LAOIDH AN FHIAIGH.
Oileán Tharraigh,
Léitir Cheanainn.
A Eagarthóir a chroidhe,-
Seo thíos "Laoidh an Fhiaigh;" acht níor
bh'fhéidir domh í scríobhadh i bhfuirm dháin mar
ba cheart duithe (dí) bheith scríobhtha, oir ní
raibh fhios ag an fhear d'aithris dam í ca
háit a' raibh tús no deireadh na líneadh. Ní
raibh de sheift agam as a' tsiocar sin acht í
stealladh síos, as aghaidh boise i bhfuirm
próis.
Is ó Sheaghán 'Ac Ruaidhrí fuair mé í, agus is
aige fhéin atá siad 'na muilc; agus cé b'í mar
tá seisean, 'tá a sheacht n-oiread aca ag a
mháthair. O! chuirfeadh sí ceó ar do shúilibh
le scéalta Fiannaidheachta. Go dtabharaidh
Dia saoghal is sláinte dhuithe. D'imthigh an
diabhal mór uirthi le sean scéaltaibh
breaghtha!
Tá ag mo chara, Seaghán, leis a bhaile
'fhágailt gan mhoill, acht béidh sé ar ais
faoi'n cúpla mí; agus ba mhaith leis a Laoidh a
fheiceáilt i gclódh, agus an t-Irisleabhar i mbéidh
sí foillsighthe ann bheith leis nuair bheas sé
ag imtheacht.
Léigh mé do Sheaghán an t-amhrán údaí,
"Seaghán an Bhríste Leathair," fuair tu
thuas i mBaile Mhúirne; agus ní'l aon cheann
de sheacht bhfichid mallacht nar chuir sé as le
neart suilt is pléisiúra ó thoisigh mé ar an
amhrán gur stad mé. Deacair (maidir) le
gáiridhe do bhí eagla orm go rachadh siad
i gcrambaíbh dó! B'éigean dam m' Iris-
leabhar a thabhairt dó le tabhairt leis 'un a
bhaile agus ó thárla é ábalt an Ghaedhilg a
léigheadh, dheamhan a' fearr dó cúpla tráth
bídh 'na í 'ceann tamaill.
a's ag cainnt ar "Sheaghán an Bhríste
Leathair" atá mé, b'fhéidir gur "form" ba
cheart a bheith i n-ionad "farm" ins an
chúigmhadh cheathramhaidh déag. Thugas fa
deara go dtugann cuid de na Muimhnigh,
go háirite i dtaoibh thiar Chorcaighe, fuaim
chomhair-a-bheith cosmhail le fuaim "a" do
"o". Ní a' rádh atáim go réidhteochaidh
"form" do chéill an bhéarsa, acht an oiread
le "farm," acht mar sin féin is dóigh liom
nach dochar ar bith trácht air. I ndeireadh
na dála guidhim fad saoghail chuig an fhear
a bhfuairis an t-amhrán uaidh, agus nach raibh
teóra le méid péirí brístí a ndéanfaidh sé
poll dóighte ortha sul má raibh a thréimhse
caithte inseo! Seo Laoidh an Fhiaigh:-
"Comhrac Iolann ó mo dheis láimh agus comh-
rac Osgar ó mo láimh chlí," 'sé d'fhuagair
Fiach go han-bhorb. "Beir leat" arsa
Goll "ó 'táir slán, no níor bh'éacht mhór
liom-sa do cheann a ghéar-lot."
Insin ghluaiseadar an dá laoch, agus níor
chualaís comhrac a b'fhíor-iongantaighe 'ná bhí
idir Fiach agus Iolann. Insin thógas Iolann a
lann: agus chuaidh a scéala gan spás fa bhás
an Fhiaigh go Tír na nIndiach no'n Chlár.
B'é Buaidh-ghach-Cath a dhear 'thair; agus nuair
chualaidh Eitneach an Óir, a mac féin gur
éag leó - "Éist a mhic eile" (uile ?) arsa
sise, "agus fulaing a bhás nó is leór an chaill
an urradh b'fhearr." Insin 'chualaidh an rí
na sleamhain slann Cruach a mhac féin gur
éag leo: "Éist a mhic eile agus na fulaing a
bhás, nó char fhág' an Fiach é gan cnead cleit
cléibh agus maothainn. Beir leat m'arm agus
m'éideadh." Insin 'chuaidh Buaidh gach Cath
dá ghléasadh féin ar gach éan-dóigh; agus 'tchí
na Fianna 'aca (chuca) go dlúth an curadh
teacht ó'n tuinn is chuir siad a gcomhairle in
dlúthas dhul faoi'n talamh, no Éire 'fhágáilt
sul má muirbhthidhe gach aon aca. Chuaidh an
scéala go tuí an Teamhra, agus tháinic Iolann
amach: "Nach lag," arsa seisean, "bhur
misneach indiu a clanna na saoi le féachaint
an churaidh sin teacht ó'n tuinn, nó cá bhfuil
na fir is fearr 'san fhéinn uilig go hiomlán."
"Maith," arsa Fionn, "ní dhéan siad, a Ghuill
mhóir, nuair nach bhfuilir féin id' chumas."
"I bhfuirm ríogh," d'fhreagair Goll, "go
rachaidh mise ar tús cé gur mór mo chréach-
acha i gach éan-áit, acht sibhse, gach éin-fhear,
mionnughadh nach gcoruigheann sibh ó'n fhaith
agus sibh bheith i 'nbhur mbeathaidh." Insin 'chuaidh
Iolann isteach dá ghléasadh féin; agus cídh nar
bh'fhada bhí sé amuigh tháinic an curadh 'aca
ó'n tuinn i n-éin-léim. "Do chomhrac," ar
sé, "ba mhian liom a fhagháil, a Fhinn, no dá
dtiocfadh Iolann na dtréan-suim ó's leis
thuit mo ghaol bhráthair tuí an churaidh ba
tréine lámh." "Móide a's focal duit,"
arsa Fionn, "a Ór-rí Óig, nach dtógann
éin-fhear ins an fhéinn lámh nó go marbhuigh
tú Iolann, agus chan eadh amháin." "Nach cuimhne
fola dham, a Fhinn," arsa Goll, "agus mé fá
leathtrom ins a' rinn, agus a rí ná feall ar mo
bhás; nó, nar mhaith an cuideadh mé i gcruadh-
chás." "Maith," d'fhreagair Fionn, "cha
dearn' tú damhsa ariamh thoir no thiar. Nar
mharbhuigh tú a lúth de mo mhuinntir fá dhó
fá Chonan?" "Nach cuimhneach leat an
Dearg, no'n Fiach féin cé gur mhór a fhearg,
no Mághnus Bán as an taoibh-a-tuaidh, no
Araicisín na n-iomad sluagh?" "Ó's tú
féin a tharraing ort é," arsa Fionn, "díol
olc agus iarr óg."
Insin chuaidh Goll ag cladairt an Churaidh
ó'n tuinn, agus bhí Iolann dá chlaoidhe. "'Tchím
indiu, a Ór-rí Óig, gur in do choimirc atá
mé: tabhair dam ceathramha anama, agus coisc
dam faobhar d'airm, nó admhuighim dó'n
tsaoghal go bhfuil mé marbh." "Ceann ins
an Fhéinn chan fhágaim ar bhraghaid agus muirbhthidh
mé Goll caoch na mbéim mór ar tús ó's leis
thuit mo ghaol-bhráthair tuí an churaidh ba
thréine lámh."
Nuair chonnaic Diarmaid Donn a Gholl féin
bheith gan cuideadh, d'éirigh sé ar neamh-chead
an tsluaigh, agus sheas sé suas le n-a uille, agus
chosain sé an buille de'n cheann; thugas
Iolann an bhéim agus d'éirigh a aigne i n-éin-
léim.
(Críoch).
1 Féadaidh sé nach bhfuil Iolann litrighthe i gceart
agam. A réir fuaim a fhocail 'se "Ulann" no
"Iolann" é. Níl a t-"l" leathan no caol, acht mar
tá an litir sin fuamnuighthe i n-"olann;" agus tá'n t-"n"
mar a gcéadna mar an dá "n" i n-"olann." Chuir
mise síos ins an pháipear thuas Iolann, acht ní'l fhios
agam an bhfuil sé i gceart. Deir Seaghán 'Ac Ruaidhrí
liom gur ainm eile ar Gholl Iolann.
2 Gaisgidheach tréan as na hIndiachaibh.
3 Déarfá gur bh'fhearr d'oirfeadh "ó'n" 'ná "nó'n"
don sgéal, acht siúd mar 'tá sé ag Seaghán.
4 Dearbhráthair Fhiaigh.
5 Máthair Fhiaigh.
6 Shaoil Seaghán gur bh'fhéidir gur "lann" ba cheart
a bheith inseo, acht "slann" bhí ar a theangaidh aige deir
sé ó chualaidh sé an Laoidh an chéad uair.
7 Cneadha.
8 Rí na n-Indiacha.
9 "Ceathramha anama" = respite, quarter.
10 T(ch)íthear damh nach bhfuil "críoch" fá shásadh leis
i ndiaidh an iomláin oir tháínic sé ró-obann, agus ní
innistear dhúinn caidé an deireadh bhí ar na gnaithibh.
S. Mac an Bháird.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11