Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gach re Seadh.

Title
Gach re Seadh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GACH RE SEADH



Ní'l éan-chomhartha is soiléire thaispeánann go
bhfuilmíd dá ríribh i dtaobh na Gaedhilge 'ná na hiar-
rachtaí do dheinimíd ar í mhúineadh ins gach éan-áit.
Chum na Gaedhilge do mhúineadh is eadh chuirtear
craobhacha ar bun. Sin é bun-adhbhar ár ngnó go léir,
agus beidh meas ar gach craoibh do réir an méid scol-
áirí Gaedhilge thagann aisti.



Is í an chraobh go mbeidh múinteóireacht mhaith ar
taithighe innti, an chraobh go mbeidh an barr aici i
ndeireadh na dála. Ní hí an chraobh is mó go mbeidh
filidhe ná amhránuidhthe ná ceóltóirí ná rinnceóirí
innti an chraobh is fearr. Is í an chraobh is mó léigh-
theóirí agus cainnteóirí agus scríbhneóirí Gaedhilge is mó
thuilleann moladh. Tá beagán formad idir ár
gcraobhachaibh. Is maith an rud é mara raghaidh sé thar
fóir. Badh cheart a fhios do bheith againn go léir gur
do réir mar thugtar aire do mhúineadh na Gaedhilge
ins gach craobh do mheasfar obair na craoibhe.



Dá bhrigh sin caithfimíd aire thabhairt d'ár slighe
múinteóireachta. Is dóigh le mórán againn ná
hoireann dúinn acht fhiachaibh do chur ar na daoinibh
do thagann chugainn an céad leabhar do cheannach,
suidhe síos i dteannta chéile timcheall buird, a gcinn
do chromadh os cionn na leabhar, agus tiománt leó ag
piocadh suas focal annso agus focal annsúd. Cionnus
is féidir le n-a leithéid siúd de bhuidhin éan-Ghaedhilg
d'fhoghluim? Cionnus is féidir leó brigh na bhfocal
d'fhoghluim? Cionnus do thiocfaidh leó úsáid do
dhéanamh de'n rud atá dá fhoghluim aca, mar ní
Gaedhilg i n-éan-chor é.



Caithfear tosnughadh le "cainnt" do mhúineadh
dhóibh. Coimeádtar na leabhair i bhfad uatha ar feadh
scaithimh go háirithe. Tosnuigh leó fé mar thosnuigh-
eann an mháthair leis an leanbh. Labhair leó, agus cuir
fhiachaibh ortha gach éin-nídh do rádh it' dhiaidh arís agus
arís go dtí go mbeidh taithighe mhaith curtha aca air.
Annsoin beidh sé aca go deóidh, agus ní beidh náire ortha
fé usáid do dhéanamh dhe gach uair is maith leó féin.



Taispeán cathaoir dóib. Innis dóibh gur
"cathaoir" í. Abraidís it' dhiaidh go minic an
focal "cathaoir" go dtí go mbeidh greim aca air.


L. 216


Ní bhogfaidh a ngreim ar an bhfocal soin choidhche.
Mar an gcéadna má theastuigheann uait briathar nó
focal gnímh do mhúineadh dhóibh, bí ag déanamh an
ghnímh an fhaid do bheir dá rádh leó. Abair leó
"Táim ag dul go dtí an doras," agus bí-se ag dul fé,
dhéin an dorais an fhaid do bheir dá rádh soin.
Béaraidh do bhuidhean an rádh leó, déanfaid taithighe
uatha féin ar nós an leinbh air, agus aithneóghaid é chomh
luath agus chífid i gcló é.



Tá an-chuid múintóirí againn, ná fuil aireach a
ndóthain ar na nidhthibh seo. Suidhid síos agus
tiomnáinid leó ar an sean nós ag iarraidh an
Ghaedhilg do mhúineadh as leabhraibh, ar nós teangadh
bheadh marbh leis na ciantaibh, i n-ionad cainnt na
teangadh mar atá sí go beó bríoghmhar do thabhairt
dá mbuidhnibh.



Ar an adhbhar soin tá fáilte agus míle againn dá
gcur roimh leabhar Pheadair Mag Fhionnlaoigh,
"A Handbook of Irish Teaching". Tá Peadar ag
cur síos ar an modh múinteóireachta teangan do
cheap Franncach dar bh' ainm M. Gouin. Dhein an
Gouineach so an-stuidéar ar cionnus badh cheart
teangthacha do mhúineadh. Deir sé féin gur ó
mháthair 's a leanbh do fuair sé an chéad eólas ar an
slighe cheart.



San réamh-rádh deir Peadar gur mór an obair atá
leagtha amach ag muinntir Chonnartha na Gaedhilge
rompa féin, sé sin teanga nua do mhúineadh do
náisiún. Tá mór-chuid de'n fhírinne aige, agus do réir
tuairime an Athar Pádraig Ó Duinnín is mó atá an
Ghaedhilg ag dul chum deiridh ins na ceanntaraibh
Gaedhilge ná mar atá ag teacht chum cinn. Ar an
adhbhar soin ní mór dúinn go léir brostughadh
orainn féin. Ní mór dúinn usáid do dhéanamh de na
slighthibh nuadha muinteóireachta. Tá eólas againn féin
ar modh an Ghouinigh agus féadaimíd a rádh nár bh'éin-
díoghbháil taithighe do dhéanamh air. Tá súil againn
i gcionn tamaill ná beidh múinteóir Gaedhilge i
nÉirinn ná beidh leabhar Pheadair Mhac Fhionnlaoigh
aige. Is féidir é fhagháil ó Chonnradh na Gaedhilghe
ar scilling.



Céad fáilte romath a dheirbhsiúir céile mo chroidhe.
Go deimhin is ar éigin d'aithneoghainn tú, d'atharruighis
chomh mór soin ó'n uair dheiridh do chonnac thú. Níor
chaillis pioc ded' ghnáth-ghontacht i dteangain na
bhfáidh, a chara, cé gur diail an Béarla d'fhás,
chugat ó bhí caidreamh agam-sa leat.



Ní héan-mhaitheas dúinn bheith ag labhairt i gcoinnibh
na rinnceóirí. Beidh siad ag cur isteach orainn i
gcomhnuidhe. Seadh, agus ba lag an mhaise dhúinn gan
beagán do dhéanamh ortha má's féidir i n-éan-chor é.
Ar éin-tslighe, tá fáilte is céad againn dá gcur
roimh leabhar Shéamuis Uí Chaoimh agus Airt Uí
Bhriain, "Rinnce Gaodhalach, A Handbook of Irish
Dances". Scilling is eadh a fhiacha; agus leabhar deas
taidhseach toirteamhail is eadh é.



Ní fearr dhúinn bheith ag tabhairt "gach re seadh"
go deóidh uainn mar gheall air; acht téidheadh
gach éinne chuireas dúil i rinnce na nGaedheal
isteach i siopa éigin agus ceannuigheadh sé dhó féin é.
Léigheadh sé go cúramach é, agus mura mbeidh tuilleadh
eólais aige ar rinncíbh na hÉireann 'n-a dhiaidh soin,
ní lá fós é. Is maith an rud gur chuimhnigh an bheirt
ughdar ar na focail orduighthe do chur i nGaedhilg
agus i mBéarla. Féadfaidh na Gaedhil usáid do dhéanamh
dá dteangaidh féin. Cad do dhéanfaidh an Seóinín
bocht anois? Is gairid an mhoill go gcaithfidh na
polkas agus na Lancers agus na waltzes agus an chuid eile
dhíobh imtheacht! Slán beó leó.



Táim féin agus Mac Uí Fhágáin an-bhuidheach díobh-siúd
do scríobh ag triall orainn ag moladh "An tÁill-
eán." Táimíd, mar an gcéadna, buidheach dhe sna
páipéiríbh do mhol, go ró-mhór b'éidir, sinn féin agus an
beag-shaothar do tháinig linn do dhéanamh.



Leabhar áluinn is eadh é gan amhras, acht im' dhálta
féin, ní ró-mhór de dhuadh na háilneachta do thuit
orm. Gan éin-mhearbhal, d'oibrigh an Fágánach go
maith air, mar togha chroidhe Ghaedhil is eadh é, agus
theastuigh uaidh a thaispeáint go bhféadfaidhe leabhair
dheasa do chur le chéile agus do thabhairt amach annso
i nÉirinn, gan cabhair ná congnamh coigcríche. Ar
an adhbhar soin, má éirigh linn, agus táim deimhntheach go
bhfuil éirighthe linn, cuimheasach maith pé i nÉirinn é,
ar an bhFágánach bíodh an buidheachas, mar is eisean
do fuair urmhór dá dhuadh.



Níor mhór dúinn leis, focal nó dhó do rádh i leith
Mhuinntir Bhrúin agus Uí Nualláin, do chur an leabhair
i gcló. Chuireadar suim mhór 'san ngnó an fhaid do
bhíodar ag obair air. Is fada nár tháinig a leithéid
de leabhairín amach i nÉirinn, má tháinig riamh. Tá
súil againn araon go gcuideoghaidh ár saothar le
cúis na Gaedhilge. Ta lochtaí ann, acht, do réir mar
bheam ag dul i dtaithighe ar an ngnó beidh feabhas ag
teacht orainn. An taithighe do dheineann máighistreacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services