Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Foslongphort Dhúna Bhuidhe (Duais).

Title
Foslongphort Dhúna Bhuidhe (Duais).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FOSLONGPHORT DHÚNA BHUIDHE.



I mí an Aibreáin i mbliadhain 1602 do
ghluais Ridire Cairiú, Uachtarán na
Mumhan, ó Chorcaigh chum Dún Buidhe do
ghabháil. Chúig míle fear líon a shluaigh. Bhí
furfhuath ag an méirleach so do mhuinntir
na hÉireann toisc a dhearbhráthair do
mharbhadh i gcath Ghleanna Mhaoiliughra.
Ins an am soin dob' é an prionnsa oir-


L. 193


dhearc Domhnall a Súilleabháin Bhéara
taoiseach Connartha na gCaitliceach, agus
do cheap sé féin agus a lucht leanamhna a
ngaisce d'imirt go bás ag cosnamh a
dtíre, a muinntire, agus a gcreidimh.



Do thogh Domhnall Ó Súlleabháin Rist-
eard Mac Eochagáin mar cheann-uraidh ar
dhíonlongphórt an chaisleáin. Is é ar fhéad
sé a thabhairt dó céad agus fiche fear, acht
ba laochraidhe calma iad, agus chuireadar i
n-umhail do sna Gallaibh é. Bhí congnamh
geallta ó'n Spáinn dóibh, agus do mhéaduigh
sin a ndóthchas. Do shrois Cairiú agus a
shluaighte Cuan Bheanntraighe an lá dhéidh-
eannach d'Aibreán, agus do ghabhadar long-
phort i machaire an Ghuirtín Ruaidh, ag feith-
eamh le cabhlaigh ó Shasana. San Márta
roimhe sin do cuireadh dhá mhíle go leith
coisidhe agus marcach, fé Iarla Thuadh-Mhumhan,
chum duthaighe Bhéara, Chairbre, agus Bheann-
traighe a loscadh agus a léirscrios. Do ruaig
Domhnall Ó Súilleabháin ó Oileán Faoide
na fealltóirí seo, agus níor leig sé dhóibh dul
ag triall ar shluagh Chairiú. 'San ruagairt
dóibh do marbhadh mórán aca. Do tháinig
an cabhlach Sasanach i dtír an t-aonmhadh lá
déag de mhí na Bealtaine, agus comhthrom bídh,
dighe, agus lóin chogaidh aca. Do chuir a
dteacht so misneach mór ar an námhaid,
mar bhí an gábhtar ag breith ortha. Do
tháinig buidhean Bhuilmot ó Chiarriadhe an
lá céadna leis.



Bhí comhairle chogaidh ag Cairiú agus ag a
oifigeachaibh an ceathramhadh lá déag. B'í
comhairle ar ar chinneadar na diormaí a
bhreith go dtí an t-oileán mór ar dtúis, agus
as soin go Béara.



Annsoin do thugadar a n-aghaidh siar ar
Pharóisde Muinntir Mháire, feadh na
fairrge. Do chuaidh Captaoin Bhuilmot agus
a shaighdiúirí i dtír san oileán mór an chéad
lá de Mheitheamh agus seal geárr 'n-a dhiaidh
soin do lean diormaí Phíorsa agus an t-Uach-
tarán, agus an t-órdonas iad. Bhí beagán de
shaighdiúiríbh Gaedhealacha ag cosaint chais-
leáin Dúna Mhághnuis agus do cheap na
Sasannaigh go mb'fhearr dhóibh iad a ruagairt
sul a dtiubhraidís aghaidh ar Dhún Bhuidhe.
B'é an fealltóir cealgach Eoghan Ó Súil-
leabháin do toghadh mar cheannphort ar an
sluagh bhí chum an chaisleáin do ghabháil, agus
tar éis ceathrar de'n díonlongphort do
mharbhadh, níor fhág an cladhaire sin agus a
dhearbhráthair pioc san chaisleán gan sciobadh
leó. Ní raibh cosantóirí an oileáin líonmhar
a ndóithin chum na trágha mór dtimcheall do
chosaint agus dá dheascaibh sin d'fhanadar i
gclaiseachaibh sa phuinte 'n-ar shamhluigheadar
go dtiubhrfadh na heachtrainn fé theacht i
dtír. Do tháinig diormaí an Uachtaráin i
dtír ar aghaidh na háite go raibh na hÉir-
eannaigh, agus san am chéadna do ghabh diormaí
Píorsa agus Bhuilmot port 'san taobh ba shia
ó bhaile de'n oileán. Chomh luath agus fuair
muinntir an chaisleáin amach an dearmhad
do bhí déanta aca, d'fhágadar na clais-
eacha agus thugadar aghaidh ar an námhaid. Do
throideadar go cródha calma ar feadh
tamaill mhóir, acht bhí sluagh ró-líonmhar
'n-a gcoinnibh agus na gunnaí móra ag déan-
amh léirscrios ortha.



Do marbhuighead ochtar is fiche díobh, agus
do goineadh Captaoin Triall, agus roinnt
eile. Ins an am soin do tháinig long ó'n
Spáinn féachaint an raibh Caisleán Dúna
Bhuidhe fós i seilbh na gCaitliceach, agus i measc
na dtaistealach bhí san luing, bhí sagart
dár bh'ainm Séamus Helánus, agus Eoghan
Mac Aodhagáin, sagart bhí toghtha ag an
bPápa chum bheith 'n-a Easpog i Ros, agus
'n-a Bhiocáir Aspoldha ar Éirinn.



Do thug an tAthair Séamus Helánus leis


L. 194


beagán lóin chogaidh chuca, agus dhá mhíle dhéag
púnt chum é roinnt ar na flathaibh bhí ag
troid i gcoinnibh na nAllmhurach. Do
cuireadh chuca é ó chúirt na Spáinne chum
a dheimhniughadh dhóibh go raibh cabhair ag
teacht gan mhoill fé n-a ndéin, agus go
raibh dhá mhíle dhéag fear cruinnighthe i
gCorunna dhá n-ollamhughadh féin chum
teacht. Do mhisnigh an gheallamhaint sin
na Caitlicigh agus bhíodar go léir d'éan-
bhuidhin chum a n-oighreacht do chosaint ar
na Gallaibh, agus chuireadar Brian Ó Ceallaigh
agus Donnchadh Mac Mathghamhna Uí Bhriain ag
triall ar Rígh na Spáinne chum innsint dó
ná staonfaidís san gcomhrac. Bhí a fhios
ag Cairiú go mbeadh an lá leis da mbeadh
Caisleán Dún Bhuidhe ar lár aige, mar ní
raibh éan-daingean eile i gCúige Mumhan
ag na Caitliceachaibh acht é. B'é an
t-armchiste bhí aca é, agus is as bhíodh
cóimhfhreagairt aca leis na Spáinnigh. Do
ghabh sé longphort i ngoireacht míle do'n
Chaisleán, agus do ghluais sé féin agus Bhuilmot
ag cuardach áite 'n-a suidhfidís na gunnaí
móra, acht do ruagair muinntir an Chais-
leáin thar n-ais go deithneasach iad.



Fé dheireadh, do dhein na Sasannaigh clais
i ngoireacht dá chéad slat do'n Caisleán
agus chuireadar seacht gcinn de ghunnaíbh móra
'n-a suidhe ann. Do cuireadh cosc leó go
minic an fhaid do bhí an obair ar siubhal
aca mar bhí muinntir an Chaisleáin ag
stealladh piléar leó. Do thug Cairiú a
ordughadh d' Eoghan Ó Súilleabháin agus do
thrí fichid shaighdiúir, daingean beag do bhí
i nOileán Dorchaighe d'ionnsaidhe. Ní só-
fhada bhíodar ag comhrac nuair fuair na
hamhais an ceann smách ar an mbuidhin bhig
do bhí ag cosaint an daingin, agus níor
fhágadar fear, bean, ná páiste, gan marbh-
ughadh an mhadraidh do thabhairt ortha. Do
sháitheadar na leanbhaí leis na claidhmhtibh
agus do cheangladar cosa agus lámha choda eile
aca, agus do chaitheadar de bharraíbh faillteach
síos sa bhfairrge iad. Bhí lucht na ngunnaí
mór ag stealladh leis an gcaisleán chum
gur thuit plannc as. Do cheap Cairiú go
raibh beárna déanta aca, agus d'orduigh sé do
na fearaibh é amusughadh. Tar éis mórán
do mharbhadh ar gach taobh do briseadh an
cath ar na Gallaibh. Do thugadar ath-
iarracht fé agus bhíodar ag stealladh leis chum
gur thuit an áirse agus an mhuinntir bí
timcheall uirthi i n-éan-chlaidhe amháin.
Annsoin do phreab na Sasannaigh fé dhéin
na beárnan acht do ruagadh arís iad agus
do marbhuigheadh mórán ortha. Thugadar
an tríomhadh hamus ar bhalla an chaisleáin,


L. 195


acht sin a raibh dá bharr aca. B'éigin dóibh
teicheadh go mear arís.



Fé'n am soin bhí díonlongphort an chais-
leáin laguighthe go seóidh tar éis trí
chatha fíochmhara bheith aca le chúig mhíle
saighdiúir go raibh órdonas comhachtach aca.
Do thoigh Cairiú na fir dob' fhearr bhí 'n-a
shluagh agus do thug sé ordughadh dóibh an ceath-
ramhadh hamus do thabhairt ar an gcaisleán.
Do leanadar ag stealladh leis na gunnaíbh
móra ó n-a cúig go dtí a naoi a chlog ar
maidin, agus do leagadar túr ina raibh
gunna mór bhí ag déanamh léirscrios ortha.
Níor staon na Sasannaigh chum gur dhein-
eadar beárna ann um thráthnóna. Dá
liónmhaireacht é sluagh na Sasannach do
choinnibh na Caitlicigh ag comhrac leó sa
bheárnain ar feadh i bhfad, acht fé dheireadh
do chuir Mac Eochagáin teachtaire chum
Cairiú ag tairgsint socruighthe dhó. B'é
freagradh fuair an teachtaire é chrochadh.
Ins an am soin ba chuma leis na Cait-
liceachaibh anam ionnta nó asta, agus do
comhraiceadar go fíochmhar ins gach ball
de'n chaisleán go tuitim na hoidhche. Do
goineadh an ceann-uraidh cródha Mac
Eochagáin agus mórán nach é sa bhruighin. Ní
raibh an caisleán fós i seilbh na Sasannach,
agus d'ionnsaidheadar arís lá ar n-a
bháireach é. Dhubhradar leis na Caitlic-
eachaibh ná raibh éan-aigne ortha a thuilleadh
fola da dhortadh, agus d'iarradar ortha
géilleadh agus go dtabharfaidhe a n-anam
saor dóibh. Cé go raibh Mac Eochagáin i
gcosaibh cró ní thabharfadh sé cluas do
gheallamhaint na Sasannach. Thug sé
iarracht ar theine do chur i mbarraile
phúdair bhí len' ais chum é féin agus a
námhaid a shéideadh san spéir, níos túisce
'ná ghéillfeadh sé.



Bhí a fhios aige nár bh'ionntaoibh connradh
do dhéanamh leis na fealltóiríbh, agus b'fearr
leis bás d'fhagháil ag troid 'ná bheith fé n-a
smacht. Do chosc Captaoin Paor é, ar
theine do thabhairt do'n phudar, agus do dhein
na madraidhe fola píosaí dhe le claidhmhtibh.



Níor fhág na hAllmhuraigh oiread agus éin-
fhear amháin de na laochaibh cródha gan cur
chum bais, agus do leagadar go talamh an
caisleán.



Do sheasaimh foslongphort Dhúna Bhuidhe
ar feadh chúig lá dhéag, agus do treascradh sé
chéad de'n arm Ghallda ar feadh na haim-
sire sin.



Is é a raibh ag troid 'n-a gcoinnibh céad
agus triúr is dá fhichid de'n arm Gaedhealach.



Bhí an sluagh Spáinnach ullamh ar theacht
nuair bhfuaradar scéala go raibh an ceann
smách fachta ar mhuinntir Dhúna Bhuidhe.



SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services