Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá Rásann an Mhothair.

Title
Lá Rásann an Mhothair.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LÁ RÁSANN AN MHOTHAIR.



Nuair bhí mé im' gharsún timcheall deich
mbliadhan d'aois do cuireadh fé dhéin chapaill
mé, an lá roimh na rásannaibh, ar nós go
mbéadh marcaigheacht ag mo dhearbráthair agus
mo dheirbhsiúir; mar ba ghnáthach, an uair sin,
na mná bheith n-a suidhe ar philín, leathstiar
de sna fearaibh.



Ar maidin na rásann b'éigin dom' dhear-
bhráthair dul mar thiománuidhe le cloinn
m'uncail, bhí ag dul ar thrucaill chum na
rásann, agus fuair mo dheirbhshiúr suidheacán
n-a bhfochair.



Do cuireadh abhaile leis an gcapall arís
mé agus chuadhas ag marcaigheacht, mo chosa
lom-nochttha istigh ar leathar na stioróipí, agus
na hiarnaí ar sileadh anuas. Nuair thanag
chomh fada le Sráid na Cathrach, bhailigh mo
chomh-aois timcheall orm ag bualadh bas agus
'gá rádh go raibh capall is diallaid agam-sa
ag dul go dtí na rásanna. Chuir sé sin sa
deireadh áibhéis agus bród orm as nós gur
shíleas go rabhas chomh mór le Seóirse
O Briain, an fear ba spórtamhla bhí i gCo.
an Chláir an uair sin. B'é chuir ar bun na
rásanna úd. Do leigeas orm féin go
rabhas ag dul go dtí na rásanna, agus d'iom-
puigheas i n-éinfeacht le marcach eile suas
Bóthar Innis-Tíomáin. Ní leigfeadh an
ríméad dam casadh thar n-ais, agus do ghreadas
liom, ag bogadh dem' dhiallaid, agus tuairim
chomh mór soin agam asam féin ná leigfinn
orlach de'n bhóthar leis na marcachaibh eile,
mar bhí capall fúm do bhí oireamhnach chuige.



Bhí an scéal go maith go rabhas i ngoireacht
mhíle nó dhó do'n áit, agus ní raibh fhios agam ar
domhan cad do-ghéanainn leis an gcapall.
Bhuail fear umam go raibh aithne aige orm
agus d'fiafruigh sé dhíom fé iongantas mór:



"Cá bhfuair tú an capall? 'Tá a fhios
agam nach leat féin é."



"Ní liom," arsa mise, "acht táim dá
thabhairt suas chum mo dhearbhráthar atá mar
thiománuidhe ag cailíníbh óga comhursan linn."



"Ma tá tú tuirseach ó'n ndiallaid," ar
seisean, "suidh isteach ar an dtrucaill, agus
tiubhrad an capall an chuid eile de'n bhóthar."



"Táim sásta" arsa mise, "acht ná scair
leis go dtiubhraidh tú dom' dhearbhráthair é."



Chuaidh sé ar marcaigheacht, agus as go bráth
leis, mar bhí an oiread áibhéise air nuair
fuair sé é féin ar muin chapaill is do bhí
orm féin, agus níor stad sé de'n imtheacht soin
gur shroich sé páirc na rásann. Níor bh'fada
gur casadh mo dhearbhráthair air, agus dubhairt
sé leis.



"Seo dhuit an capall do bhí do dhear-
bhráthair óg dá thabhairt chughat."



"Cia an dearbhráthair?" ar san fear eile
agus faobhar air.



"O, an lead beag óg úd, ní fheadar cia
an ainm atá air."



Is láidir nár bhuail mo dhearbhráthair é,
bhí an oiread soin buile air.



"Caithfidh mise aire thabhairt do'n chapall
go háirithe," ar seisean, "acht díolfaidh an
buachaill sin as, nuair gheobhad-sa greim
air."



Níor bh'fhada gur shroicheas féin an áit, agus
bhíos ag imtheacht líom ar fuid na pairce,
ag féachaint romhain is im' dhiaidh agus thart
thimcheall, ar eagla go bhfeicfeadh mo dhear-
bhráthair nó na mná óga mé. Fá dheireadh,
ba dhóigh liom gur aithin mé ag déanamh orm
na culaithe agus na ribíní, chuir na cailíní ortha
nuair bhíodar ag fagaint an bhaile. Thugas
léim thar an gclaidhe isteach, ar eagla go
bhfeicfidís mé, agus chum iad do leigean tharm.
Nuair cheapas go raibh sé i n-am dóibh bheith
imthighthe, thógas mo cheann agus d' féachas amach,


L. 173


acht cia bhéadh ann, ag féachaint i leith fem'
dhéin, acht mo dheirbhshiúr.



"Go bhfóiridh Dia orainn; féach istigh!"
ar sise.



"Dia le cabhair chughainn," ar siad go
léir, "cad do-ghéanam leis siúd. Beidh
náire go deó orainn."



Dubhradar go gcaithfidhe mise do thabhairt
abhaile, pé ar bith é, agus dhineadar suas eatortha
féin a sé nó a seacht de phingníbh ruadha, á
rádh liom iad do leanamhaint, acht coingáilt
tamall amach uatha ar eagla go gceapfadh
éinne gur leó féin mé. Ní raibh bróga ná
stocaí orm acht bríste chondalúir, agus casóigín
bréide. Bhí cluig ar mo chosaibh mar bhíodar
stractha gearrtha ó sna clochaibh.



Bhíomar ag imtheacht ar an gcuma soin go
ndeaghmar as an áit a raibh na daoine.
Bhuail bean isteach eatortha agus cliabh ubhall
aici. Buaileadh duine éigint i gcoinne an
chléibh, agus thuit ubhall breagh ar an dtalamh.
Nuair chonnac-sa ar an talamh é, cheapas
gur cheart an t-ubhall do bheith ag an té is
luaithe sciobfadh leis é. Dhineas air de
léim agus d'árduigheas liom é. Dhe, do liuigh
an bhean im' dhiaidh dá rádh le gach éinne
breith orm, acht geallaim duit gur thug mise
na cosa liom. Is láidir nár thuit na mná
i luige le náire, acht d'itheas-sa an t-ubhall
go sólásach ar thaobh chlaidhe.



Thugadar abhaile me, um thrathnóna, agus
geallaim-se díbh-se gur gabhadh go breagh
orm de bharr oibre an lae sin.



PÁDRAIG.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services