Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar nDuais.
Title
Ar nDuais.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÁR nDUAIS. Tá ceaptha againn duais do bhronnadh gach mí feasta. Teastuigheann uainn daoine go bhfuil Gaedhilg go nádúrtha aca do chur ag scríobhadh. Ná bíodh scáth ná eagla ortha roimhe acht luighidís isteach agus tosnuighdís láithreach. Scríbhidís scéal beag; no cuiridís síos ar éin-nídh fé'n spéir go bhfuil eólas aca air; cuiridís síos ar rud éigint ag baint le feirmeóireacht, nó le hiascaireacht, nó le héin-chearduidheacht eile is maith leó féin. Scríbhidís cunntas ar cheann éigint de shean- ghnásaibh a ndúithche féin, ar rinnce, ar iománuidheacht, nó seanchas ar bhall éigint 'na-a gceanntar féin. Is cuma linn féin cad air go scríbhfidh duine acht go dtaithnfidh a ealadha linn. An cúigmhadh lá déag de gach mí déanfam coimh-mheas idir na healadhntaibh go léir agus an ceann is dóigh linn féin is fearr, cuir- fimíd an tIRISLEABHAR tríd an bpost ag triall ar an té do scríobh é go ceann bliadhna. Cuirfear an ealadha do bhuaidhfidh an duais i gclódh san chéad IRISLEABHAR eile 'n-a dhiaidh soin. Ní oireann dúinn acht timcheall an oiread is do líonfaidh dhá leathanach de'n IRIS- LEABHAR gach mí. Ó thárla go bhfuilmíd beagán déidheannach do'n chor so tiubhraimíd cáirde d'ár scríbh- neóiríbh go dtí an ficheamhadh lá de'n mhí seo Shamhna. Ní dhéanfam scrúdughadh ortha an turus so go dtí an lá soin. NA COINGHILL : (a). Caithfear gan scríobhadh acht ar éan-taobh amháin de'n pháipéar. Ná déin taisce ar pháipéar, tá sé saor, agus bíodh do scríbhneóireacht chomh so- léighte agus is féidir leat. Ná bíodh éin-cheist ort i dtaobh litriughadh na bhfocal. (b). Caithfidh gach éinne a ainm féin agus a ionad comhnuidhthe do chur síos i ndeireadh a ealadhan. (c). Seóltar gach litir ag triall ar Fhear eagair an IRISLEABHAIR, 24 Sráid Uach- tarach Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, agus scríbhtear an focal "Iomaidheacht" ar an dtaobh amuigh de'n chlúdach. (d). Éinne bhuaidhfidh duais, ní bhfuighidh sé dul ag iomaidheacht arís go ceann bliadhna. (e). Ní'l dul thar tuairim an fhir eagair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services