Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Laoidh an Fhiaigh.
Title
Laoidh an Fhiaigh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Mac an Bháird, S.
Contributor
'Ac Ruaidhrí, Seaghán
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LAOIDH AN FHIAIGH. Oileán Tharraigh, Léitir Cheanainn. A Eagarthóir a chroidhe,- Seo thíos "Laoidh an Fhiaigh;" acht níor bh'fhéidir domh í scríobhadh i bhfuirm dháin mar ba cheart duithe (dí) bheith scríobhtha, oir ní raibh fhios ag an fhear d'aithris dam í ca háit a' raibh tús no deireadh na líneadh. Ní raibh de sheift agam as a' tsiocar sin acht í stealladh síos, as aghaidh boise i bhfuirm próis. Is ó Sheaghán 'Ac Ruaidhrí fuair mé í, agus is aige fhéin atá siad 'na muilc; agus cé b'í mar tá seisean, 'tá a sheacht n-oiread aca ag a mháthair. O! chuirfeadh sí ceó ar do shúilibh le scéalta Fiannaidheachta. Go dtabharaidh Dia saoghal is sláinte dhuithe. D'imthigh an diabhal mór uirthi le sean scéaltaibh breaghtha! Tá ag mo chara, Seaghán, leis a bhaile 'fhágailt gan mhoill, acht béidh sé ar ais faoi'n cúpla mí; agus ba mhaith leis a Laoidh a fheiceáilt i gclódh, agus an t-Irisleabhar i mbéidh sí foillsighthe ann bheith leis nuair bheas sé ag imtheacht. Léigh mé do Sheaghán an t-amhrán údaí, "Seaghán an Bhríste Leathair," fuair tu thuas i mBaile Mhúirne; agus ní'l aon cheann de sheacht bhfichid mallacht nar chuir sé as le neart suilt is pléisiúra ó thoisigh mé ar an amhrán gur stad mé. Deacair (maidir) le gáiridhe do bhí eagla orm go rachadh siad i gcrambaíbh dó! B'éigean dam m' Iris- leabhar a thabhairt dó le tabhairt leis 'un a bhaile agus ó thárla é ábalt an Ghaedhilg a léigheadh, dheamhan a' fearr dó cúpla tráth bídh 'na í 'ceann tamaill. a's ag cainnt ar "Sheaghán an Bhríste Leathair" atá mé, b'fhéidir gur "form" ba cheart a bheith i n-ionad "farm" ins an
chúigmhadh cheathramhaidh déag. Thugas fa deara go dtugann cuid de na Muimhnigh, go háirite i dtaoibh thiar Chorcaighe, fuaim chomhair-a-bheith cosmhail le fuaim "a" do "o". Ní a' rádh atáim go réidhteochaidh "form" do chéill an bhéarsa, acht an oiread le "farm," acht mar sin féin is dóigh liom nach dochar ar bith trácht air. I ndeireadh na dála guidhim fad saoghail chuig an fhear a bhfuairis an t-amhrán uaidh, agus nach raibh teóra le méid péirí brístí a ndéanfaidh sé poll dóighte ortha sul má raibh a thréimhse caithte inseo! Seo Laoidh an Fhiaigh:- "Comhrac Iolann ó mo dheis láimh agus comh- rac Osgar ó mo láimh chlí," 'sé d'fhuagair Fiach go han-bhorb. "Beir leat" arsa Goll "ó 'táir slán, no níor bh'éacht mhór liom-sa do cheann a ghéar-lot." Insin ghluaiseadar an dá laoch, agus níor chualaís comhrac a b'fhíor-iongantaighe 'ná bhí idir Fiach agus Iolann. Insin thógas Iolann a lann: agus chuaidh a scéala gan spás fa bhás an Fhiaigh go Tír na nIndiach no'n Chlár. B'é Buaidh-ghach-Cath a dhear 'thair; agus nuair chualaidh Eitneach an Óir, a mac féin gur éag leó - "Éist a mhic eile" (uile ?) arsa sise, "agus fulaing a bhás nó is leór an chaill an urradh b'fhearr." Insin 'chualaidh an rí na sleamhain slann Cruach a mhac féin gur éag leo: "Éist a mhic eile agus na fulaing a bhás, nó char fhág' an Fiach é gan cnead cleit cléibh agus maothainn. Beir leat m'arm agus m'éideadh." Insin 'chuaidh Buaidh gach Cath dá ghléasadh féin ar gach éan-dóigh; agus 'tchí na Fianna 'aca (chuca) go dlúth an curadh teacht ó'n tuinn is chuir siad a gcomhairle in dlúthas dhul faoi'n talamh, no Éire 'fhágáilt sul má muirbhthidhe gach aon aca. Chuaidh an scéala go tuí an Teamhra, agus tháinic Iolann amach: "Nach lag," arsa seisean, "bhur misneach indiu a clanna na saoi le féachaint an churaidh sin teacht ó'n tuinn, nó cá bhfuil na fir is fearr 'san fhéinn uilig go hiomlán." "Maith," arsa Fionn, "ní dhéan siad, a Ghuill mhóir, nuair nach bhfuilir féin id' chumas." "I bhfuirm ríogh," d'fhreagair Goll, "go rachaidh mise ar tús cé gur mór mo chréach- acha i gach éan-áit, acht sibhse, gach éin-fhear, mionnughadh nach gcoruigheann sibh ó'n fhaith agus sibh bheith i 'nbhur mbeathaidh." Insin 'chuaidh Iolann isteach dá ghléasadh féin; agus cídh nar bh'fhada bhí sé amuigh tháinic an curadh 'aca ó'n tuinn i n-éin-léim. "Do chomhrac," ar sé, "ba mhian liom a fhagháil, a Fhinn, no dá dtiocfadh Iolann na dtréan-suim ó's leis thuit mo ghaol bhráthair tuí an churaidh ba tréine lámh." "Móide a's focal duit," arsa Fionn, "a Ór-rí Óig, nach dtógann éin-fhear ins an fhéinn lámh nó go marbhuigh tú Iolann, agus chan eadh amháin." "Nach cuimhne fola dham, a Fhinn," arsa Goll, "agus mé fá leathtrom ins a' rinn, agus a rí ná feall ar mo bhás; nó, nar mhaith an cuideadh mé i gcruadh- chás." "Maith," d'fhreagair Fionn, "cha dearn' tú damhsa ariamh thoir no thiar. Nar mharbhuigh tú a lúth de mo mhuinntir fá dhó fá Chonan?" "Nach cuimhneach leat an Dearg, no'n Fiach féin cé gur mhór a fhearg, no Mághnus Bán as an taoibh-a-tuaidh, no Araicisín na n-iomad sluagh?" "Ó's tú féin a tharraing ort é," arsa Fionn, "díol olc agus iarr óg." Insin chuaidh Goll ag cladairt an Churaidh ó'n tuinn, agus bhí Iolann dá chlaoidhe. "'Tchím indiu, a Ór-rí Óig, gur in do choimirc atá mé: tabhair dam ceathramha anama, agus coisc dam faobhar d'airm, nó admhuighim dó'n tsaoghal go bhfuil mé marbh." "Ceann ins an Fhéinn chan fhágaim ar bhraghaid agus muirbhthidh mé Goll caoch na mbéim mór ar tús ó's leis thuit mo ghaol-bhráthair tuí an churaidh ba thréine lámh."
Nuair chonnaic Diarmaid Donn a Gholl féin bheith gan cuideadh, d'éirigh sé ar neamh-chead an tsluaigh, agus sheas sé suas le n-a uille, agus chosain sé an buille de'n cheann; thugas Iolann an bhéim agus d'éirigh a aigne i n-éin- léim. (Críoch). 1 Féadaidh sé nach bhfuil Iolann litrighthe i gceart agam. A réir fuaim a fhocail 'se "Ulann" no "Iolann" é. Níl a t-"l" leathan no caol, acht mar tá an litir sin fuamnuighthe i n-"olann;" agus tá'n t-"n" mar a gcéadna mar an dá "n" i n-"olann." Chuir mise síos ins an pháipear thuas Iolann, acht ní'l fhios agam an bhfuil sé i gceart. Deir Seaghán 'Ac Ruaidhrí liom gur ainm eile ar Gholl Iolann. 2 Gaisgidheach tréan as na hIndiachaibh. 3 Déarfá gur bh'fhearr d'oirfeadh "ó'n" 'ná "nó'n" don sgéal, acht siúd mar 'tá sé ag Seaghán. 4 Dearbhráthair Fhiaigh. 5 Máthair Fhiaigh. 6 Shaoil Seaghán gur bh'fhéidir gur "lann" ba cheart a bheith inseo, acht "slann" bhí ar a theangaidh aige deir sé ó chualaidh sé an Laoidh an chéad uair. 7 Cneadha. 8 Rí na n-Indiacha. 9 "Ceathramha anama" = respite, quarter. 10 T(ch)íthear damh nach bhfuil "críoch" fá shásadh leis i ndiaidh an iomláin oir tháínic sé ró-obann, agus ní innistear dhúinn caidé an deireadh bhí ar na gnaithibh. S. Mac an Bháird.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services