Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Ní gabhadh d'fheirmeoiribh aon deabhadh bheith ortha ag
dul fé'n gcúirt d'iarradh laigheadughadh cíosa. Is
amhlaidh tá na Breitheimh le déidheannaighe ag árdughadh
ar an gcíos a shocruigheann a meastóraidhe féin, cé
gur dhóigh le duine gur chirte moladh an mheastóra bhéadh
ar an bhfód ná moladh an Bhreitheimh ná facaidh an talamh
riamh, ná an t-aer os a chionn. Tá feirmeoirí Chúige
Uladh go fíochmhar feargach mar gheall air, agus ní
h-iongna sain, agus a dhéine tá an saoghal ag dul ortha.



Deirtear go bhfuil an stoc a cothuightear ar an
mbainne thagann as siopaíbh an uachdair (creameries)
lag leicthe, agus má leantar go coitcheann dos na
siopaibh seo gur gearr go mbeidh mairt-fheoil agus
muic-fheoil na hÉireann chomh saor agus chomh dona le
feoil Americá.



Fuair Cumann na mBocht i mBaile Locha gCarmáin
sgeula an lá fé dheireadh ó chumann eile i mBaile Ath'
Cliath, 'ghá iarradh ortha rún carthanachta a ghabháil chucha
i dtaobh na Gaedhilge. Ní briseann focal maith fiacal,
agus do shaoilfeá nár mhisde le h-aoinne focailín
cáirdeamhail a rádh ar mhaithe le teanga ár sinnsear.
Do ghabhadar go léir taobh leis an rún sain gan tafaint,
acht aon fhear amháin. Bhí an tighearna Muiris 'ic
Gearailt láithreach agus bhain sé trosáil as a shróin, ghá
rádh gur ghreannmhar, mí-aisdeamhail an teachtaireacht a
tugadh os a gcomhair, "agus" ar sé, "cé ná gabhaim-
se taobh leis an rún sain táim im Éireannach chomh
dílis agus tá annso." Seadh is iomdha cineál Éireannach
atá anois againn. Dá mbéadh onóir na h-Éireann ag
seasamh ar an dtighearna Muiris agus ar a leithéidibh
eile bhéadh sí ag seasamh ar mhaide lobhtha. Nach é an
truagh nár toghadh mórán dá leithéidí san abhrán so
dh'imthigh tharainn.



Bhí duine uasal, nó lag-cheithearnach, i gCondae
Luimnighe an t-ochtmhadh lá de Shamhradh. Roibeárd Ua
Briain, dob ainm dó. Bhí an lagchéithearnach ceudna
ann lá ar na mhárach, agus níor bh'é Roibeárd Ua
Briain é. Fuair sé féin agus a mháthair cead ó'n
mBainríoghain chur suas d'á sloinne agus De Vere do
ghabháil chúcha mar shloinne as sain amach.



Is iomdha fear agus bean mhaith do mhuintir Bhriain a
shiubhal ar chreafóig ghlas na h-Éireann ó bhualadh Chluain
Tairbh go dtí an lá indiu, agus ba gnáthach leo go dtí
so mór-dháil a bheith ortha i dtaobh a sloinne.



Thug Balfour bille isteach i dTigh na Feise seachtmhain
ó shoin chum gnóthaidhe bhaineas le talamh agus le feir-
meoireacht a chur chum cinn i n-Éirinn. Tá Bórd nuadh
le cur ar bun chuige sin, agus tógfaidh siad fé na
gcúram an obair atá anois d'á dhéanamh ag Bórd na
gCeanntar gCumhang (congested districts). Ós cionn
céad go leith míle púnt sa mbliadhain a bhéidh le
caitheamh ag an mBórd nuadh, acht 'sé loiteann an port
ná tiucfaidh aon chuid don airgead sain chúcha ó chisde
Shasana. Bhí súil gur chuid éigin de na trí miliúin sa
mbliadhain atá d'á mbaint dínn farais an gceart a
tabharfaidhe do'n Bhórd nuadh so le cur chum maitheasa
i n-Éirinn.



Tá fios ag gach aoinne go bhfuil imreasán agus
achrann imeasg na Liberals ó d'imthigh Gladstone.
Rinneadh uachdarán de Rosebery i ndiaidh Gladstone,
agus do Harcourt i ndiaidh Rosebery, acht ní fada
d'fhéad aoinne do'n bheirt réidhteacht le na gcómh-
cháirdibh. Deirthear gur mian le Rosebery bheith na
cheann arís ortha, agus thug sé leath-fhocal uaidh go
bhfuil sé réidh le n-a gcomhair ar choingheall go leanfadh
na Liberals an raon a thrialladar roimh an bhliadhain
1886. Tuigimíd ar fad an leath-fhocal sain.



Cuirtear leis an méid seo shíos agus tuigfear níos
fearr é. "Níor mhairbh Home Rule i gceart riamh,"
adeir an Glasgow News, "acht an briseadh suas agus
an sgaipeadh atá ar Fheisiribh na h-Éireann. Is annamh
thar dhá 'réag acu i n-aoinfheacht."



Deir Seaghan Ferguson, duine uasal cáileamhail
atá na chomhnuidhe i n-Albain, ag tagairt do'n cheist


L. 146


seo go bhfuil a léigheas ag Comhairle an Riaghaltais
Áiteamhla. "Cuirthear" ar sé, "beirt ó gach aon
Chomhairle Condae go Baile Áth' Cliath. Rinnidís
comhairle annsain leis na Feisiribh agus le n-a chéile
agus mo lámh dhuit go n-aontóchaidh an dúthaigh leo ar
pé comhairle chinnfidh siad.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services