Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhrán na mBréag.
Title
Amhrán na mBréag.
Author(s)
Ó Murchadha, Domhnall,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FILIDHEACHT. AMHRÁN NA MBRÉAG. Chonnairc mé dís i n-íochtar an Logáin 'sa mhóin, An seangán 's an daol a síor-chur troda ar a leomhan; Cearc-uisce agus naosc ann 's píopaí lasta 'n-a mbeóil, Bhí an cullach ar glí 's é ag síobadh sneachtaidh as a shróin. Chonnairc mé an coinín anuraidh 'n-a chléireach cearc, Agus tarbh mór baineann ar a mhuin leis i mála bhreac; Bhí an londubh 's an sionach go craosach a caitheamh tabac, Agus bró-mhuilinn ar eiteóig ag tomhas na hÉirne thart. Chonnairc mé an Pápa ag cárdáil barraigh Dé Luain, Agus seilide bán a páráil sráid i Lunndain lé tuaidh: Corcaigh na mbád ag snámh ar mhalaidh an tSléibhe Ruaidh, S bhí muileann is áth i n-áit na cruite ar an chuaich. Chonnairc mé uan is iolar ag iomáin ar shliabh gan fraoch, Gearr-fhiadh is cú ag imirt ar tháipléis uain; An rón 's an gliomach gan toipe ar an tsráid ag siubhal, Óig-bhean shultmhar 's gan aici acht áit na súl. Chonnairc mé an púca ag cumhdach eallaigh ar shliabh, Agus eilit ag búirthidh, ag rúscadh poca mór fiadh; Caisleán is cúirt air luth dhá mbogadh i gcliabh, Agus nead ag an phúca i sleabhcán muice le bliadhain. Chonnairc mé an dubhán a seinim ar bhórd an ríogh, 'S bhí nead ag an chromán i dtomán mná Iarla na Midhe; An gandal 's an buinneán go brionnach a gabháil dánta siar, Agus tighearna an Chabháin 'n-a bhairréad ar Eoghan Ó Boighill. Amhrán na mBréag. - Ní thugaim ainm an té thug an t-amhrán so dham. DOMHNALL Ó MURCHADHA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services