Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá Rásann an Mhothair.
Title
Lá Rásann an Mhothair.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ RÁSANN AN MHOTHAIR. Nuair bhí mé im' gharsún timcheall deich mbliadhan d'aois do cuireadh fé dhéin chapaill mé, an lá roimh na rásannaibh, ar nós go mbéadh marcaigheacht ag mo dhearbráthair agus mo dheirbhsiúir; mar ba ghnáthach, an uair sin, na mná bheith n-a suidhe ar philín, leathstiar de sna fearaibh. Ar maidin na rásann b'éigin dom' dhear- bhráthair dul mar thiománuidhe le cloinn m'uncail, bhí ag dul ar thrucaill chum na rásann, agus fuair mo dheirbhshiúr suidheacán n-a bhfochair. Do cuireadh abhaile leis an gcapall arís mé agus chuadhas ag marcaigheacht, mo chosa lom-nochttha istigh ar leathar na stioróipí, agus na hiarnaí ar sileadh anuas. Nuair thanag chomh fada le Sráid na Cathrach, bhailigh mo chomh-aois timcheall orm ag bualadh bas agus 'gá rádh go raibh capall is diallaid agam-sa ag dul go dtí na rásanna. Chuir sé sin sa deireadh áibhéis agus bród orm as nós gur shíleas go rabhas chomh mór le Seóirse O Briain, an fear ba spórtamhla bhí i gCo. an Chláir an uair sin. B'é chuir ar bun na rásanna úd. Do leigeas orm féin go rabhas ag dul go dtí na rásanna, agus d'iom- puigheas i n-éinfeacht le marcach eile suas Bóthar Innis-Tíomáin. Ní leigfeadh an ríméad dam casadh thar n-ais, agus do ghreadas liom, ag bogadh dem' dhiallaid, agus tuairim chomh mór soin agam asam féin ná leigfinn orlach de'n bhóthar leis na marcachaibh eile, mar bhí capall fúm do bhí oireamhnach chuige. Bhí an scéal go maith go rabhas i ngoireacht mhíle nó dhó do'n áit, agus ní raibh fhios agam ar domhan cad do-ghéanainn leis an gcapall. Bhuail fear umam go raibh aithne aige orm agus d'fiafruigh sé dhíom fé iongantas mór: "Cá bhfuair tú an capall? 'Tá a fhios agam nach leat féin é." "Ní liom," arsa mise, "acht táim dá thabhairt suas chum mo dhearbhráthar atá mar thiománuidhe ag cailíníbh óga comhursan linn." "Ma tá tú tuirseach ó'n ndiallaid," ar seisean, "suidh isteach ar an dtrucaill, agus tiubhrad an capall an chuid eile de'n bhóthar." "Táim sásta" arsa mise, "acht ná scair leis go dtiubhraidh tú dom' dhearbhráthair é." Chuaidh sé ar marcaigheacht, agus as go bráth leis, mar bhí an oiread áibhéise air nuair fuair sé é féin ar muin chapaill is do bhí orm féin, agus níor stad sé de'n imtheacht soin gur shroich sé páirc na rásann. Níor bh'fada gur casadh mo dhearbhráthair air, agus dubhairt sé leis. "Seo dhuit an capall do bhí do dhear- bhráthair óg dá thabhairt chughat." "Cia an dearbhráthair?" ar san fear eile agus faobhar air. "O, an lead beag óg úd, ní fheadar cia an ainm atá air." Is láidir nár bhuail mo dhearbhráthair é, bhí an oiread soin buile air. "Caithfidh mise aire thabhairt do'n chapall go háirithe," ar seisean, "acht díolfaidh an buachaill sin as, nuair gheobhad-sa greim air." Níor bh'fhada gur shroicheas féin an áit, agus bhíos ag imtheacht líom ar fuid na pairce, ag féachaint romhain is im' dhiaidh agus thart thimcheall, ar eagla go bhfeicfeadh mo dhear- bhráthair nó na mná óga mé. Fá dheireadh, ba dhóigh liom gur aithin mé ag déanamh orm na culaithe agus na ribíní, chuir na cailíní ortha nuair bhíodar ag fagaint an bhaile. Thugas léim thar an gclaidhe isteach, ar eagla go bhfeicfidís mé, agus chum iad do leigean tharm. Nuair cheapas go raibh sé i n-am dóibh bheith imthighthe, thógas mo cheann agus d' féachas amach,
acht cia bhéadh ann, ag féachaint i leith fem' dhéin, acht mo dheirbhshiúr. "Go bhfóiridh Dia orainn; féach istigh!" ar sise. "Dia le cabhair chughainn," ar siad go léir, "cad do-ghéanam leis siúd. Beidh náire go deó orainn." Dubhradar go gcaithfidhe mise do thabhairt abhaile, pé ar bith é, agus dhineadar suas eatortha féin a sé nó a seacht de phingníbh ruadha, á rádh liom iad do leanamhaint, acht coingáilt tamall amach uatha ar eagla go gceapfadh éinne gur leó féin mé. Ní raibh bróga ná stocaí orm acht bríste chondalúir, agus casóigín bréide. Bhí cluig ar mo chosaibh mar bhíodar stractha gearrtha ó sna clochaibh. Bhíomar ag imtheacht ar an gcuma soin go ndeaghmar as an áit a raibh na daoine. Bhuail bean isteach eatortha agus cliabh ubhall aici. Buaileadh duine éigint i gcoinne an chléibh, agus thuit ubhall breagh ar an dtalamh. Nuair chonnac-sa ar an talamh é, cheapas gur cheart an t-ubhall do bheith ag an té is luaithe sciobfadh leis é. Dhineas air de léim agus d'árduigheas liom é. Dhe, do liuigh an bhean im' dhiaidh dá rádh le gach éinne breith orm, acht geallaim duit gur thug mise na cosa liom. Is láidir nár thuit na mná i luige le náire, acht d'itheas-sa an t-ubhall go sólásach ar thaobh chlaidhe. Thugadar abhaile me, um thrathnóna, agus geallaim-se díbh-se gur gabhadh go breagh orm de bharr oibre an lae sin. PÁDRAIG.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services