Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán na mBréag.

Title
Amhrán na mBréag.
Author(s)
Ó Murchadha, Domhnall,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FILIDHEACHT.



AMHRÁN NA MBRÉAG.



Chonnairc mé dís i n-íochtar an Logáin 'sa mhóin,
An seangán 's an daol a síor-chur troda ar a leomhan;
Cearc-uisce agus naosc ann 's píopaí lasta 'n-a mbeóil,
Bhí an cullach ar glí 's é ag síobadh sneachtaidh as a
shróin.



Chonnairc mé an coinín anuraidh 'n-a chléireach cearc,
Agus tarbh mór baineann ar a mhuin leis i mála bhreac;
Bhí an londubh 's an sionach go craosach a caitheamh
tabac,
Agus bró-mhuilinn ar eiteóig ag tomhas na hÉirne
thart.



Chonnairc mé an Pápa ag cárdáil barraigh Dé Luain,
Agus seilide bán a páráil sráid i Lunndain lé tuaidh:
Corcaigh na mbád ag snámh ar mhalaidh an tSléibhe
Ruaidh,
S bhí muileann is áth i n-áit na cruite ar an chuaich.



Chonnairc mé uan is iolar ag iomáin ar shliabh gan
fraoch,
Gearr-fhiadh is cú ag imirt ar tháipléis uain;
An rón 's an gliomach gan toipe ar an tsráid ag
siubhal,
Óig-bhean shultmhar 's gan aici acht áit na súl.



Chonnairc mé an púca ag cumhdach eallaigh ar shliabh,
Agus eilit ag búirthidh, ag rúscadh poca mór fiadh;
Caisleán is cúirt air luth dhá mbogadh i gcliabh,
Agus nead ag an phúca i sleabhcán muice le bliadhain.



Chonnairc mé an dubhán a seinim ar bhórd an ríogh,
'S bhí nead ag an chromán i dtomán mná Iarla na Midhe;
An gandal 's an buinneán go brionnach a gabháil dánta
siar,
Agus tighearna an Chabháin 'n-a bhairréad ar Eoghan Ó
Boighill.



Amhrán na mBréag. - Ní thugaim ainm an té thug an
t-amhrán so dham.



DOMHNALL Ó MURCHADHA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services