Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceann an Stáca.
Title
Ceann an Stáca.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEANN AN STÁCA. Bhí an oidhche tar éis tuitim. Bhí Seaghán Ó hAirt agus Pádraig agus Máire tuir- seach tar éis an lae. Bhíodar ar scoil, agus, nuair tháinig siad abhaile, bhí mór-chuid oibre le déanamh aca. Acht anois bhí an gnó go léir i leath-taoibh, agus shuidh siad síos timcheall an bhuird. Ghlac siad a gcuid leabhar agus chrom siad ar a gceachta d'fhoghluim i gcóir an lae i mbáireach. Bhí gleó mór aca. Tar éis tamaill bhí siad ag éirghe tuir- seach de na ceachtaibh. Bhí na ceachta go léir nach mór de mheabhair aca. Do stad Seaghán. Chuir sé a leabhar ar an mbórd; agus thug se priocadh do Phádraig. "Cuir uait, a Sheagháinín, is ná bí dhom' phriocadh," arsa Pádraig. "Cia tá id' phriocadh?" arsa Seaghán. "Tusa," arsa Pádraig. "Seo bíodh "Ceann an Stáca" againn," arsa Seaghán. "Cuirid síos na leabhair. Tá sibh tuirseach dhíobh." Chuir an bheirt eile a leabhair uatha ar an mbord, agus thosnuigh siad ar an gcleas. Do leag Seaghán dorn dúnta ar an mbord. Chuir Pádraig dorn dúnta anuas air, agus chuir Máire dorn dúnta anuas ortha araon. Annsoin chuir Seaghán dorn eile anuas ortha go léir agus rinne Pádraig agus Máire an rud céadna. Bhí an stáca tógtha annsoin aca. Dubhradar go léir: "Cia hé sin i n-áirde? Ceann an stáca. Leag ar lár é, Go dtí maidin i mbáireach." B'é dorn Mháire do bhí ar bharr an stáca agus thóg sí dhe é. Dubhradar na focail arís agus thóg Pádraig a dhorn féin. Rinne siad an rud céadna tríd síos go dtí go raibh críoch ar na doirnibh go léir. Chuir Pádraig a dhorn féin ar an gclár annsoin. D'árduigh siad stáca air, agus d'imir siad an cleas céadna. Rinne siad an cleas arís agus arís eile. Bhí siad ag éirghe cliste go maith ann.
Tar éis tamaill bhí stáca tógtha aca agus ba dhorn le Máire do bhí ar a bhárr. "Cia hé sin i n-áirde? Ceann an stáca Leag ar lár é - " "agus Máire Ní Airt," arsa Seagháinín. Níor mhaith le Máire sin. B'é dorn Sheagháinín féin do bhí ar bharr an stáca anois. "Cia hé sin i n-áirde? Ceann an stáca Leag ar lár é - " "Agus Seagháinín Ó hAirt," arsa Máire agus faobhar ar a guth. Rinne siad an cleas céadna le Pádraig, acht is amhlaidh bhí seisean ag gáiridhe, mar bhí ciall aige. Ba chuma leis cad déaradh siad. Bhí a n-athair 'n-a shuidhe le hais na teineadh feadh na haimsire, agus cluas air ag éisteacht. Chonnaic sé nach ag foghluim a gceacht do bhí siad acht ag cleasaidheacht. "Seadh, a chlann ó," ar seisean, "b'éidir nár mhisde dhíbh cur suas de'n stáca, agus aire thabhairt d'bhur leabhair. Is gearr anois gur mithid díbh bheith ag dul a chodladh. Gheobhaidh sibh "táim-se im' chodladh" san scoil i mbáireach muna mbeidh bhur gceachta de mheabhair go maith agaibh." Chrom siad ar na ceachtaibh arís. TÓRNA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services