ÁR nDUAIS.
Tá ceaptha againn duais do bhronnadh gach
mí feasta. Teastuigheann uainn daoine go
bhfuil Gaedhilg go nádúrtha aca do chur ag
scríobhadh. Ná bíodh scáth ná eagla ortha
roimhe acht luighidís isteach agus tosnuighdís
láithreach.
Scríbhidís scéal beag; no cuiridís síos ar
éin-nídh fé'n spéir go bhfuil eólas aca air;
cuiridís síos ar rud éigint ag baint le
feirmeóireacht, nó le hiascaireacht, nó le
héin-chearduidheacht eile is maith leó féin.
Scríbhidís cunntas ar cheann éigint de shean-
ghnásaibh a ndúithche féin, ar rinnce, ar
iománuidheacht, nó seanchas ar bhall éigint
'na-a gceanntar féin. Is cuma linn féin
cad air go scríbhfidh duine acht go dtaithnfidh
a ealadha linn.
An cúigmhadh lá déag de gach mí déanfam
coimh-mheas idir na healadhntaibh go léir agus
an ceann is dóigh linn féin is fearr, cuir-
fimíd an tIRISLEABHAR tríd an bpost ag
triall ar an té do scríobh é go ceann
bliadhna. Cuirfear an ealadha do bhuaidhfidh
an duais i gclódh san chéad IRISLEABHAR
eile 'n-a dhiaidh soin.
Ní oireann dúinn acht timcheall an oiread
is do líonfaidh dhá leathanach de'n IRIS-
LEABHAR gach mí.
Ó thárla go bhfuilmíd beagán déidheannach
do'n chor so tiubhraimíd cáirde d'ár scríbh-
neóiríbh go dtí an ficheamhadh lá de'n mhí seo
Shamhna. Ní dhéanfam scrúdughadh ortha an
turus so go dtí an lá soin.
NA COINGHILL : (a). Caithfear gan
scríobhadh acht ar éan-taobh amháin de'n
pháipéar. Ná déin taisce ar pháipéar, tá
sé saor, agus bíodh do scríbhneóireacht chomh so-
léighte agus is féidir leat. Ná bíodh éin-cheist
ort i dtaobh litriughadh na bhfocal.
(b). Caithfidh gach éinne a ainm féin agus a
ionad comhnuidhthe do chur síos i ndeireadh a
ealadhan.
(c). Seóltar gach litir ag triall ar Fhear
eagair an IRISLEABHAIR, 24 Sráid Uach-
tarach Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, agus
scríbhtear an focal "Iomaidheacht" ar an
dtaobh amuigh de'n chlúdach.
(d). Éinne bhuaidhfidh duais, ní bhfuighidh sé
dul ag iomaidheacht arís go ceann bliadhna.
(e). Ní'l dul thar tuairim an fhir eagair.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11