Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn Féin Guidhmíd Nodlaig shéin, Nodlaig áthais, Nodlaig gháire, Nodlaig ghrinn do gach uile léightheóir d'IRIS- LEABHAR na GAEDHILGE; rath agus sonas ortha i gcaitheamh na bliadhna so chughainn; agus "go mairidh ár nGaedhilg slán." Sid é an uimhir dheiridh d'Imleabhar a trí déag de'n IRISLEABHAR. Tosnóghaimíd an mhí seo chughainn ar Imleabhar a ceathair déag. Bhí ceaptha againn na buill nuadha go léir do thabhairt isteach ins an uimhir seo, acht fóríor, ní'l leath ár ndóthain slighe againn. Dubhramar cheana ná déanfaimís dearmhad ar sholáthar do'n aos óg. Tá sóluistí gá n-ullmhughadh againn dóibh; acht bíodh foidhne aca. Taimíd ag socrughadh i gcóir na ndaoine atá ag foghluim na Gaedhilge, agus i gcóir múinteóirí na Gaedhilge mar an gcéadna. Thaithn go breagh linn mar d'éirigh le n-ár n-iom- aidheacht i gcóir na huimhreach so. Bhí na páipéir go léir go han-mhaith, acht bhí ocht gcinn, nó mar sin, díobh ann agus chuireadar iongnadh orainn, bhíodar chomh maith soin. Go deimhin ba dheacair a dhéanamh amach cia aca is fearr do thuill an duais. Aontóghaidh gach éinne linn gur maith an ealadha "Foslongphort Dhúna Bhuidhe" do scríobh Seaghán Ó Muimhneacháin. Go deimhin ní fuirist ealadha stardha do scríobhadh, agus molaimíd Seaghán mar gheall ar an scóip agus an fuinneamh do chuir sé san aiste seo. Ní baoghal ná go gcloisfear arís uaidh. Deirtear linn gur duine de "Sochaid na Saoi" i gCorcaigh Seaghán. Ní hiongnadh an draoidheacht aige. Ba mhaith linn a chur i n-umhail dár gcáirdibh go mbeidh iomaidheacht ann gach éin-mhí feasta. Bhí triúr nó ceathrar déidheannach i gcóir na hiomaidheachta an mhí seo, acht táid luath a ndóthain i gcóir an chéad iomaidheacht eile. Táimíd dá gcoimeád siar. 'Ar an gcúigmhadh lá déag de gach mí feasta is eadh déanfaimíd an scrúdughadh ar na haistíb do thioch- faidh chughainn. Ná bídhidh déidheannach, a cháirde. Ba lag an mhaise dhúinn gan ár dTarraictheóirí do mholadh. Is é Art Ó Mornacháin as Craoibh Dhrom Chonnartha do tharraing an pictiúir ar an dtaobh amuigh de'n Chlúdach, agus Mac Uí Dhíomasaigh ó Bhéal Feirsde an pictiúir ar an gcéad leathannach. Thug Sheóirse Ó Fágáin as Craoibh Mochta an-chongnamh dhúinn; go deimhin badh cheart eisean do mholadh go háirithe. 'N-a ndiaidh soin go léir, tá an Clann- diolúnach agus "Mac Bréagóra" ag cuidiughadh linn. Gaedhilgeóirí iad soin uile. Táimíd ag teacht chum cinn. Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainistighe go dtí an Stiúrthóir, Oifig An Chonnartha, 24 Shr. Uachtarach Uí Chonaill, Átha Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services