Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 200


Sinn Féin



Guidhmíd Nodlaig shéin, Nodlaig áthais, Nodlaig
gháire, Nodlaig ghrinn do gach uile léightheóir d'IRIS-
LEABHAR na GAEDHILGE; rath agus sonas ortha i
gcaitheamh na bliadhna so chughainn; agus "go mairidh
ár nGaedhilg slán."



Sid é an uimhir dheiridh d'Imleabhar a trí déag de'n
IRISLEABHAR. Tosnóghaimíd an mhí seo chughainn ar
Imleabhar a ceathair déag. Bhí ceaptha againn na
buill nuadha go léir do thabhairt isteach ins an uimhir
seo, acht fóríor, ní'l leath ár ndóthain slighe againn.



Dubhramar cheana ná déanfaimís dearmhad ar
sholáthar do'n aos óg. Tá sóluistí gá n-ullmhughadh
againn dóibh; acht bíodh foidhne aca. Taimíd ag
socrughadh i gcóir na ndaoine atá ag foghluim na
Gaedhilge, agus i gcóir múinteóirí na Gaedhilge mar
an gcéadna.



Thaithn go breagh linn mar d'éirigh le n-ár n-iom-
aidheacht i gcóir na huimhreach so. Bhí na páipéir go
léir go han-mhaith, acht bhí ocht gcinn, nó mar sin,
díobh ann agus chuireadar iongnadh orainn, bhíodar chomh
maith soin. Go deimhin ba dheacair a dhéanamh amach
cia aca is fearr do thuill an duais.



Aontóghaidh gach éinne linn gur maith an ealadha
"Foslongphort Dhúna Bhuidhe" do scríobh Seaghán Ó
Muimhneacháin. Go deimhin ní fuirist ealadha stardha
do scríobhadh, agus molaimíd Seaghán mar gheall ar an
scóip agus an fuinneamh do chuir sé san aiste seo. Ní
baoghal ná go gcloisfear arís uaidh. Deirtear linn
gur duine de "Sochaid na Saoi" i gCorcaigh Seaghán.
Ní hiongnadh an draoidheacht aige.



Ba mhaith linn a chur i n-umhail dár gcáirdibh go
mbeidh iomaidheacht ann gach éin-mhí feasta. Bhí triúr
nó ceathrar déidheannach i gcóir na hiomaidheachta an
mhí seo, acht táid luath a ndóthain i gcóir an chéad
iomaidheacht eile. Táimíd dá gcoimeád siar. 'Ar
an gcúigmhadh lá déag de gach mí feasta is eadh
déanfaimíd an scrúdughadh ar na haistíb do thioch-
faidh chughainn. Ná bídhidh déidheannach, a cháirde.



Ba lag an mhaise dhúinn gan ár dTarraictheóirí do
mholadh. Is é Art Ó Mornacháin as Craoibh Dhrom
Chonnartha do tharraing an pictiúir ar an dtaobh
amuigh de'n Chlúdach, agus Mac Uí Dhíomasaigh ó Bhéal
Feirsde an pictiúir ar an gcéad leathannach. Thug
Sheóirse Ó Fágáin as Craoibh Mochta an-chongnamh
dhúinn; go deimhin badh cheart eisean do mholadh go
háirithe. 'N-a ndiaidh soin go léir, tá an Clann-
diolúnach agus "Mac Bréagóra" ag cuidiughadh linn.
Gaedhilgeóirí iad soin uile. Táimíd ag teacht
chum cinn.



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainistighe
go dtí an Stiúrthóir, Oifig An Chonnartha, 24 Shr.
Uachtarach Uí Chonaill, Átha Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services