní fearr dhúinn bheith ag tabhairt "gach re seadh" go deóidh uainn mar gheall air; acht téidheadh gach éinne chuireas dúil i rinnce na nGaedheal isteach i siopa éigin agus ceannuigheadh sé dhó féin é. Léigheadh sé go cúramach é, agus mura mbeidh tuilleadh eólais aige ar rinncíbh na hÉireann 'n-a dhiaidh soin, ní lá fós é. Is maith an rud gur chuimhnigh an bheirt ughdar ar na focail orduighthe do chur i nGaedhilg agus i mBéarla. Féadfaidh na Gaedhil usáid do dhéanamh dá dteangaidh féin. Cad do dhéanfaidh an Seóinín bocht anois? Is gairid an mhoill go gcaithfidh na polkas agus na Lancers agus na waltzes agus an chuid eile dhíobh imtheacht! Slán beó leó. Táim féin agus Mac Uí Fhágáin an-bhuidheach díobh-siúd do scríobh ag triall orainn ag moladh "An tÁill- eán." Táimíd, mar an gcéadna, buidheach dhe sna páipéiríbh do mhol, go ró-mhór b'éidir, sinn féin agus an beag-shaothar do tháinig linn do dhéanamh. Leabhar áluinn is eadh é gan amhras, acht im' dhálta féin, ní ró-mhór de dhuadh na háilneachta do thuit orm. Gan éin-mhearbhal, d'oibrigh an Fágánach go maith air, mar togha chroidhe Ghaedhil is eadh é, agus theastuigh uaidh a thaispeáint go bhféadfaidhe leabhair dheasa do chur le chéile agus do thabhairt amach annso i nÉirinn, gan cabhair ná congnamh coigcríche. Ar an adhbhar soin, má éirigh linn, agus táim deimhntheach go bhfuil éirighthe linn, cuimheasach maith pé i nÉirinn é, ar an bhFágánach bíodh an buidheachas, mar is eisean do fuair urmhór dá dhuadh. Níor mhór dúinn leis, focal nó dhó do rádh i leith Mhuinntir Bhrúin agus Uí Nualláin, do chur an leabhair i gcló. Chuireadar suim mhór 'san ngnó an fhaid do bhíodar ag obair air. Is fada nár tháinig a leithéid de leabhairín amach i nÉirinn, má tháinig riamh. Tá súil againn araon go gcuideoghaidh ár saothar le cúis na Gaedhilge. Ta lochtaí ann, acht, do réir mar bheam ag dul i dtaithighe ar an ngnó beidh feabhas ag teacht orainn. An taithighe do dheineann máighistreacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services