Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Son Baile agus Tíre.

Title
Ar Son Baile agus Tíre.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR SON BAILE AGUS TÍRE.



Um thráthnóna Dia Sathairn an cúigmhadh lá d'Iúl do
bhuaileas amach chum dul ar feadh scathaimh ag siubhal.
Nuair bhíos geall le bheith tuirseach mo dhóthain do
ránag Stad na nGaedhilgeóirí. Bhí curtha romham
agam dul chum "Ar son Baile agus Tíre" d'fheicsint,
agus ó bhí sé ag tochrais suas go dtí n-a hocht shíleas nár
bh'fhearra dham rud do-ghéanainn ná bualadh isteach
chum iad do chlos. Dhineas amhlaidh. Bhí ar ndaoine
muinnteardha go léir láithreach ann. Is fuirist iad
d'aithint mar ní féidir leó a gcosa do choimeád
socair fad do bhéadh cor nó port dá sheinnim. Mo
ghoirm sibh a Ghaedhilgeóirí, ní baoghal gur peacadh bhur
meas ar éin-nídh Ghaedhealach do thaisbeánt agus é thais-
beánt i slighe Ghaedhealaigh leis.



Scéal ag baint le haimsir na bhFinníní is eadh " Ar
son Baile agus Tíre." Bí Éire agus na Gaedhil bhochta i
gcruadh-chás go mór an uair sin, Riaghaltas Shasanna
dá mbrughadh agus tighearnaí talmhan ag gabháil de chosaibh
ionnta. Sa chéad ghníomh taisbeántar An Scoil Oidhche;
an máighistir 'n-a shuidhe cois cláir agus scata buachaillí
n-a suidhe mórthimcheall an tseomra. Tá an Máighistir
dá múineadh go maith agus go fóghanta. Tar éis tamaill
buaileann an fear faireacháin isteach agus innseann dóibh
go bhfuil beirt bháillí chughtha, agus curtar críoch obann
ar an deag-muineadh.



Taisbeantar cionnus do-gheibhid na Finníní an
pughdar. Is amhlaidh thagann sé i mboscaíbh agus i
mbairlíbh go dtí Séamus Phádraig fear an tighe
tábhairne. Tagann Árd-thimchire an cheanntair úd ar
cuaird go dtí an Máighistir, agus socruighid i dtaobh an
Eirghe amach. Sa deireadh thiar thall nuair atá gach


L. 179


éin-nídh i gcóir aca faghann an Máighistir buidéal agus
dá ghloine agus líonann amach deabhcán dóibh araon. Sid
í sláinte an Timchire:-



"Sláinte na BhFiann
Agus sonas n-a dtreó
Is gan duine dár náimhdibh
'N-ár measc t'reis an ghleóidh,"



agus is beag duine dá raibh láithreach ná dubhairt amen
go díoghraiseach n-a dhiaidh.



San dara gníomh taisbeantar Tigh Thomáis Uí Dhuibhir,
Feirmeóir. Tá Tomás tar eis teacht abhaile ó bheith
ag cainnt le maor Totnam, agus innseann dá mhnaoi
Brighid cionnus mar d'ofráil sé an cíos do'n mhaor
acht ná glacfaidhe uaidh é; gur bh'é an tigh agus an talamh
do theastuigh ó'n maor; agus go gcurfaidhe amach ar taobh
an bhóthair iad. I lár na cainnte buaileann Eóghain, a
mac, isteach. Tá fearg mhór air nuair chloiseann sé
an droich-scéal agus bagrann seo agus siúd ar an dtighearna
talmhan. Tagann an tAthair Seaghán ar cuaird chughtha
agus innstear an droich-scéal do-san leis. Beannuigheann
obair na mbuachaillí agus tá árd-áthas ar fad ortha dá
bharr. Imthigheann an sagart agus bailighid gasra buach-
aillí agus cailíní isteach agus tá scoruidheacht an-shultmhar
aca.



San tríomhadh gníomh taisbeántar an Tigh Tabhairne.
Buaileann maor agus báille Totnam isteach. Glaodhaid
ar chnagairíbh agus cromaid ar chainnt do dhéanamh eatorra
féin. Socruighid ar na píléirí do chur i gan-fhios ag
triall ar an scoil a leithéid seo oidhche. Tá Eoghan O
Duibhir agus Pádraig na Léime ag éisteacht leó. Imthigh-
eann an maor agus an báille, agus socruigheann Eoghan agus
Pádraig agus Séamus ar an scéal d'innsint do sna
buachaillíbh i dtreó go mbeifí ullamh i gcóir na
bpíléirí.



San ngníomh deiridh, taisbeántar an scoil arís.
Iad ullamh. Fir amuigh ag faire. Gasra thall ag
cúinne an bhóthair. Gasra eile imighthe go dtí Barraic
na bpíléirí. Chomh luath agus shrois na píléirí cúinne
an bhóthair, do scaoileadh ortha go deónathach. Leagadh
beirt agus theich an chuid eile, agus bíodh geall go bhfuaradar
soin an fáilte rómpa san mBarraic ó'n ngasraidh bhí
imthighthe ann. Tar éis tamaill aimsighid go léir an
scoil. Is gearr go dtagann teachtaireacht chughtha ó'n
dTimchire dá ordughadh dhóibh bheith san nGleann an
oidhche úd. Imthighid go leir ag triall ar an nGleann
Ar Son Baile agus Tíre.



I dtaobh na Fuirne, b'fhuirist a dhéanamh amach cia'r
bh'iad na daoine go raibh an Ghaedhilg go nádúrtha aca.
Choimeádas-sa cluas orm d'éin-fheidhm chuige sin i rith
na haimsire go léir, agus go deimhin is beag tuitim
focail bhí ar éinne aca. Ní thugas fé ndeara thar rud
beag nó dhó nar bh'fhiú dham lochtaí chur ortha. Do
thaithin an Máighistir go maith ar shlige liom, acht
thugas fé ndeara go labhradh sé go han-chiúin uaireanta.
Bhí Brighid go háluinn ar fad acht i bheith buille mear
n-a cainnt. Theip orm í leanamhaint uair nó dhó.
Do labhair an Timchire go han-roighin agus go han-mhaith.
Aisteóir maith is eadh Eoghan cé na tagann an chainnt
go saoráideach fós cuige. Buachaill maith is eadh "An
tAthair Seaghán," agus dhéanfadh sé go maith éin-nídh do
thiubhraidhe dhó le déanamh. Bhí Séamus Phádraig thar barr
amach ar fad. Do chaitheadh an tubháile siar ar a leath-
ghualainn chomh cliste agus do-ghéanadh éan-chongantóir
grósaere é. B'é an truagh ná raibh a thuilleadh le
glanadh aige i dtosach bára, mar ní tuirseoghadh
"Tadhg Buidhe" go deóidh sinn.



Molaim-se go hárd mar dhráma Ar son Baile agus
Tíre. Tá súil agam go gcloisfeam arís i mBaile
Átha Cliath é. Do comhairleóghainn do Shéamus O
Duirinne é chur i gcló gan mhoill. Is maith le daoinibh
an leabhar do bheith 'n-a lámhaibh aca, mic léighinn go
háirithe ná fuil tagtha isteach ar an gcanamhaint fós.



TÓRNA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services