Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cruadhtan.
Title
Cruadhtan.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CRUADHTAN. BHÍOS im' chomhnuidhe i n-Inis-dá- dhrom nuair casadh orm Donnchadh Mór O Dubhda. Bhí sé 'n-a fhear oibre ar thuarasdal lae ag Séamas Dhiarmada, agus bhíos féin ar lóistín i dtigh Shéamais. B'ó'n tír-mhóir tháinig Donnchadh agus bhí bádh aige liom-sa de bharr nach rabhas féin im' oileánach, acht b'é tosach ár gcáirdis Donnchadh bheith n-a Ghaedhilgeóir agus mise bheith ag foghluim na Gaedhilge uaidh. Ní raibh meas ar bith aige ar mhuinntir an oileáin mar ní raibh focal Gaedhilge aca ná suim aca innti. Éan-tráthnóna amháin bhíos ag siubhal timcheall gan mórán le déanamh agam (agus go deimhin ba mhinic an galar sin orm ann- súd). Bhí gunna agam ar mo ghualainn ag braith go bhfuighinn faill lámhaigh ar lachanaibh fiadhaine acht bhí an aimsir ró-bhog agus ní rabhadar ag teacht chum trágha. Chuadhas ar mhullach an Chnuic Mhóir chum amharc maith d'fhagháil mór-thimcheall, acht ní raibh lacha ar bith le feicsint. Bhí Donnchadh Mór ag obair thíos i ngarraidhe na Cille agus bhuaileas chuige síos. "Bail ó Dhia ort, a Dhonnchadh," arsa mise. "Dia Mór dhuit agus Muire," ar seisean,
"agus fáilte romhat; bhí uaigneas ag teacht orm ann so; acht cá bhfuil adhbhar an anbhruithe ba cheart duit bheith agat? Nach maith iad na cleití árduigheas an fheóil leótha. Féach anois dá mbeinn-se mar thú dhéanfainn taithighe lámhaigh ar chearcaibh Nainsín." "Tá fonn magaidh ort, a Dhonnchadh," arsa mise. "Thabharfainn an leabhar gur tusa féin an fear a dhéanfadh gearán orm dá mbainfinn leótha. Chualaidh mé go rabhais ag déanamh cleamhnais léithi." "Acht ní bhainfeá leótha," ar seisean. "Dubhairt Séamus liom ná buailfeá na Cruacha Bréige. Mar sin féin tá an sean- chuigéal sin dírighthe agat orm-sa anois; leag annsoin ar an iomaire é agus go ndéanaidh Dia buachaill mór maith dhíot." "Dia idir sinn agus an anachainn," arsa mise; "ní raibh a fhios agam go rabhais i gcon- tabhairt ar bith, agus níor mhaith liom go n-éireóchadh éan-toirmeasc duit." "Chaithfeá an bhaintreabhach a phósadh," arsa Donnchadh, ag gáiridhe agus ag cur na ráinne síos go saitilt le héan-tsáthadh amháin. Níor chualaidh mé riamh go raibh sé pósta agus ní raibh sé d'fhonn air trácht ar bith a dhéanamh ar laethibh a óige. "Ní'lir-se pósta," arsa mise; "dá mbeitheá ní bheitheá ag déanamh cleamhnais le Nainsín." "Ní'lim," ar seisean, "agus ní'l fonn pósta orm acht an oiread." Shíleas go raibh sé ar magadh. "Ó," arsa mise, "inneósad do Nainsín go bhfuilir ag magadh fúithi." "Féach, a bhuachaill, glac comhairle uaim; ná bí im' shuathadh le Nainsín na le héan- mhnaoi eile; is ait an fear mé, agus b'fearr dhuit gan fearg a chur orm." Chuir sé iongantas orm, mar bhí a fhios agam gur thuig sé go maith mé. "Iarraim maitheamhnas ort, a Dhonnchadh," arsa mise; "cheapas nách raibh díoghbháil ar bith i n-éin- nídh adubhras. Táir ag cur éagcóra éigin orm acht is fada arís go gcuirfead móisiam ar bith ort. Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit anois." Thógas an gunna, agus bhíos ag bailiughadh liom nuair ghlaoidh sé orm ar ais. "Tar i leith chugham," ar Donnchadh. "Táim-se cionntach; níor mhaith liom go mbeadh éin-bhriseadh amach eadrainn. Is fíor é an sean-fhocal, ag dul i n-aois ag dul in olcas; táim te nimhneach agus ná cuir suim ionnam. Dá mbeadh mo shaoghal-sa craobh- scaoilte ós do chomhair ní thabharfá milleán dam. Croith lámh liom anois, sin é é, táir id' bhuachaillín mhuinntreadha lághach cneasda, acht cogar, an féidir leat rún do chongbh- áilt?" "Is dóigh liom gur féidir," arsa mise, "má tá riachtanas leis." "Inneósad mo scéal duit," ar Donnchadh, "acht congaibh do bhéal n-a chomhnuidhe. Tar liom suas annso fá scáth na sceiche gile, tá fothain ann agus beidh gal tabac againn." Shiubhlamar suas le cois a chéile. Bhí Donnchadh 'n-a fhear mhór chumasach; ní dóigh liom go bhfacaidh mé fear ar bith riamh bhí chomh mór-chnámhach leis. Bhí an t-am sin, i n-aois a dheich mbliadhan is trí fichid. Do bhí sé ós cionn sé troighthe ar aoirde. Bhí sé beagán cromtha acht ní raibh cruit air; bhí slinneáin leathna aige agus géaga fada loma ná raibh ortha acht fonnsaí agus téadracha cuis- leann; agus bhí cabhaill dhoimhin daingean air. Shuidheamar i bhfascadh na sceiche agus dhearg mé a phíopa dhó. Chaith sé toit mhaith as agus annsoin shín chugam-sa é. "Go bhfuasclaidh Dia ar anmnaibh na marbh," ar seisean. "Éist liom go haireach anois agus beidh truagh agat do'n tsean-deóruidhe bhocht. Do phós
mise deich mbliadhna agus dá fhichid ó shoin, sul ar shroicheas aos fir. Ní rabhas bocht dealbh an uair sin mar atáim anois, acht ní cóir dham bheith ag gearán; dar ndóigh tá buidhea- chas agam do Dhia na gComhacht d'fhág neart mo cheithre chnámh agam agus mo shláinte. Fuair m'athair agus mo mháthair bás nuair bhíos seacht mbliadhna déag d'aois, agus d'fhágadh mise i bhfeidhil na feirme bige mar nach raibh clann eile ar bith aca acht mé fhéin. Ní fhuaireas scoláireacht ná léigheann mar nach raibh oide scoile le fagháil le linn m'óige, acht go deimhin féin ní mór an t-athchumhadh atá orm nár chuireadh ar ghall-scoil mé chum Sasannach a dhéanamh dhíom mar atá dá ndéanamh de leanbhaíbh na tíre. Ó, mo chreach! is iongan- tach atá an saoghal iompuighthe amach; ní'l faic anois againn acht galldacht, agus éirghe- in-áirde, agus galántacht, mar 'dh eadh. Féach mar atá an iomáint féin imthighthe! Ní'l éan-mhaith bheith ag cainnt; acht shiubhalfainn as so soir go Bunraite dá mbeadh báire maith le feicsint ann. Is 'mdhó báire sheasuigheas féin acht caithfead cunntas cruinn do thabhairt duit ar éan-bháire amháin a sheasuigheas do Pharáiste Chill Chríost i n-aghaidh Paráiste an tSléibhe. Buaileadh an báire sin thuas ar faithche an Mhóinín. B'é sin ceann-lá mo shaoghail-se, agus is féidir liom fuaim gach buille dár bhuaileas ar an liathróid do chloistin fós nuair ritheann an chuimhne trém' aigne. Tá leath-chéad bliadhain ó shoin anois ann, acht tá imtheachta an lae sin curtha tré n-a chéile agam chomh minic sin go bhfuil glan-mheamhair agam ar gach nídh do thuit amach. Bhí an Móinin trí chéad slat ar faid agus céad go leith slat ar leithead agus ba ró-dheas an pháirc í chum iomána. Bhí an abha mar theórainn uirthi ó thuaidh agus claidhe cloiche ó dheas, agus dá gcuirfidhe an liathróid treasna na teórann ar éan-taobh bheadh cluithche buaidhte ag an muinntir a chuirfeadh amach í. Bhíomar nídh ba throime ná buachaillí an tSléibhe acht bhíodar-san abhfad nídh ba lúthmhaire 'ná sinne. Nuair bhaineamar dínn ar gcuid éadaigh sheasuigheamar ós comhair a chéile gan snáithe orainn acht léine ghairbh- lín agus bríste gairid. Thóg gach fear greim ar chamán an fhir bhí ós a chomhair agus tar éis comhairimhthe na bhfear sheasaimh Domhnall Buidhe Ua Ceannaigh agus mise ag deireadh an raing agus shiubhaileadar an dá fhichead fear eile amach fá chamán do bhí i n-áirde againn dóibh. Annsoin chaith Domhnall Buidhe a chamán san aer: "Bos nó leas," ar seisean; "is leat-sa an rogha." "Leas," arsa mise, "chum toghtha." "Ní headh" ar Domhnall, "acht bas, agus is liom-sa an rogha." "Cá bhfuil do chúl-báire a Domhnaill?" arsa mise. "Ag an gclaidhe" ar seisean. Bhí an ghaoth linne acht bhí deallramh na gréine nár súilibh. Scaradar go léir ó n-a chéile annsoin agus chuaidh gach fear go dtí an áit bhí ceaptha dhó. Caitheadh suas an liathróid annsoin i gceart-lár na páirce idir Dhomhnall agus mise agus cuireadh dá tiomáint go héascaidh í soir siar ó dhuine go duine. Bhíos féin chum bheith ar chúla agus ritheas síos agus sheasuigheas fiche slat ó'n abhainn agus mo dhruim léithi. 'Sé Micheál Thaidhg Fhada O Donnchadha bhí mar fhear tosaigh ag muinntir an tSléibhe agus tháinig sé anall i n-aice dham. Ba mhaith an íodáil é go deimhin, agus thug sé mó lán-dóthain le déanamh dham. Bhíos i gcontabhairt an liathróid do leigint leis uair nó dhó, mar bhí sé an-ghlic, acht rinne O Maonaigh Geanncach fóirithin orm. Éan-uair amháin gur chuir Geannc ar ais í le poc i n-áirde ritheadar go léir isteach fúithi chum brac-isteach a bheith aca. Chífeá na camáin san aer agus na buillí dá mbualadh acht bhí na fir brúighte dingthe suas i gcoinne a chéile agus níor bh'fhéidir leótha
í chur amach. Bí ceathrar nó cúigear ag faire mór-thímcheall an choimheasgair mar bheadh cat ag faire ar pholl luiche. Bhí neart agus meadhchan ar dtaoibh-ne ag cur na bhfear eile i ndiaidh a gcúl go mall agus shíleas go gcuirfidhe siar go claidhe iad nuair cuireadh amach í go hobann. Bhí an Cainneach beag ag feitheamh léithi agus thóg sé ar bhais a chamáin í agus do rith léithi chomh dian agus bhí 'n-a chosaibh agus nuair bhí Geannc ag teacht suas leis do bhuail sé fá n-ar ndéin í. Bhí a fhios agam dá bhfaghadh Micheál buille uirri go gcuir- feadh sé thar abhainn gan amhras í; chuireas stuaic orm féin chum é leagadh lem' ghual- ainn, acht d'éirigh sé de bhaoithléim agus chuaidh thar mo ghualainn anonn. Baineadh tuisle asam agus thuiteas. Ní raibh duine i ngaobhar do Mhicheál chum an liathróid do bhaint dé. Bhuail sé le bais a chamáin í ar nós gur léim sí suas; thug cnag beag eile dhi chum í chothromugadh agus bhí sé díreach glan ar thí a buailte nuair thugas leath-ghuala dhó isteach idir a dhá shlinneán agus chuireas ar fleasc a dhroma é. Bhuaileas an liathróid ar ais ar mo chaothamhlacht. Phreab Micheál 'n-a sheasamh agus é ar buile. "B'fhealltach an bheart í sin," ar seisean, "Theip ort mé leagadh an chéad uair acht tháinig tú an dara huair i ndiaidh mo chúil. Ní hé sin nós imreasa na n-iománuidhthe, acht dein arís é agus déarad gur buachaill mis- neamhail tú." "Éist do bhéal a dhuine," arsa mise. "An amhlaidh mheasann tú go bhfuil eagla orm romhat? Bíodh a fhios agat nach cailleach mise agus go bhfuil sé im' chumas thu chur ar lár a ded' dheóin nó ded' aimhdheóin." "Ní rugadh leat é," ar seisean, ag caitheamh a chamáin ar an dtalamh. Chuir mise mo chamán anuas ar. B'é sin an comhartha go raibh sé ag tairgsint fir dam agus go rabhas féin ag tabhairt an chuiridh dhó. Ná ceap go rabhamar chum gabháil ar a chéile le doirnibh ná le clochaibh, bhíomar chum cor imreasgabhála bheith againn agus tógadh suas an liathróid agus chruinnigh na fir 'n-ár dtimcheall. Rugamar ar a chéile go dlúth docht - lámh ar íochtar agus lámh ar uachtar. "Bhfuilir ullamh?" arsa mise. "Bhíos ullamh sula rugas ort," ar Micheál. Chuir dí-mheas an fhreagra buile orm. Thugas éan-fháisc amháin dó agus bhailigheas isteach chugham é; annsoin lúbas siar é le neart mo ghuailne agus chuireas fúm síos é. "Cor eile," ar seisean. "Mar is maith leat," arsa mise, agus ghreamuigheamar a chéile an ath-uair. Bhí sé an-aireach agus níor bh'fhéidir liom bontáiste ar bith fhagháil air. Bhí sé ag lúbadh agus ag cleasuidheacht go bhfuair sé a ghuala chur i gcoinne m'uchta. "Caith é a Mhichíl," ar guth mná san gcoimh- thionól, "nó ná tabhair d'aghaidh ar an mbaile anocht." Bhain an guth preab asam agus bhí fonn orm iompódh timcheall nuair thóg Micheál na cosa dhíom agus do chuir ar chúl mo chinn mé. Chualaidh mé an bhean ag gáiridhe agus ag greadadh bas. "An tríomhadh cor," arsa mise, agus thugamar fogha sanntach fá n-a chéile. Chongaibh sé a chosa abhfad uaidh siar agus do chlis gach iarracht do thugas ar é stracadh chugham isteach. Thógas de'n talamh go minic é acht ba dhóigh leat go raibh seacht gcosa fé, bhí sé chomh aibidh agus chomh glic sin. "Ní leagfá go hoidhche Nodlag é," ar an bhean. "Tuitfidh sé fúm," arsa mise, "dá mb'éigin dam fanamhaint mar seo go mbeadh an chlais is úire i nÉirinn dúnta." "Bog dé," ar na fir, "tá sibh araon cortha." Acht níor bhogamar. Thugas iarracht ar a chaitheamh tharm siar, acht filleadh fé ar leath-ghlúin, agus níor éirigh liom. Ar filleadh dham thuit sé orm anuas agus rugamar ar a chéile arís. Ní rabhamar 'n-ár seasamh go cothrom nuair
thug sé cor-coise dham acht thugas-sa casadh dhó-san agus thuit sé fúm. Tháinig a lámh fé agus cuireadh a ghéag as uilinn. Do liúigh an bhean. "A chladhaire," ar sise, "tá mo dhearbhráthair donaighthe agat." "Éist, a Shighle," ar Micheál, "ní'l orm acht gur baineadh casadh as mo láimh." "Leig damh- sa í tharraingt," arsa mise, agus do shín sé chugham í. Thairrngeas trí huaire í, agus le cabhair an arthaidh "leónadh agus gortughadh" bhí sé chomh slán agus bhí sé riamh. "Ní'l faic orm anois," ar seisean, "go bhfágaidh Dia do shláinte agat." "Is truagh nach fear mise," ar an bhean agus smiod-gháire uirri, "i gcaoi go mbeadh sásamh agam asat; is tubaisteach an t-im- reasgabháluidhe thú." Thógas mo cheann agus d'fhéachas uirri. Ní fhaca mé riamh bean chomh breágh. Bhís ag léigheadh dham aréir ar Niamh Chinn Óir, an bhean do mheall Oisín, acht ná bí ag cainnt, dá bhfeictheá Sighle! Dá mbeinn-se im' fhile b'fhéidir go bhféad- fainn a feabhas agus a scéimh do chur i n-umhail duit, acht ní'lim. Tá aithne agat ar Mháire Seacht mBó annso thiar? Seadh; bhí Sighle seacht n-uaire níos dathamhla agus céad uair níos cruthamhla ná Máire, agus tá fhios agat go bhfuil Máire 'na cailín deas. Níor bh'féidir liom mo shúile iompódh uaithi agus bhíos ag féachaint uirri chomh fada sin gur gháir gach uile dhuine fúm agus annsoin thángas chugham fhéin. "Bheirim-se mo bhriathar," arsa mise, dá freagradh, "go mba mhór an méala liom- sa dá mbeitheá, mar b'fhearr liom féin mar mhnaoi thú." Thug sí súil-fhéachaint ghéar obann orm agus d'imthigh léithi i measc na mban. Tosnuigheadh ar imirt arís, acht níor thugas fogha fá Mhicheál nídh ba mhó. Mhothuigheas go raibh Sighle ag faire orm agus dubhras im' aigne féin nach leigfinn an liathróid tharm dá bhféadfainn í chongbháilt istigh le stuaim nó le faobhar-bhrigh. Bhí sí ag teacht orm abhfad nídh ba mhincí ná ba mhaith liom acht ní raibh Micheál chomh fuinneamhail agus bhí sé roimh ghortughadh a láimhe, agus chuireas an liathróid ar ais gach éan-uair. I gceann tamaill rinne an Cuinneach beag ruith eile - ba bhreagh an cheithirlín fir é - agus bhuail sé buille uirri i ngoireacht deich slat dam. Chuir sé abhfad san aer í acht bhí a fhios agam féin go raibh sí ag triall ar an dtaobh thall de'n abhainn. "Dia lem' anam" arsa mise, "atá an lá caillte," acht mar sin féin thógas aga reatha chum na habhann; d'éirigheas de bhaoithléim éadtrom agus thuirlingeas de léim fiche troigh ar an bport eile. Rángas an liathróid ar a tuitim di agus chuireas ar ais í go lár an choimheascair arís. Á, a mhic ó, b'é sin an an uair bhí na fir ann agus ní mar na spreasáin atá ann anois. Bhí croidhe agus misneach ionnam- sa an uair sin; acht ní héan-mhaith bheith ag éagcaoineadh anois. Chuireadar go léir árd-gháir ghrinn asta, acht sé dubhras im' aigne féin - "Ní fheadar an raibh Sighle ag féachaint orm!" Críochnuigheadh an báire fá dheireadh gan buadh gan buaidhirt do bheith ar éan-taobh. Chuadhas féin síos go dtí an abhainn; nigheas mo lámha agus m'aghaidh agus chuir- eas slacht orm féin chum rinnce. Bhí Tadhg Caoch O Fearghaill ag píobaireacht ann agus na daoine óga go léir ag rinnce ar an mbán. Bhí Sighle ag rinnce nuair rángas an áit. B'amhladh bhíodh gach re gcuireadh ag na mnáibh agus ag na fearaibh an uair sin. Ar chríoch- nughadh an chuir d'fhéach Sighle timcheall uirri gur thuit rinn a dá rosc orm-sa. Tháinig sí anall. "Cuirim ort," ar sise. "Leigim leat agus céad míle fáilte" arsa mise. Ar chríochnughadh an chuir sin dúinn thugas an t-ath-chuireadh do Shighle cé nach raibh sé gnáthach a leithéid do dhéanamh, acht ní raibh neart agam air. Ní fhuaramar faill ar
móran cainnte dhéanamh le n-a chéile mar tar éis an rinnce chuir sí a brat uirri agus d'imthigh léithi abhaile chum crúidhte. Caithfead an scéal do ghiorrughadh mar tá an drúcht ag tuitim. Níor bh'fhada go raibh Sighle agus mé fhéin go han-mhór le chéile. Théidhinn uair nó dhó sa tseachtmhain chum a tighe dá féachaint agus bhí báidh ag an sean-mhnaoi liom. Acht ní raibh cara sa tsaoghal nídh ba sheasmhaighe ná nídh b'fhearr 'ná Micheál. Bhí dlúth-cháirdeas eadrainn agus ní raibh beirt dearbhráthar i n-éan-áit chomh geanamhail ar a chéile. Rin- neadh cleamhnas damh-sa agus do Shighle agus pósadh sinn thuas i dteampull an tSléibhe. Bhí saoghal sonasach rathamhail againn. Ní raibh uireasbha san tsaoghal orainn agus bhí ár sláinte againn. Ba mhinic adubhramar go mb'é Dia féin do bhronn a bheannacht orainn an lá casadh ar a chéile sinn; acht dob' é A thoil naomhtha gur tháinig lá na doindinne orainn ar luathas, agus fáilte roimh A thoil! Is mairg an té chuireas iomlán a dhóchais i nidhthibh an tsaoghail seo mar ní'l le fagháil san domhan so acht mhí-shásamh agus crádh chroidhe. Éan-Domhnach amháin tar éis dúinn dul chum Aifrinn an tSléibhe casadh Micheál orainn agus dubhairt sé le Sighle go raibh a máthair 'n-a luighe le tinneas éigin agus go mb'fhearr di dul dá féachaint tar éis an Aifrinn. Bhí imnidhe ar Shighle agus sceinn sí amach nóimeat nó dhó roimh an phobul. Tar éis Aifrinn bhuail na daoine amach agus síos an bóithrín cumhang cois na habhann. Nuair thángamar ar aghaidh strapa iothlann na bhFlannach chonncamar sluagh píléirí ag teacht dár n-ionnsaighe agus bhíomar ag ceapadh gur bh'é Diarmaid O Cearnaigh bhí uatha mar bhí tóir air mar gheall ar bheith ag déanamh uisce beatha; acht tháinig an Sáirseant anall agus do tharraing amach cáipéis os cómhair Mhichíl. Do léigh sé amach go raibh dearbhughadh déanta go raibh Micheál 'n-a Therí agus go raibh sé chum é ghabháil: "agus," ar seisean, "gabhaim anois thú i n-ainm an ríogh." Thug sé iarracht ar bhreith air. "Bíodh sé sin agat," ar Micheál, "i n-ainm an ríogh agus is féidir leat a rádh leis gurab é an cleas céadna dhéanfainn leis-sean;" agus bhuail Micheál le dorn ag bun na cluaise é agus do chuir a leithéid sin de mheidheán 'n-a cheann go raibh sé ag síor-chasadh thimcheall mar chirc dhaill nó gur thuit sé 'n-a leibide péirse uaidh. Acht d'éirigh an t-ár annsoin. Thug na píléirí fogha millteach fúinn agus b'éigean dúinn teicheadh uatha mar nach raibh cóir chosanta againn ná cóir throda. Straca- mar na buin fuinnseóige bhí ag fás san iothlainn agus d'fhilleamar go mear agus go borb. Ghabhadh ar na creachairíbh le bataíbh agus le clochaibh agus sháthadar-san na craoiseacha ionnainn. Sheasuigheadar go dána nó go raibh urmhór díobh stoltha, agus nuair bhí an cath geall le bheith críochnuighthe tháinig an Sáir- seant chuige féin agus bhí sé ag tabhairt a bhóthair air nuair buaileadh le buille cloiche san éadan é agus thuit sé fuar marbh. Sgara- mar go léir le n-a chéile annsoin agus chuamar abhaile. Ní raibh a fhios agam an uair sin gur marbhuigheadh fear, acht go deimhin ba cheart dam fhios a bheith agam anois. Ba mhór agus ba throm an díoghaltas a bhaineadh amach mar gheall air; crochadh cúigear agus bhí Micheál bocht ar dhuine aca. Crochadh san éagcóir, beirt nach raibh ann ar chor ar bith. Um thráthnona tar éis na ba cheangailt agus féar do thabhairt dóibh, ghluaiseas liom suas go tigh Mhuinntir Dhonnchadha. Bhí Sighle agus a máthair ann agus bhí Micheál imthighthe ag iarraidh an tSagairt chum na hOla chur ar an tsean- mhnaoi mar nach raibh feabhas ar bith uirri. Shuidheas féin agus Sighle cois na teineadh agus bhíos ag innsint mhóir-scéil an lae dhi nuair
buaileadh an dorus. "Foscail," ar an fear amuigh, "foscail an dorus go tapaidh." "A Mhuire Mhúirnigh," arsa Sighle, "is iad na píléirí atá ann; téidh i bhfolach nó teich amach an dorus iadhta." " Ní dhéanfad," arsa mise. "Agus i n-ainm Dé cad déan- fhaidh tú mar sin?" "Troid," arsa mise, agus do thógas feac ráinne bhí 'n-a seasamh le giall an doruis. Tugadh guala dho'n dorus agus briseadh isteach é. "Á," ar an treóruidhe, "an é tusa atá annso? atá iasc eile gabhtha nár líon againn." "Cad atá uaibh?" ar Sighle. "Éist do bhéal, a chlabaire óin- sighe," ar seisean, "nách mór theastuigheann fios uait." "A mhéirligh," ar seisean, ag iompódh orm-sa, "bhís láithreach ag marbh- ughadh an tsáirsint indiu agus tá ceannrach chnáibe ag feitheamh leat." "Dar ndóigh," ar Sighle, "ní marbhóchthaidhe éinneach dá leigfidhe dho sna daoinibh." "Ná dubhras leat -." "Dubhraís," ar sise, agus seo cómhartha dhuit go ndubhraís," agus bhuail sí le tuairgín lín é agus do leag ar lár é. "Mo ghrádh thú," arsa mise: "scaoil mise fútha anois," agus do leadhbas iad chomh hobann soin go raibh ceathrar aca gortuighthe agam sul ar mhothuigheadar go maith cad do bhí ar siubhal agam. Rug triúr na cosa uaim an dorus amach. "Múch an solus," arsa mise le Sighle. Is ar éigin bhí sé múchta aici nuair leig sí scread aisti; "A Dhia, saor sinn," ar sise; "ó táim marbh." Do stad Donnchadh annso agus do chuir racht chasachtaighe as. "Ó, na cladhairí!" ar seisean; "chuir- eadar bior isteach tríd an bhfuinneóig agus sháthadar tríd an muinéal í. Níor fhan brigh im' ghéagaibh ná áis im chuisleannaibh nuair chonncas Sighle ag tuitim. Thógas suas í chum í bhreith suas ins an tseomra acht bhuaileas mo chos fá dhiabhal bhí sínte ar an urlár agus thuiteas. Bhí mé im' dhíriughadh féin chum éirighthe nuair buaileadh ar chúl mo chinn mé go fealltach agus thuit mé gan mheamhair gan bhrigh. Nuair thángas chugham féin arís bhí cuibhreacha daingne orm agus mé idir bheirt phíléirí ar mhuin lárach Michíl. Bhí pian im' cheann agus gach ball dem' chorp ar mhin- chreathadh le huireasbhaidh chabhrach. Bhíos ag iarraidh a dhéanamh amach caidé an toirmeasc do bhain do Shighle nuair stad an capall. Bhí fear breagh cuthaigh ar lár an bhóthair agus é ag greadadh na bpíléirí le bata. D'aith- nigheas dealbh Mhichíl agus do ghoill sé go mór orm nár bh'fhéidir liom lámh chonganta thabhairt dó acht níor bh'fhada an mhoill air iad do chur ar teicheadh mar nach raibh le troid aige acht triúr, bhí an chuid eile claoidhte cheana. Ghearr sé na cuibhreacha dhíom féin agus do phreab sé suas ar chúlóig. Bhí sé ag teacht abhaile, adubhairt sé, nuair chonnaic sé an dream ag teacht chuige aniar; chuaidh sé i bhfolach agus d'aithin sé a láir fhéin agus mise ar a druim i measc na bpíléirí. Ann- soin d'fhill sé ar ais agus tháinig amach romhainn ar an mbóthar. Rinneamar deabhadh abhaile agus bhí Sighle go fann lag annsoin romhainn. Bhí mise as mo mheamhair; bhí mo thinneas aigne abhfad nídh ba mheasa orm ná an chréacht do bhí ar mo chúl." Tháinig racht eile chasach- taighe air. "An bhfuair sí biseach?" arsa mise. "Fuair, a bhuachaill," arsa Donnchadh agus na frasa deór ag tuitim leis; "fuair sí leigheas ó'n tSagairt nuair tháinig sé. Níor mhair sí acht go breacadh an lae." "Mo thruagh thú, a dhuine bhocht," arsa mise; "is doilgheasach an scéal atá agat, acht an raibh díoghaltas - " "Éist," arsa Donnchadh, "ná cuir ceist mar í sin orm agus ná trácht le sean-duine atá ar bhruach na huaighe ar dhíoghaltas; is cuma anois. Molaim-se Dia thug sláinte dham agus saoghal fada chum guidhe ar son a hanama. Bhíos féin tabhartha suas
chum báis ar feadh trí seachtmhain 'n-a dhiaidh sin, agus bhíos i bhfolach i dtigh an tSagairt go ceann ráithe fhada díreach. Fá dheireadh d'éaluigheas liom anonn go Sasanna agus d'fhanas annsoin nó go raibh "cath Linn na bhFear" imthighthe as cuimhne. Thángas ar ais ins an droch-aimsir acht ní raibh duine dem' cháirdibh ná dem' ghaoltaibh beó ins an áit seo. Táim im "spailpín fánach" ó shoin ag saothrughadh mo choda annso agus ann- súd agus im' dheóruidhe im' thír dhúthchais. Sin é mo scéal-sa dhuit; ní dócha go bhfuil iongan- tas ort anois nach bhfuil fonn pósta orm. Och, táim fuair tuirseach, agus tá sé i n-am dúinn bheith ag triall abhaile; siubhlaimís." Faill = opportunity. Toirmeasc = accident, obstacle. Anachain = harm, danger. Is 'mdhó báire sheasuigheas = Is 'mdhó báire stiúr- uigheas, nó threóruigheas. Bas, leas - na sean-ainmneacha (is iad na focail atá coitcheann anois - bas agus deas). Íodáil (scríobhtha de réir fuaime) - fear bríoghmhar gníomhach. Brac-isteach = scrimmage. Ag tairgsint fir = challenging. Sitilt = foot-hold on spade. Cúla-'sé seo an focal agus ní cúl. (Cúla = cul- báire). Chlis = foiled, failed. Arthadh = charm (also orthadh). "Leónadh, gortughadh" - sean-ghnás. As uilinn = out of joint. Ag rabhairt a bhóthair ar = running away. COS OBANN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services