Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Seóladh na nGamhan Faoi'n bhFásach.

Title
Ag Seóladh na nGamhan Faoi'n bhFásach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Laoghaire, Pádraig
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 77


AG SEÓLADH NA nGAMHAN FAOI'N
BHFÁSACH.



I.



Ar lorg na ngamhan 'seadh chuireas mo leanbh:
Ceann ní bhfuair go lá 'ca;
Do bhí Cormac roímpi ag poínte an gleanna
Agus Peadar na Péice láimh léi, -
Dís atá riamh i ndiaidh na mbruinneall
As srian níl chur go brách leó,
Acht má [tá] dlighe le fághail ann san áit-
seo 'bhfuilim
Gheóbhad-sa díol as Cáitín.



II.



Tá oileánín cubhartha i lúib na coille,
('Gus ragham araon go lá ann)
Mar a mbíonn ceól na n-éan ag síor-dhul
a chodladh
Is gheóbham na gamhna i mbárach.
Gheóbham cead saor ó mhaor na coille
Féar a thabhairt go lá dhóibh,
Is le fáinne an lae beam araon 'nár
seasamh
Ag seóladh na ngamhan faoi'n bhfásach.



III.



"Mo mhallacht-sa go léir do mhaor na coille
'S gach stiobhart chuir chum fáin mé,
D'fág m'athair bocht féin gan chéill 'gan
mbaile
Is cionnus a raghad d'á láthair?"
"A chogair dhil mo chléibh, ná bíodh ort mairg
Is deas é dhein do mháithrín;
Is má's ag siubhal dúinn araon ó chéile ar
maidin,
Seo póg as barra mo lámh dhuit."



IV.



Táim-se teinn, mo leigheas ní bhfachtar,
Fóraoir daingean cráidhte!
Táid mo ghéaga go léir gan tapadh -
Céad moladh le Muire gheal Mháthair.
Dhá mbeidhinn-se ar na sléibhtibh no taobh an
ghleanna
Mar a mbíonn sonn ag bádaibh,
An liugh breágh séimh, an glaodh o'n marcach
Is guth na ngadhar ar árdaibh.



V.



'Sa ngleann úd thall do chómhnuidheas
sealad -
Gleann fial fairsing fáilteach
Mar a mbíonn an breac breágh lúthmhar,
buigiún slaite,
An fúnsa, is feac na rámhainne,
Cailínidhe óga, gleoite, deasa,
Ciuin, tais, banamhail, nárach,
A sláinte dhá ól ar bórd ag fearaibh
Is cé nách dtiúbhradh grádh dhóibh?



VI.



"Is buachaill óg me a nduaidh ó Mhalla
(Maghealla),
Figheadóir socair sásta
Do chaithfeadh an spól go ceól ar anairt,
D'fhighfeadh sac no mála;
Do dhéanfainn rómhar mar gach fear
Lá breagh earraigh Márta;
Thiomáinfinn céacht i ndiaidh sé gcapall
Threabhfadh cnuic is bánta."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services