Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ba Dubha Locha na hEórnan.

Title
Ba Dubha Locha na hEórnan.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BA DUBHA LOCHA NA hEÓRNAN.



Dia Sathairn beag so bhí mo cheann n-a
roithleán ó bheith ag éisteacht le sruth an
"Tobair" ar feadh na seachtmhaine, agus
mo radharc ag leathadh orm le barr tinnis
cinn. "Seadh," arsa mise liom féin, "ó,
tá an lá go breagh, raghad ar mhullach na
Ceathan, agus b'fhéidir go ndéanfadh aer an
chnuic mé thabhairt chugham féin."



Thug an tsean-bhean an bhairín bheag agus
a beannacht (!) i gcóir an bhóthair dam.
Pé nídh is mar a dheineann an bheannacht é,
ní'l amhras ná gurab í an bhairín bheagh do-
gheibheann an Gruagach nuair ghlacann
sainnt siubhail é.



Nuair fhágas an choill, bhuaileas an cnoc
suas fé bhun Phluaise Eisc na bhFiach, cois
Abha Dhoirín an Chaithne, agus Charraig Fhada
an Staincín, gur shroicheas an mullach,
agus do shíneas tharm i n-aice turtóige i
mBogach an Mharbh-Ghamhna. Bhí an Cúm ar
m'aghaidh anonn, agus Loch na hEórnan 'n-a
chodladh go sámh i n-a lár istigh. Ba
niamhrach a bhí an ghrian ag taithneamh ar an
loch; agus ba dhóigh le duine go raibh
aiteas i dtaobh ghigilt na gréine air, mar
bhí na miliún réalta ag éirighe as an uisce
ar nós spréacha airgid, acht amháin go
raibh plucamas beag sa taobh thiar de mar
a raibh scáil Faille Duibhe an Locha os a
chionn, agus na tonnta beaga ag imtheacht
isteach ins na cuasaibh le glug-glag, glug-
glag, mar a bheidís ag mionnabhar i dtaobh
phléireachta na gréine sa taobh thoir.



Mar is gnáthach le duine im' chás, ó bheith
ag féachaint ar an loch, do chromas ar
mhachtnamh ar an dtír féin - leis na cian-
taibh sladtha ag Gallaphoic; furmhór a
cloinne imthighthe seach geal le fán an
tsaoghail; an dríodar iarmharáin d'fhan
innti ag gleó, 's ag coimheascar, 's
ag acharann le chéile; na fir chalma
d'éirigh suas innti do thug agus atá ag
tabhairt a saoghal agus a sláinte go neamh-
bhuidheach ar a son. As an machtnamh so ní
fuláir gur thuiteas im' chodladh, mar ní
cuimhin liom a thuilleadh gur priocadh sa
cheathramhain mé le gob éigin géar, is go
gcualadh glór ag rádh:



"An Gruagach, mo choinsias, is é na dhubh-
chodladh."



Ar oscailt mo shúl dom cia chífinn os
mo chionn acht Séamus Cháit ó'n gCrostaire
Mór, téad chlúimh fé n-a oscail chlé aige,
agus speal ar a choislinn dheis, agus é ag dul
a Chúm ag baint fionnáin.



Do shuidh sé síos, agus do shuídheas-sa suas,
agus do thairrngeamar chughainn ár bpíopaí;
do dheargamar iad, agus do luigheamar
ar chainnt.



"Mhuise, a Ghruagaigh," arsa Séamus,
"nach greannmhar an duine thú anois idir
chromadh is liathadh dhuit ag fágaint do
leapthan féin sa bhaile, agus ag cur aistir sé
mhíle ort chum gris do chodladh i mBogach
an Mharb-Ghamhna ar mullach na Ceathan.
Mo choinsias, go bhfuil corp láir na
fírinne ag na comharsain a deir go bhfuil
leath-stradhain ort. Tá fhios agat gur
contabhairteach an rud é codladh amuigh.
Féach an buachaill bocht soin thall i
Rothchum do thóg an fiabhras as, slán mar
n-innstear é, agus aghaidh gach uilc i
bhfad uainn; agus Máire na Péiste, an
cuimhin leat Máire na Péiste a Ghruag-
aigh?"



"Is dóigh liom gur cuimhin, a Shéamuis.
Nách í adeireadh, nuair thigeadh sí isteach
i dtigh 'n-a mbíodh sólthuistí éigin ar
siubhal, 'Thá mo chomráda ag éirighe chugham,
a bhean a' tighe.'"


L. 189


"Tá a comhartha go cruinn agat, a
Ghruagaigh. B'í sin Máire go deimhin, acht
cogar, a gcualaís riamh cia'r bh'é an com-
ráda úd a bhíodh ag éirighe chúichi?"



"Níor chualadh riamh, a Shéamuis."



"Do rug an oidhche ar Mháire uair is í
ag crosadh na Ceathan, i gcás gur bh'éigin
di cur fúithi cois Charraig an Dúna. San
oidhche do thuit a codladh uirthi, agus faid
bhí a béal ar leathadh agus í ag sreantar-
naigh, cad deirir le heascú luachra nár
chuaidh síos 'n-a bolg. B'é sin comráda
Mháire na Péiste; agus is é fé ndeara dhí
dúil a chur ins na sólthuistibh mar a
dúbhraís. Thug dochtúir ó Chiarraidhe mar
thuairim di go dtiocfadh an phiast amach
trí n-a himliocán i gcionn seacht mbliadhan;
acht do scannruigh sí chomh mór soin le
huathbhás an scéil gur cailleadh i gcionnn
trí mbliadhan ó'n la soin í. I n-aimsir
bhrothallaigh mar an lá indiu bíd na
heascoin luachra gnóthach, agus ba chóir
duit bheith ar do sheachaint féin orra."



"Tá sé brothallach gan amhras, a
Shéamuis, agus do b'fheárr liom 'ná rud mór
go mbeinn thall cois an locha go ndéanfainn
mé féin d'iomlasgadh innti."



"Ní dáríribh ataoi, a Ghruagaigh? Níor
rugadh an fear soin fós ar an dtalamh do
bhain an snas dá chroiceann sa loch úd.
Seadh mhuise ag cuimhneamh ar dhul i snámh
i loch atá fé dhraoidheacht!"



"Fé dhraoidheacht, a Shéamuis. Ná bhí ag
magadh fúm."



Ní bhí féin ag magadh fút féin, is
dóigh. Fé dhraoidheacht imbasa. Cionnus
eile bheadh sé nuair chualaidh Seaghan
Liath ó Chúm Orcáin an chráin mhuice
ag tál ar na banbhaíbh ann; agus
Diarmaid Dhonnchadh ó'n gCrostaire, do
spalpadh sé an leabhar gur airigh sé an
chuigean bhainne dá déanamh ann.



An bhfeiceann tú an chloch mhór úd thíos
fé n-ár mbun cois an chosáin? Sin í
Carraig an Chaipín; agus do lean dosaon ba
draoidheachta ó'n loch firín do chomhnuig ar
an gCrostaire mBeag, dar bh'ainm Dómh'-
aillín Caoch, go dtí an Charraig sin.



Lá breagh Samhraidh bhí Domh'aillín ag
baint asrach ag Cnocán an Chonnlaigh thiar
ann so, agus thug sé fé ndeara go raibh ba
dubha geal-adharcacha, gnóthach na thimcheall.
Do shíl sé gur ba féaraigh ó'n gCeathan


L. 190


iad, cé gur annamh a bhíodh ba na Cheathan
chomh leathan idir na maothánaibh is bhíodar
so. Is minic do thugadar fogha fé'n asair,
agus do scaipeadar le n-a n-adharcaibh í.
Teasbhach do shíl sé bheith orta agus do luigh sé
ar iad do rúscadh le clochaibh.



Do thángadar arís agus arís eile, agus do
spiúnadar an asair dá indheóin. Fé
dheireadh, bhí an beart fáiscthe aige, agus,
socruighthe ar a dhrom. Fé shlighe ale dhó,
do bhí na ba 'n-a thimcheall, agus do baineadh
ceann aca anois agus ceann eile arís lán
a béil as an mbeart.



Do leanadar de dá chrádh ar an slighe
sin go dtánaig sé go Carraig an Caipín.
Leig sé dhé an beart ar an gcarraig, agus
siúd i ndiaidh na mbó é. Bhí sé ar buile
dhearg cughtha. Do rith ceann aca siar,
ceann aca soir, síos agus suas; agus ar imtheacht
do Dhómh'aillín i ndiaidh chinn aca do chasan
chuid eile ar an mbeart. Do leagadar
de'n charraig é, do stracadar ó chéile é,
ghabhadar de chosaibh ann. Siúd chughtha
Dómh'aillín, ach sular shroich sé iad, do thóg
bó aca a ceann i n-áirde, agus do chuir sí
búir aisti. Annsoin do thógadar uile a
gcinn i n-áirde; d'árduigheadhar a n-ear-
baill san aer, agus imthigheadhar siar mar
bheidís ag gaoidheal.



Do lean Domh'aillín iad go bhfaca sé le
n-a shúilibh cinn ag dul isteach fé'n loch
iad.



Annsoin d'aithin se gur b' iad na ba
draoidheachta bhí aige, agus gur b'amhlaidh
bhí an luibh sa bheart aige. Dá gcoimeád-
fadh sé an luibh uatha do leanfaidís abhaile
é, agus do bheidís ceannsa choídhche aige.



Ach firín simplidhe do b'eadh Domh'áillín
riamh.



GRUAGACH AN TOBAIR.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services