Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Seóladh na nGamhan Faoi'n bhFásach.
Title
Ag Seóladh na nGamhan Faoi'n bhFásach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Laoghaire, Pádraig
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AG SEÓLADH NA nGAMHAN FAOI'N BHFÁSACH. I. Ar lorg na ngamhan 'seadh chuireas mo leanbh: Ceann ní bhfuair go lá 'ca; Do bhí Cormac roímpi ag poínte an gleanna Agus Peadar na Péice láimh léi, - Dís atá riamh i ndiaidh na mbruinneall As srian níl chur go brách leó, Acht má [tá] dlighe le fághail ann san áit- seo 'bhfuilim Gheóbhad-sa díol as Cáitín. II. Tá oileánín cubhartha i lúib na coille, ('Gus ragham araon go lá ann) Mar a mbíonn ceól na n-éan ag síor-dhul a chodladh Is gheóbham na gamhna i mbárach. Gheóbham cead saor ó mhaor na coille Féar a thabhairt go lá dhóibh, Is le fáinne an lae beam araon 'nár seasamh Ag seóladh na ngamhan faoi'n bhfásach. III. "Mo mhallacht-sa go léir do mhaor na coille 'S gach stiobhart chuir chum fáin mé, D'fág m'athair bocht féin gan chéill 'gan mbaile Is cionnus a raghad d'á láthair?" "A chogair dhil mo chléibh, ná bíodh ort mairg Is deas é dhein do mháithrín; Is má's ag siubhal dúinn araon ó chéile ar maidin, Seo póg as barra mo lámh dhuit." IV. Táim-se teinn, mo leigheas ní bhfachtar, Fóraoir daingean cráidhte! Táid mo ghéaga go léir gan tapadh - Céad moladh le Muire gheal Mháthair. Dhá mbeidhinn-se ar na sléibhtibh no taobh an ghleanna Mar a mbíonn sonn ag bádaibh, An liugh breágh séimh, an glaodh o'n marcach Is guth na ngadhar ar árdaibh. V. 'Sa ngleann úd thall do chómhnuidheas sealad - Gleann fial fairsing fáilteach Mar a mbíonn an breac breágh lúthmhar, buigiún slaite, An fúnsa, is feac na rámhainne, Cailínidhe óga, gleoite, deasa, Ciuin, tais, banamhail, nárach, A sláinte dhá ól ar bórd ag fearaibh Is cé nách dtiúbhradh grádh dhóibh? VI. "Is buachaill óg me a nduaidh ó Mhalla (Maghealla), Figheadóir socair sásta Do chaithfeadh an spól go ceól ar anairt, D'fhighfeadh sac no mála; Do dhéanfainn rómhar mar gach fear Lá breagh earraigh Márta; Thiomáinfinn céacht i ndiaidh sé gcapall Threabhfadh cnuic is bánta."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services