Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla.
Title
Scoil na Suadh - Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla.
Author(s)
Mac Suibhne, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÁISEANNA BH'LE ÁTH UBHLA. Tá scéal agam le hinnsint 's ná smaoinidh gur bréag é, Gur fada atáimíd síos aige síolrach na sméirleach; Prócadóirí Gallda go fann lag gan éifeacht, Gan chlú gan mheas, gan séan gan rath, gan biadh gan deoch gan éadach; Preabaidh 'nbhur seasamh agus árduighidh bhur n-intinn, Tá na deachmhaidhthe ar lár gan fagháil chasta choidhche ortha; Ruaigfimíd na hAráistigh is déanfaimíd a ndibirt; Beidh ministrí fé bhrón is a ndoirse aca dúnta; 'S badh bhinne leath an lá soin 'na Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla. Ar an nGort Ruadh do thuit ar gcomhursain le horduighthe láimhte; Beidh Ríoghacht geal na Glóire go deóidh 'ca mar árus; Beidh Dia mór na gcomhacht ann i gcóir go bhfuigheam sásamh, Go gcrochtar iad le córda nó go ndóightear 'n-a gcneádhnaibh; Má thighid na sméirligh saor abhaile ó'n gcúis seo Beidh fuil na bhfíréan 'dir an spéir is a súile; Beifear 'n-a gcóir fós mo bhrón-sa lá an chunntais, Beidh an d-l 's a ghárda dá n-árdach chum siubhail leis; 'S badh bhinne leat an lá soin 'na Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla. 'S an lá úd ar an gCnocán is eadh bí an báire aca ar saothar; Do chas an armáil is gan fagháil aca ar éan-rud; Bí lucht na mbolg muar i mbuaidhirt is i ngéibhinn, Is faid mo bhaise 'bhreill ar Ryder is ar Bhrazier; Bhí an Barrach ann go calma i ngradam is i scóip mhóir An Carrthach an fear Eagailseach is fearra i gClár Fódla; Do labhradar go tathacach gan eagla gan spleádhchas; Bhí míle hurá ins gach páirt de'n dúthaigh; 'S ba bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla. Féach thar n-ais ar Charraig Seac mara ndeárnathas an íospairt Gur scriosadar na Laighnigh na cinn de sna Pílears; Is iomdhó fear áluinn calma bhí fé ghlasaibh is i gcruadhtan Go dtáinig Domhnall thar mór-mhuir go módhmharach dá bhfuascailt; Bhí a n-aithreacha 's a máithreacha go cráidhte 's go buaidheartha Gan súil filleadh abhaile leó gan crochadh nó trans- porting; Níor bhain neachtar aca leó b'fhearr fhios aige ná Domhnall; Do scaoil gach éinne abhaile aca thar n-ais ar a fhóidín duthchais; 'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla. Le trí chéad bliadhain d'fhág Séamus bréan ár n- aigne go buaidheartha, Fé bhrón fé smacht, gan chóir gan cheart, acht allus le n-ár ngruadhnaibh; Ár nEaglais ag léigheamh Áifrinn le hanfaithe i ngleanntaibh 'S ar dtréadtha ag dul ar strae aca gach éan-mhaidin Domhnaigh; Anois tá eagla ar chách gur ar lár do bheidh a dteam- puill; Tá prapaí fé sna fallaí 'ca le hanfhaithe 's le scannradh; Beidh gach cloch is reacht aca caithte thar a chéile; Beidh ministrí ar lár is a gcnámhna briste brúighte; 'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla. Tabharfar chughainn Párlamint gan spleádhchas go hÉirinn; Beidh teinteacha cnámh ar gach árd agus maol-chnoc; Beigh Galla-phuic ar baill-chrith le heagla an lae úd; Coinnighidh an tsíothcháin' a dhearbhráithreacha, 's ní baoghal díbh; Déanaidh comhairle bhur nEaglaise go galánta deagh-iomchuir, Tá Domhnall go seasmhach 's a ghárda i bhfeidhil chúil díbh; Iomchuiridh sibh féin feasta go macánta 's go múinte, 'S tá bhur gceart le fagháil agaibh gan grán pléir' ná púdair; 'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla. Anois tá an téarma caithte 's do chuireamar gan éan-locht; Tá Dia go maith, tá a chabhair ag teacht i gcoirteacha an tSáirséalaigh; Tá an rí ceart so Domhnall ag tógaint ár bpáirte, Líontar chughainn an bheóir chum go n-ólfaimíd a shláinte. Ná bíodh éan-amhrus feasta oraibh a leabhar Phasto- rína; Tá tairngreacht Naomh Seagháin gach éan-lá ag teacht i gcrích chughainn; Tá feasta cead pléidhe againn i n-áitreabh ár sinsear; Tá aighneas an scéil feasta againn 'n-ár bhfóidín dílis duthcais; 'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla. PÁDRAIG MAC SUIBHNE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services