CEANN AN STÁCA.
Bhí an oidhche tar éis tuitim. Bhí Seaghán
Ó hAirt agus Pádraig agus Máire tuir-
seach tar éis an lae. Bhíodar ar scoil,
agus, nuair tháinig siad abhaile, bhí mór-chuid
oibre le déanamh aca. Acht anois bhí an
gnó go léir i leath-taoibh, agus shuidh siad síos
timcheall an bhuird. Ghlac siad a gcuid
leabhar agus chrom siad ar a gceachta
d'fhoghluim i gcóir an lae i mbáireach. Bhí
gleó mór aca.
Tar éis tamaill bhí siad ag éirghe tuir-
seach de na ceachtaibh. Bhí na ceachta go
léir nach mór de mheabhair aca.
Do stad Seaghán. Chuir sé a leabhar ar
an mbórd; agus thug se priocadh do Phádraig.
"Cuir uait, a Sheagháinín, is ná bí dhom'
phriocadh," arsa Pádraig.
"Cia tá id' phriocadh?" arsa Seaghán.
"Tusa," arsa Pádraig.
"Seo bíodh "Ceann an Stáca" againn,"
arsa Seaghán. "Cuirid síos na leabhair.
Tá sibh tuirseach dhíobh."
Chuir an bheirt eile a leabhair uatha ar
an mbord, agus thosnuigh siad ar an gcleas.
Do leag Seaghán dorn dúnta ar an mbord.
Chuir Pádraig dorn dúnta anuas air, agus
chuir Máire dorn dúnta anuas ortha araon.
Annsoin chuir Seaghán dorn eile anuas
ortha go léir agus rinne Pádraig agus Máire an
rud céadna. Bhí an stáca tógtha annsoin
aca. Dubhradar go léir:
"Cia hé sin i n-áirde?
Ceann an stáca.
Leag ar lár é,
Go dtí maidin i mbáireach."
B'é dorn Mháire do bhí ar bharr an stáca
agus thóg sí dhe é. Dubhradar na focail
arís agus thóg Pádraig a dhorn féin. Rinne
siad an rud céadna tríd síos go dtí go
raibh críoch ar na doirnibh go léir.
Chuir Pádraig a dhorn féin ar an gclár
annsoin. D'árduigh siad stáca air, agus
d'imir siad an cleas céadna. Rinne siad
an cleas arís agus arís eile. Bhí siad ag
éirghe cliste go maith ann.
Tar éis tamaill bhí stáca tógtha aca agus
ba dhorn le Máire do bhí ar a bhárr.
"Cia hé sin i n-áirde?
Ceann an stáca
Leag ar lár é - "
"agus Máire Ní Airt," arsa Seagháinín.
Níor mhaith le Máire sin. B'é dorn
Sheagháinín féin do bhí ar bharr an stáca
anois.
"Cia hé sin i n-áirde?
Ceann an stáca
Leag ar lár é - "
"Agus Seagháinín Ó hAirt," arsa Máire agus
faobhar ar a guth.
Rinne siad an cleas céadna le Pádraig,
acht is amhlaidh bhí seisean ag gáiridhe, mar
bhí ciall aige. Ba chuma leis cad déaradh
siad.
Bhí a n-athair 'n-a shuidhe le hais na
teineadh feadh na haimsire, agus cluas air
ag éisteacht. Chonnaic sé nach ag foghluim
a gceacht do bhí siad acht ag cleasaidheacht.
"Seadh, a chlann ó," ar seisean, "b'éidir
nár mhisde dhíbh cur suas de'n stáca, agus
aire thabhairt d'bhur leabhair. Is gearr
anois gur mithid díbh bheith ag dul a chodladh.
Gheobhaidh sibh "táim-se im' chodladh" san
scoil i mbáireach muna mbeidh bhur gceachta
de mheabhair go maith agaibh."
Chrom siad ar na ceachtaibh arís.
TÓRNA.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11