Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Foslongphort Dhúna Bhuidhe (Duais).
Title
Foslongphort Dhúna Bhuidhe (Duais).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FOSLONGPHORT DHÚNA BHUIDHE. I mí an Aibreáin i mbliadhain 1602 do ghluais Ridire Cairiú, Uachtarán na Mumhan, ó Chorcaigh chum Dún Buidhe do ghabháil. Chúig míle fear líon a shluaigh. Bhí furfhuath ag an méirleach so do mhuinntir na hÉireann toisc a dhearbhráthair do mharbhadh i gcath Ghleanna Mhaoiliughra. Ins an am soin dob' é an prionnsa oir-
dhearc Domhnall a Súilleabháin Bhéara taoiseach Connartha na gCaitliceach, agus do cheap sé féin agus a lucht leanamhna a ngaisce d'imirt go bás ag cosnamh a dtíre, a muinntire, agus a gcreidimh. Do thogh Domhnall Ó Súlleabháin Rist- eard Mac Eochagáin mar cheann-uraidh ar dhíonlongphórt an chaisleáin. Is é ar fhéad sé a thabhairt dó céad agus fiche fear, acht ba laochraidhe calma iad, agus chuireadar i n-umhail do sna Gallaibh é. Bhí congnamh geallta ó'n Spáinn dóibh, agus do mhéaduigh sin a ndóthchas. Do shrois Cairiú agus a shluaighte Cuan Bheanntraighe an lá dhéidh- eannach d'Aibreán, agus do ghabhadar long- phort i machaire an Ghuirtín Ruaidh, ag feith- eamh le cabhlaigh ó Shasana. San Márta roimhe sin do cuireadh dhá mhíle go leith coisidhe agus marcach, fé Iarla Thuadh-Mhumhan, chum duthaighe Bhéara, Chairbre, agus Bheann- traighe a loscadh agus a léirscrios. Do ruaig Domhnall Ó Súilleabháin ó Oileán Faoide na fealltóirí seo, agus níor leig sé dhóibh dul ag triall ar shluagh Chairiú. 'San ruagairt dóibh do marbhadh mórán aca. Do tháinig an cabhlach Sasanach i dtír an t-aonmhadh lá déag de mhí na Bealtaine, agus comhthrom bídh, dighe, agus lóin chogaidh aca. Do chuir a dteacht so misneach mór ar an námhaid, mar bhí an gábhtar ag breith ortha. Do tháinig buidhean Bhuilmot ó Chiarriadhe an lá céadna leis. Bhí comhairle chogaidh ag Cairiú agus ag a oifigeachaibh an ceathramhadh lá déag. B'í comhairle ar ar chinneadar na diormaí a bhreith go dtí an t-oileán mór ar dtúis, agus as soin go Béara. Annsoin do thugadar a n-aghaidh siar ar Pharóisde Muinntir Mháire, feadh na fairrge. Do chuaidh Captaoin Bhuilmot agus a shaighdiúirí i dtír san oileán mór an chéad lá de Mheitheamh agus seal geárr 'n-a dhiaidh soin do lean diormaí Phíorsa agus an t-Uach- tarán, agus an t-órdonas iad. Bhí beagán de shaighdiúiríbh Gaedhealacha ag cosaint chais- leáin Dúna Mhághnuis agus do cheap na Sasannaigh go mb'fhearr dhóibh iad a ruagairt sul a dtiubhraidís aghaidh ar Dhún Bhuidhe. B'é an fealltóir cealgach Eoghan Ó Súil- leabháin do toghadh mar cheannphort ar an sluagh bhí chum an chaisleáin do ghabháil, agus tar éis ceathrar de'n díonlongphort do mharbhadh, níor fhág an cladhaire sin agus a dhearbhráthair pioc san chaisleán gan sciobadh leó. Ní raibh cosantóirí an oileáin líonmhar a ndóithin chum na trágha mór dtimcheall do chosaint agus dá dheascaibh sin d'fhanadar i gclaiseachaibh sa phuinte 'n-ar shamhluigheadar go dtiubhrfadh na heachtrainn fé theacht i dtír. Do tháinig diormaí an Uachtaráin i dtír ar aghaidh na háite go raibh na hÉir- eannaigh, agus san am chéadna do ghabh diormaí Píorsa agus Bhuilmot port 'san taobh ba shia ó bhaile de'n oileán. Chomh luath agus fuair muinntir an chaisleáin amach an dearmhad do bhí déanta aca, d'fhágadar na clais- eacha agus thugadar aghaidh ar an námhaid. Do throideadar go cródha calma ar feadh tamaill mhóir, acht bhí sluagh ró-líonmhar 'n-a gcoinnibh agus na gunnaí móra ag déan- amh léirscrios ortha. Do marbhuighead ochtar is fiche díobh, agus do goineadh Captaoin Triall, agus roinnt eile. Ins an am soin do tháinig long ó'n Spáinn féachaint an raibh Caisleán Dúna Bhuidhe fós i seilbh na gCaitliceach, agus i measc na dtaistealach bhí san luing, bhí sagart dár bh'ainm Séamus Helánus, agus Eoghan Mac Aodhagáin, sagart bhí toghtha ag an bPápa chum bheith 'n-a Easpog i Ros, agus 'n-a Bhiocáir Aspoldha ar Éirinn. Do thug an tAthair Séamus Helánus leis
beagán lóin chogaidh chuca, agus dhá mhíle dhéag púnt chum é roinnt ar na flathaibh bhí ag troid i gcoinnibh na nAllmhurach. Do cuireadh chuca é ó chúirt na Spáinne chum a dheimhniughadh dhóibh go raibh cabhair ag teacht gan mhoill fé n-a ndéin, agus go raibh dhá mhíle dhéag fear cruinnighthe i gCorunna dhá n-ollamhughadh féin chum teacht. Do mhisnigh an gheallamhaint sin na Caitlicigh agus bhíodar go léir d'éan- bhuidhin chum a n-oighreacht do chosaint ar na Gallaibh, agus chuireadar Brian Ó Ceallaigh agus Donnchadh Mac Mathghamhna Uí Bhriain ag triall ar Rígh na Spáinne chum innsint dó ná staonfaidís san gcomhrac. Bhí a fhios ag Cairiú go mbeadh an lá leis da mbeadh Caisleán Dún Bhuidhe ar lár aige, mar ní raibh éan-daingean eile i gCúige Mumhan ag na Caitliceachaibh acht é. B'é an t-armchiste bhí aca é, agus is as bhíodh cóimhfhreagairt aca leis na Spáinnigh. Do ghabh sé longphort i ngoireacht míle do'n Chaisleán, agus do ghluais sé féin agus Bhuilmot ag cuardach áite 'n-a suidhfidís na gunnaí móra, acht do ruagair muinntir an Chais- leáin thar n-ais go deithneasach iad. Fé dheireadh, do dhein na Sasannaigh clais i ngoireacht dá chéad slat do'n Caisleán agus chuireadar seacht gcinn de ghunnaíbh móra 'n-a suidhe ann. Do cuireadh cosc leó go minic an fhaid do bhí an obair ar siubhal aca mar bhí muinntir an Chaisleáin ag stealladh piléar leó. Do thug Cairiú a ordughadh d' Eoghan Ó Súilleabháin agus do thrí fichid shaighdiúir, daingean beag do bhí i nOileán Dorchaighe d'ionnsaidhe. Ní só- fhada bhíodar ag comhrac nuair fuair na hamhais an ceann smách ar an mbuidhin bhig do bhí ag cosaint an daingin, agus níor fhágadar fear, bean, ná páiste, gan marbh- ughadh an mhadraidh do thabhairt ortha. Do sháitheadar na leanbhaí leis na claidhmhtibh agus do cheangladar cosa agus lámha choda eile aca, agus do chaitheadar de bharraíbh faillteach síos sa bhfairrge iad. Bhí lucht na ngunnaí mór ag stealladh leis an gcaisleán chum gur thuit plannc as. Do cheap Cairiú go raibh beárna déanta aca, agus d'orduigh sé do na fearaibh é amusughadh. Tar éis mórán do mharbhadh ar gach taobh do briseadh an cath ar na Gallaibh. Do thugadar ath- iarracht fé agus bhíodar ag stealladh leis chum gur thuit an áirse agus an mhuinntir bí timcheall uirthi i n-éan-chlaidhe amháin. Annsoin do phreab na Sasannaigh fé dhéin na beárnan acht do ruagadh arís iad agus do marbhuigheadh mórán ortha. Thugadar an tríomhadh hamus ar bhalla an chaisleáin,
acht sin a raibh dá bharr aca. B'éigin dóibh teicheadh go mear arís. Fé'n am soin bhí díonlongphort an chais- leáin laguighthe go seóidh tar éis trí chatha fíochmhara bheith aca le chúig mhíle saighdiúir go raibh órdonas comhachtach aca. Do thoigh Cairiú na fir dob' fhearr bhí 'n-a shluagh agus do thug sé ordughadh dóibh an ceath- ramhadh hamus do thabhairt ar an gcaisleán. Do leanadar ag stealladh leis na gunnaíbh móra ó n-a cúig go dtí a naoi a chlog ar maidin, agus do leagadar túr ina raibh gunna mór bhí ag déanamh léirscrios ortha. Níor staon na Sasannaigh chum gur dhein- eadar beárna ann um thráthnóna. Dá liónmhaireacht é sluagh na Sasannach do choinnibh na Caitlicigh ag comhrac leó sa bheárnain ar feadh i bhfad, acht fé dheireadh do chuir Mac Eochagáin teachtaire chum Cairiú ag tairgsint socruighthe dhó. B'é freagradh fuair an teachtaire é chrochadh. Ins an am soin ba chuma leis na Cait- liceachaibh anam ionnta nó asta, agus do comhraiceadar go fíochmhar ins gach ball de'n chaisleán go tuitim na hoidhche. Do goineadh an ceann-uraidh cródha Mac Eochagáin agus mórán nach é sa bhruighin. Ní raibh an caisleán fós i seilbh na Sasannach, agus d'ionnsaidheadar arís lá ar n-a bháireach é. Dhubhradar leis na Caitlic- eachaibh ná raibh éan-aigne ortha a thuilleadh fola da dhortadh, agus d'iarradar ortha géilleadh agus go dtabharfaidhe a n-anam saor dóibh. Cé go raibh Mac Eochagáin i gcosaibh cró ní thabharfadh sé cluas do gheallamhaint na Sasannach. Thug sé iarracht ar theine do chur i mbarraile phúdair bhí len' ais chum é féin agus a námhaid a shéideadh san spéir, níos túisce 'ná ghéillfeadh sé. Bhí a fhios aige nár bh'ionntaoibh connradh do dhéanamh leis na fealltóiríbh, agus b'fearr leis bás d'fhagháil ag troid 'ná bheith fé n-a smacht. Do chosc Captaoin Paor é, ar theine do thabhairt do'n phudar, agus do dhein na madraidhe fola píosaí dhe le claidhmhtibh. Níor fhág na hAllmhuraigh oiread agus éin- fhear amháin de na laochaibh cródha gan cur chum bais, agus do leagadar go talamh an caisleán. Do sheasaimh foslongphort Dhúna Bhuidhe ar feadh chúig lá dhéag, agus do treascradh sé chéad de'n arm Ghallda ar feadh na haim- sire sin. Is é a raibh ag troid 'n-a gcoinnibh céad agus triúr is dá fhichid de'n arm Gaedhealach. Bhí an sluagh Spáinnach ullamh ar theacht nuair bhfuaradar scéala go raibh an ceann smách fachta ar mhuinntir Dhúna Bhuidhe. SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services