Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ba Dubha Locha na hEórnan.
Title
Ba Dubha Locha na hEórnan.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BA DUBHA LOCHA NA hEÓRNAN. Dia Sathairn beag so bhí mo cheann n-a roithleán ó bheith ag éisteacht le sruth an "Tobair" ar feadh na seachtmhaine, agus mo radharc ag leathadh orm le barr tinnis cinn. "Seadh," arsa mise liom féin, "ó, tá an lá go breagh, raghad ar mhullach na Ceathan, agus b'fhéidir go ndéanfadh aer an chnuic mé thabhairt chugham féin." Thug an tsean-bhean an bhairín bheag agus a beannacht (!) i gcóir an bhóthair dam. Pé nídh is mar a dheineann an bheannacht é, ní'l amhras ná gurab í an bhairín bheagh do- gheibheann an Gruagach nuair ghlacann sainnt siubhail é. Nuair fhágas an choill, bhuaileas an cnoc suas fé bhun Phluaise Eisc na bhFiach, cois Abha Dhoirín an Chaithne, agus Charraig Fhada an Staincín, gur shroicheas an mullach, agus do shíneas tharm i n-aice turtóige i mBogach an Mharbh-Ghamhna. Bhí an Cúm ar m'aghaidh anonn, agus Loch na hEórnan 'n-a chodladh go sámh i n-a lár istigh. Ba niamhrach a bhí an ghrian ag taithneamh ar an loch; agus ba dhóigh le duine go raibh aiteas i dtaobh ghigilt na gréine air, mar bhí na miliún réalta ag éirighe as an uisce ar nós spréacha airgid, acht amháin go raibh plucamas beag sa taobh thiar de mar a raibh scáil Faille Duibhe an Locha os a chionn, agus na tonnta beaga ag imtheacht isteach ins na cuasaibh le glug-glag, glug- glag, mar a bheidís ag mionnabhar i dtaobh phléireachta na gréine sa taobh thoir. Mar is gnáthach le duine im' chás, ó bheith ag féachaint ar an loch, do chromas ar mhachtnamh ar an dtír féin - leis na cian- taibh sladtha ag Gallaphoic; furmhór a cloinne imthighthe seach geal le fán an tsaoghail; an dríodar iarmharáin d'fhan innti ag gleó, 's ag coimheascar, 's ag acharann le chéile; na fir chalma d'éirigh suas innti do thug agus atá ag tabhairt a saoghal agus a sláinte go neamh- bhuidheach ar a son. As an machtnamh so ní fuláir gur thuiteas im' chodladh, mar ní cuimhin liom a thuilleadh gur priocadh sa cheathramhain mé le gob éigin géar, is go gcualadh glór ag rádh: "An Gruagach, mo choinsias, is é na dhubh- chodladh." Ar oscailt mo shúl dom cia chífinn os mo chionn acht Séamus Cháit ó'n gCrostaire Mór, téad chlúimh fé n-a oscail chlé aige, agus speal ar a choislinn dheis, agus é ag dul a Chúm ag baint fionnáin. Do shuidh sé síos, agus do shuídheas-sa suas, agus do thairrngeamar chughainn ár bpíopaí; do dheargamar iad, agus do luigheamar ar chainnt. "Mhuise, a Ghruagaigh," arsa Séamus, "nach greannmhar an duine thú anois idir chromadh is liathadh dhuit ag fágaint do leapthan féin sa bhaile, agus ag cur aistir sé mhíle ort chum gris do chodladh i mBogach an Mharb-Ghamhna ar mullach na Ceathan. Mo choinsias, go bhfuil corp láir na fírinne ag na comharsain a deir go bhfuil leath-stradhain ort. Tá fhios agat gur contabhairteach an rud é codladh amuigh. Féach an buachaill bocht soin thall i Rothchum do thóg an fiabhras as, slán mar n-innstear é, agus aghaidh gach uilc i bhfad uainn; agus Máire na Péiste, an cuimhin leat Máire na Péiste a Ghruag- aigh?" "Is dóigh liom gur cuimhin, a Shéamuis. Nách í adeireadh, nuair thigeadh sí isteach i dtigh 'n-a mbíodh sólthuistí éigin ar siubhal, 'Thá mo chomráda ag éirighe chugham, a bhean a' tighe.'"
"Tá a comhartha go cruinn agat, a Ghruagaigh. B'í sin Máire go deimhin, acht cogar, a gcualaís riamh cia'r bh'é an com- ráda úd a bhíodh ag éirighe chúichi?" "Níor chualadh riamh, a Shéamuis." "Do rug an oidhche ar Mháire uair is í ag crosadh na Ceathan, i gcás gur bh'éigin di cur fúithi cois Charraig an Dúna. San oidhche do thuit a codladh uirthi, agus faid bhí a béal ar leathadh agus í ag sreantar- naigh, cad deirir le heascú luachra nár chuaidh síos 'n-a bolg. B'é sin comráda Mháire na Péiste; agus is é fé ndeara dhí dúil a chur ins na sólthuistibh mar a dúbhraís. Thug dochtúir ó Chiarraidhe mar thuairim di go dtiocfadh an phiast amach trí n-a himliocán i gcionn seacht mbliadhan; acht do scannruigh sí chomh mór soin le huathbhás an scéil gur cailleadh i gcionnn trí mbliadhan ó'n la soin í. I n-aimsir bhrothallaigh mar an lá indiu bíd na heascoin luachra gnóthach, agus ba chóir duit bheith ar do sheachaint féin orra." "Tá sé brothallach gan amhras, a Shéamuis, agus do b'fheárr liom 'ná rud mór go mbeinn thall cois an locha go ndéanfainn mé féin d'iomlasgadh innti." "Ní dáríribh ataoi, a Ghruagaigh? Níor rugadh an fear soin fós ar an dtalamh do bhain an snas dá chroiceann sa loch úd. Seadh mhuise ag cuimhneamh ar dhul i snámh i loch atá fé dhraoidheacht!" "Fé dhraoidheacht, a Shéamuis. Ná bhí ag magadh fúm." Ní bhí féin ag magadh fút féin, is dóigh. Fé dhraoidheacht imbasa. Cionnus eile bheadh sé nuair chualaidh Seaghan Liath ó Chúm Orcáin an chráin mhuice ag tál ar na banbhaíbh ann; agus Diarmaid Dhonnchadh ó'n gCrostaire, do spalpadh sé an leabhar gur airigh sé an chuigean bhainne dá déanamh ann. An bhfeiceann tú an chloch mhór úd thíos fé n-ár mbun cois an chosáin? Sin í Carraig an Chaipín; agus do lean dosaon ba draoidheachta ó'n loch firín do chomhnuig ar an gCrostaire mBeag, dar bh'ainm Dómh'- aillín Caoch, go dtí an Charraig sin. Lá breagh Samhraidh bhí Domh'aillín ag baint asrach ag Cnocán an Chonnlaigh thiar ann so, agus thug sé fé ndeara go raibh ba dubha geal-adharcacha, gnóthach na thimcheall. Do shíl sé gur ba féaraigh ó'n gCeathan
iad, cé gur annamh a bhíodh ba na Cheathan chomh leathan idir na maothánaibh is bhíodar so. Is minic do thugadar fogha fé'n asair, agus do scaipeadar le n-a n-adharcaibh í. Teasbhach do shíl sé bheith orta agus do luigh sé ar iad do rúscadh le clochaibh. Do thángadar arís agus arís eile, agus do spiúnadar an asair dá indheóin. Fé dheireadh, bhí an beart fáiscthe aige, agus, socruighthe ar a dhrom. Fé shlighe ale dhó, do bhí na ba 'n-a thimcheall, agus do baineadh ceann aca anois agus ceann eile arís lán a béil as an mbeart. Do leanadar de dá chrádh ar an slighe sin go dtánaig sé go Carraig an Caipín. Leig sé dhé an beart ar an gcarraig, agus siúd i ndiaidh na mbó é. Bhí sé ar buile dhearg cughtha. Do rith ceann aca siar, ceann aca soir, síos agus suas; agus ar imtheacht do Dhómh'aillín i ndiaidh chinn aca do chasan chuid eile ar an mbeart. Do leagadar de'n charraig é, do stracadar ó chéile é, ghabhadar de chosaibh ann. Siúd chughtha Dómh'aillín, ach sular shroich sé iad, do thóg bó aca a ceann i n-áirde, agus do chuir sí búir aisti. Annsoin do thógadar uile a gcinn i n-áirde; d'árduigheadhar a n-ear- baill san aer, agus imthigheadhar siar mar bheidís ag gaoidheal. Do lean Domh'aillín iad go bhfaca sé le n-a shúilibh cinn ag dul isteach fé'n loch iad. Annsoin d'aithin se gur b' iad na ba draoidheachta bhí aige, agus gur b'amhlaidh bhí an luibh sa bheart aige. Dá gcoimeád- fadh sé an luibh uatha do leanfaidís abhaile é, agus do bheidís ceannsa choídhche aige. Ach firín simplidhe do b'eadh Domh'áillín riamh. GRUAGACH AN TOBAIR.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services