Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchus.

Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Ua Dálaigh, Pádhraig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DINNSEANCHUS.



Baile Átha Cliath,
24/11/'02.



A Dhuine Mhuinnteardha, - as rud é gur mise is
cionntach leis an litriughadh nuadh so "Domhn'-
Gharbháin," b' fhéidir go dtabharfá slighe san Iris-
leabhar dom a mhíniughadh cad fé ndear dom a leithéid
a dhéanamh.



Sa chéad áit sé Domhn'-Gharbháin a ghlaodhaid muinn-
tir na háite ar an mbaile i gcomhnuidhe. Admhuighim
go dtugaid "abharlár" ar urlár, agus c., acht sin é
díreach an fhuaim atá ag muinntir Árann ar na
foclaibh céadna. Mar sin féin ní dheirid muinntir
Árann "Domhn" i n-ionad "Dún" i n-ainm áite.
Tá cuid mhaith de "Dhúntaibh" i nÁrainn mar atá
Dún Aonghusa, Dun Fearabuidhe, Dún Chonchobhair, Dún
Beag, agus c., agus sé an fuaim atá orra ná "dún"
(doon) díreach ar son go bhfuil abharlár ghá chleachtadh
aca i n-áit "urlár." Tá go leór sráid-bhailte sna
Déiseacaibh leis go bhfuil an focal soin "Dún"
ionnta mar atá Dún na Mainistreach ar an taoibh eile
d'abhainn Choiligeáin, Both-an-Dúin, Currach-an-Dúin,
an Dún Mór, agus c. agus sé dún (doon) díreach atá le
cloisint ionnta ar fad mar an gcéadna.



Ní fheaca Domhn' G. san litridheacht acht connac
"Downegarvan" sna Páipéaraibh Stáite a bhaineann
leis an gceathramhadh aois déag dá thaisbeánadh nach
indiu ná indé do'n fhuaim sin ghá cleachtadh.



I dtaoibh Thaidhg Ghaedhealaigh - ní hé Tadhg féin do
sgríobh síos an dán soin agus da mbadh é ní dóigh
liom go bhfuil éanrud i gcoinne an litrighthe sin san
dán. I bhfilidheacht na nDéise deirid lowm i n-áit
lum agus d'oirfeadh an fhuaim sin go deas do rann
Thaidg mar is iad na focail "Domhn'" agus "Liom"
atá agus gcomh-fhuaim le chéile.



Naomh dob'eadh é an Garbhán so go bhfuil a ainm
ar an mbaile.



Tuigimíd go léir go dé chiall é an focal "Dún"
agus sé chialluigheann an focal "Domhnach" i n-ainm
áite ná "Cill" nó "séipeal." Im thuairim-se is
oireamhnaighe i bhfad ainm naoimh dó bheith ar chill ná
ar dhún.



Mise,



PÁDHRAIG UA DÁLAIGH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services