Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dinnseanchus.
Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Ua Dálaigh, Pádhraig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DINNSEANCHUS. Baile Átha Cliath, 24/11/'02. A Dhuine Mhuinnteardha, - as rud é gur mise is cionntach leis an litriughadh nuadh so "Domhn'- Gharbháin," b' fhéidir go dtabharfá slighe san Iris- leabhar dom a mhíniughadh cad fé ndear dom a leithéid a dhéanamh. Sa chéad áit sé Domhn'-Gharbháin a ghlaodhaid muinn- tir na háite ar an mbaile i gcomhnuidhe. Admhuighim go dtugaid "abharlár" ar urlár, agus c., acht sin é díreach an fhuaim atá ag muinntir Árann ar na foclaibh céadna. Mar sin féin ní dheirid muinntir Árann "Domhn" i n-ionad "Dún" i n-ainm áite. Tá cuid mhaith de "Dhúntaibh" i nÁrainn mar atá Dún Aonghusa, Dun Fearabuidhe, Dún Chonchobhair, Dún Beag, agus c., agus sé an fuaim atá orra ná "dún" (doon) díreach ar son go bhfuil abharlár ghá chleachtadh aca i n-áit "urlár." Tá go leór sráid-bhailte sna Déiseacaibh leis go bhfuil an focal soin "Dún" ionnta mar atá Dún na Mainistreach ar an taoibh eile d'abhainn Choiligeáin, Both-an-Dúin, Currach-an-Dúin, an Dún Mór, agus c. agus sé dún (doon) díreach atá le cloisint ionnta ar fad mar an gcéadna. Ní fheaca Domhn' G. san litridheacht acht connac "Downegarvan" sna Páipéaraibh Stáite a bhaineann leis an gceathramhadh aois déag dá thaisbeánadh nach indiu ná indé do'n fhuaim sin ghá cleachtadh. I dtaoibh Thaidhg Ghaedhealaigh - ní hé Tadhg féin do sgríobh síos an dán soin agus da mbadh é ní dóigh liom go bhfuil éanrud i gcoinne an litrighthe sin san dán. I bhfilidheacht na nDéise deirid lowm i n-áit lum agus d'oirfeadh an fhuaim sin go deas do rann Thaidg mar is iad na focail "Domhn'" agus "Liom" atá agus gcomh-fhuaim le chéile. Naomh dob'eadh é an Garbhán so go bhfuil a ainm ar an mbaile. Tuigimíd go léir go dé chiall é an focal "Dún" agus sé chialluigheann an focal "Domhnach" i n-ainm áite ná "Cill" nó "séipeal." Im thuairim-se is oireamhnaighe i bhfad ainm naoimh dó bheith ar chill ná ar dhún. Mise, PÁDHRAIG UA DÁLAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services