Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Son Baile agus Tíre.
Title
Ar Son Baile agus Tíre.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR SON BAILE AGUS TÍRE. Um thráthnóna Dia Sathairn an cúigmhadh lá d'Iúl do bhuaileas amach chum dul ar feadh scathaimh ag siubhal. Nuair bhíos geall le bheith tuirseach mo dhóthain do ránag Stad na nGaedhilgeóirí. Bhí curtha romham agam dul chum "Ar son Baile agus Tíre" d'fheicsint, agus ó bhí sé ag tochrais suas go dtí n-a hocht shíleas nár bh'fhearra dham rud do-ghéanainn ná bualadh isteach chum iad do chlos. Dhineas amhlaidh. Bhí ar ndaoine muinnteardha go léir láithreach ann. Is fuirist iad d'aithint mar ní féidir leó a gcosa do choimeád socair fad do bhéadh cor nó port dá sheinnim. Mo ghoirm sibh a Ghaedhilgeóirí, ní baoghal gur peacadh bhur meas ar éin-nídh Ghaedhealach do thaisbeánt agus é thais- beánt i slighe Ghaedhealaigh leis. Scéal ag baint le haimsir na bhFinníní is eadh " Ar son Baile agus Tíre." Bí Éire agus na Gaedhil bhochta i gcruadh-chás go mór an uair sin, Riaghaltas Shasanna dá mbrughadh agus tighearnaí talmhan ag gabháil de chosaibh ionnta. Sa chéad ghníomh taisbeántar An Scoil Oidhche; an máighistir 'n-a shuidhe cois cláir agus scata buachaillí n-a suidhe mórthimcheall an tseomra. Tá an Máighistir dá múineadh go maith agus go fóghanta. Tar éis tamaill buaileann an fear faireacháin isteach agus innseann dóibh go bhfuil beirt bháillí chughtha, agus curtar críoch obann ar an deag-muineadh. Taisbeantar cionnus do-gheibhid na Finníní an pughdar. Is amhlaidh thagann sé i mboscaíbh agus i mbairlíbh go dtí Séamus Phádraig fear an tighe tábhairne. Tagann Árd-thimchire an cheanntair úd ar cuaird go dtí an Máighistir, agus socruighid i dtaobh an Eirghe amach. Sa deireadh thiar thall nuair atá gach
éin-nídh i gcóir aca faghann an Máighistir buidéal agus dá ghloine agus líonann amach deabhcán dóibh araon. Sid í sláinte an Timchire:- "Sláinte na BhFiann Agus sonas n-a dtreó Is gan duine dár náimhdibh 'N-ár measc t'reis an ghleóidh," agus is beag duine dá raibh láithreach ná dubhairt amen go díoghraiseach n-a dhiaidh. San dara gníomh taisbeantar Tigh Thomáis Uí Dhuibhir, Feirmeóir. Tá Tomás tar eis teacht abhaile ó bheith ag cainnt le maor Totnam, agus innseann dá mhnaoi Brighid cionnus mar d'ofráil sé an cíos do'n mhaor acht ná glacfaidhe uaidh é; gur bh'é an tigh agus an talamh do theastuigh ó'n maor; agus go gcurfaidhe amach ar taobh an bhóthair iad. I lár na cainnte buaileann Eóghain, a mac, isteach. Tá fearg mhór air nuair chloiseann sé an droich-scéal agus bagrann seo agus siúd ar an dtighearna talmhan. Tagann an tAthair Seaghán ar cuaird chughtha agus innstear an droich-scéal do-san leis. Beannuigheann obair na mbuachaillí agus tá árd-áthas ar fad ortha dá bharr. Imthigheann an sagart agus bailighid gasra buach- aillí agus cailíní isteach agus tá scoruidheacht an-shultmhar aca. San tríomhadh gníomh taisbeántar an Tigh Tabhairne. Buaileann maor agus báille Totnam isteach. Glaodhaid ar chnagairíbh agus cromaid ar chainnt do dhéanamh eatorra féin. Socruighid ar na píléirí do chur i gan-fhios ag triall ar an scoil a leithéid seo oidhche. Tá Eoghan O Duibhir agus Pádraig na Léime ag éisteacht leó. Imthigh- eann an maor agus an báille, agus socruigheann Eoghan agus Pádraig agus Séamus ar an scéal d'innsint do sna buachaillíbh i dtreó go mbeifí ullamh i gcóir na bpíléirí. San ngníomh deiridh, taisbeántar an scoil arís. Iad ullamh. Fir amuigh ag faire. Gasra thall ag cúinne an bhóthair. Gasra eile imighthe go dtí Barraic na bpíléirí. Chomh luath agus shrois na píléirí cúinne an bhóthair, do scaoileadh ortha go deónathach. Leagadh beirt agus theich an chuid eile, agus bíodh geall go bhfuaradar soin an fáilte rómpa san mBarraic ó'n ngasraidh bhí imthighthe ann. Tar éis tamaill aimsighid go léir an scoil. Is gearr go dtagann teachtaireacht chughtha ó'n dTimchire dá ordughadh dhóibh bheith san nGleann an oidhche úd. Imthighid go leir ag triall ar an nGleann Ar Son Baile agus Tíre. I dtaobh na Fuirne, b'fhuirist a dhéanamh amach cia'r bh'iad na daoine go raibh an Ghaedhilg go nádúrtha aca. Choimeádas-sa cluas orm d'éin-fheidhm chuige sin i rith na haimsire go léir, agus go deimhin is beag tuitim focail bhí ar éinne aca. Ní thugas fé ndeara thar rud beag nó dhó nar bh'fhiú dham lochtaí chur ortha. Do thaithin an Máighistir go maith ar shlige liom, acht thugas fé ndeara go labhradh sé go han-chiúin uaireanta. Bhí Brighid go háluinn ar fad acht i bheith buille mear n-a cainnt. Theip orm í leanamhaint uair nó dhó. Do labhair an Timchire go han-roighin agus go han-mhaith. Aisteóir maith is eadh Eoghan cé na tagann an chainnt go saoráideach fós cuige. Buachaill maith is eadh "An tAthair Seaghán," agus dhéanfadh sé go maith éin-nídh do thiubhraidhe dhó le déanamh. Bhí Séamus Phádraig thar barr amach ar fad. Do chaitheadh an tubháile siar ar a leath- ghualainn chomh cliste agus do-ghéanadh éan-chongantóir grósaere é. B'é an truagh ná raibh a thuilleadh le glanadh aige i dtosach bára, mar ní tuirseoghadh "Tadhg Buidhe" go deóidh sinn. Molaim-se go hárd mar dhráma Ar son Baile agus Tíre. Tá súil agam go gcloisfeam arís i mBaile Átha Cliath é. Do comhairleóghainn do Shéamus O Duirinne é chur i gcló gan mhoill. Is maith le daoinibh an leabhar do bheith 'n-a lámhaibh aca, mic léighinn go háirithe ná fuil tagtha isteach ar an gcanamhaint fós. TÓRNA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services