Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla.

Title
Scoil na Suadh - Ráiseanna Bh'le Áth' Ubhla.
Author(s)
Mac Suibhne, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 212


RÁISEANNA BH'LE ÁTH UBHLA.



Tá scéal agam le hinnsint 's ná smaoinidh gur
bréag é,
Gur fada atáimíd síos aige síolrach na sméirleach;
Prócadóirí Gallda go fann lag gan éifeacht,
Gan chlú gan mheas, gan séan gan rath, gan biadh gan
deoch gan éadach;
Preabaidh 'nbhur seasamh agus árduighidh bhur n-intinn,
Tá na deachmhaidhthe ar lár gan fagháil chasta choidhche
ortha;
Ruaigfimíd na hAráistigh is déanfaimíd a ndibirt;
Beidh ministrí fé bhrón is a ndoirse aca dúnta;
'S badh bhinne leath an lá soin 'na Ráiseanna Bh'le
Áth' Ubhla.



Ar an nGort Ruadh do thuit ar gcomhursain le
horduighthe láimhte;
Beidh Ríoghacht geal na Glóire go deóidh 'ca mar árus;
Beidh Dia mór na gcomhacht ann i gcóir go bhfuigheam
sásamh,
Go gcrochtar iad le córda nó go ndóightear 'n-a
gcneádhnaibh;
Má thighid na sméirligh saor abhaile ó'n gcúis seo
Beidh fuil na bhfíréan 'dir an spéir is a súile;
Beifear 'n-a gcóir fós mo bhrón-sa lá an chunntais,
Beidh an d-l 's a ghárda dá n-árdach chum siubhail
leis;
'S badh bhinne leat an lá soin 'na Ráiseanna Bh'le Áth'
Ubhla.



'S an lá úd ar an gCnocán is eadh bí an báire aca
ar saothar;
Do chas an armáil is gan fagháil aca ar éan-rud;
Bí lucht na mbolg muar i mbuaidhirt is i ngéibhinn,
Is faid mo bhaise 'bhreill ar Ryder is ar Bhrazier;
Bhí an Barrach ann go calma i ngradam is i scóip
mhóir
An Carrthach an fear Eagailseach is fearra i gClár
Fódla;
Do labhradar go tathacach gan eagla gan spleádhchas;
Bhí míle hurá ins gach páirt de'n dúthaigh;
'S ba bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le Áth'
Ubhla.



Féach thar n-ais ar Charraig Seac mara ndeárnathas
an íospairt
Gur scriosadar na Laighnigh na cinn de sna Pílears;
Is iomdhó fear áluinn calma bhí fé ghlasaibh is i
gcruadhtan
Go dtáinig Domhnall thar mór-mhuir go módhmharach
dá bhfuascailt;
Bhí a n-aithreacha 's a máithreacha go cráidhte 's go
buaidheartha
Gan súil filleadh abhaile leó gan crochadh nó trans-
porting;
Níor bhain neachtar aca leó b'fhearr fhios aige ná
Domhnall;
Do scaoil gach éinne abhaile aca thar n-ais ar a
fhóidín duthchais;
'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le
Áth' Ubhla.



Le trí chéad bliadhain d'fhág Séamus bréan ár n-
aigne go buaidheartha,
Fé bhrón fé smacht, gan chóir gan cheart, acht allus le
n-ár ngruadhnaibh;
Ár nEaglais ag léigheamh Áifrinn le hanfaithe i
ngleanntaibh
'S ar dtréadtha ag dul ar strae aca gach éan-mhaidin
Domhnaigh;
Anois tá eagla ar chách gur ar lár do bheidh a dteam-
puill;
Tá prapaí fé sna fallaí 'ca le hanfhaithe 's le
scannradh;
Beidh gach cloch is reacht aca caithte thar a chéile;
Beidh ministrí ar lár is a gcnámhna briste brúighte;
'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le
Áth' Ubhla.



Tabharfar chughainn Párlamint gan spleádhchas go
hÉirinn;
Beidh teinteacha cnámh ar gach árd agus maol-chnoc;
Beigh Galla-phuic ar baill-chrith le heagla an lae úd;
Coinnighidh an tsíothcháin' a dhearbhráithreacha, 's ní
baoghal díbh;
Déanaidh comhairle bhur nEaglaise go galánta
deagh-iomchuir,
Tá Domhnall go seasmhach 's a ghárda i bhfeidhil chúil
díbh;
Iomchuiridh sibh féin feasta go macánta 's go múinte,
'S tá bhur gceart le fagháil agaibh gan grán pléir' ná
púdair;
'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le
Áth' Ubhla.



Anois tá an téarma caithte 's do chuireamar gan
éan-locht;
Tá Dia go maith, tá a chabhair ag teacht i gcoirteacha
an tSáirséalaigh;
Tá an rí ceart so Domhnall ag tógaint ár bpáirte,
Líontar chughainn an bheóir chum go n-ólfaimíd a
shláinte.
Ná bíodh éan-amhrus feasta oraibh a leabhar Phasto-
rína;
Tá tairngreacht Naomh Seagháin gach éan-lá ag teacht
i gcrích chughainn;
Tá feasta cead pléidhe againn i n-áitreabh ár sinsear;
Tá aighneas an scéil feasta againn 'n-ár bhfóidín
dílis duthcais;
'S badh bhinne leat an lá soin 'ná Ráiseanna Bh'le
Áth' Ubhla.



PÁDRAIG MAC SUIBHNE.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services