Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Ní gabhadh d'fheirmeoiribh aon deabhadh bheith ortha ag dul fé'n gcúirt d'iarradh laigheadughadh cíosa. Is amhlaidh tá na Breitheimh le déidheannaighe ag árdughadh ar an gcíos a shocruigheann a meastóraidhe féin, cé gur dhóigh le duine gur chirte moladh an mheastóra bhéadh ar an bhfód ná moladh an Bhreitheimh ná facaidh an talamh riamh, ná an t-aer os a chionn. Tá feirmeoirí Chúige Uladh go fíochmhar feargach mar gheall air, agus ní h-iongna sain, agus a dhéine tá an saoghal ag dul ortha. Deirtear go bhfuil an stoc a cothuightear ar an mbainne thagann as siopaíbh an uachdair (creameries) lag leicthe, agus má leantar go coitcheann dos na siopaibh seo gur gearr go mbeidh mairt-fheoil agus muic-fheoil na hÉireann chomh saor agus chomh dona le feoil Americá. Fuair Cumann na mBocht i mBaile Locha gCarmáin sgeula an lá fé dheireadh ó chumann eile i mBaile Ath' Cliath, 'ghá iarradh ortha rún carthanachta a ghabháil chucha i dtaobh na Gaedhilge. Ní briseann focal maith fiacal, agus do shaoilfeá nár mhisde le h-aoinne focailín cáirdeamhail a rádh ar mhaithe le teanga ár sinnsear. Do ghabhadar go léir taobh leis an rún sain gan tafaint, acht aon fhear amháin. Bhí an tighearna Muiris 'ic Gearailt láithreach agus bhain sé trosáil as a shróin, ghá rádh gur ghreannmhar, mí-aisdeamhail an teachtaireacht a tugadh os a gcomhair, "agus" ar sé, "cé ná gabhaim- se taobh leis an rún sain táim im Éireannach chomh dílis agus tá annso." Seadh is iomdha cineál Éireannach atá anois againn. Dá mbéadh onóir na h-Éireann ag seasamh ar an dtighearna Muiris agus ar a leithéidibh eile bhéadh sí ag seasamh ar mhaide lobhtha. Nach é an truagh nár toghadh mórán dá leithéidí san abhrán so dh'imthigh tharainn. Bhí duine uasal, nó lag-cheithearnach, i gCondae Luimnighe an t-ochtmhadh lá de Shamhradh. Roibeárd Ua Briain, dob ainm dó. Bhí an lagchéithearnach ceudna ann lá ar na mhárach, agus níor bh'é Roibeárd Ua Briain é. Fuair sé féin agus a mháthair cead ó'n mBainríoghain chur suas d'á sloinne agus De Vere do ghabháil chúcha mar shloinne as sain amach. Is iomdha fear agus bean mhaith do mhuintir Bhriain a shiubhal ar chreafóig ghlas na h-Éireann ó bhualadh Chluain Tairbh go dtí an lá indiu, agus ba gnáthach leo go dtí so mór-dháil a bheith ortha i dtaobh a sloinne. Thug Balfour bille isteach i dTigh na Feise seachtmhain ó shoin chum gnóthaidhe bhaineas le talamh agus le feir- meoireacht a chur chum cinn i n-Éirinn. Tá Bórd nuadh le cur ar bun chuige sin, agus tógfaidh siad fé na gcúram an obair atá anois d'á dhéanamh ag Bórd na gCeanntar gCumhang (congested districts). Ós cionn céad go leith míle púnt sa mbliadhain a bhéidh le caitheamh ag an mBórd nuadh, acht 'sé loiteann an port ná tiucfaidh aon chuid don airgead sain chúcha ó chisde Shasana. Bhí súil gur chuid éigin de na trí miliúin sa mbliadhain atá d'á mbaint dínn farais an gceart a tabharfaidhe do'n Bhórd nuadh so le cur chum maitheasa i n-Éirinn. Tá fios ag gach aoinne go bhfuil imreasán agus achrann imeasg na Liberals ó d'imthigh Gladstone. Rinneadh uachdarán de Rosebery i ndiaidh Gladstone, agus do Harcourt i ndiaidh Rosebery, acht ní fada d'fhéad aoinne do'n bheirt réidhteacht le na gcómh- cháirdibh. Deirthear gur mian le Rosebery bheith na cheann arís ortha, agus thug sé leath-fhocal uaidh go bhfuil sé réidh le n-a gcomhair ar choingheall go leanfadh na Liberals an raon a thrialladar roimh an bhliadhain 1886. Tuigimíd ar fad an leath-fhocal sain. Cuirtear leis an méid seo shíos agus tuigfear níos fearr é. "Níor mhairbh Home Rule i gceart riamh," adeir an Glasgow News, "acht an briseadh suas agus an sgaipeadh atá ar Fheisiribh na h-Éireann. Is annamh thar dhá 'réag acu i n-aoinfheacht." Deir Seaghan Ferguson, duine uasal cáileamhail atá na chomhnuidhe i n-Albain, ag tagairt do'n cheist
seo go bhfuil a léigheas ag Comhairle an Riaghaltais Áiteamhla. "Cuirthear" ar sé, "beirt ó gach aon Chomhairle Condae go Baile Áth' Cliath. Rinnidís comhairle annsain leis na Feisiribh agus le n-a chéile agus mo lámh dhuit go n-aontóchaidh an dúthaigh leo ar pé comhairle chinnfidh siad. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services