Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cruadhtan.

Title
Cruadhtan.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CRUADHTAN.



BHÍOS im' chomhnuidhe i n-Inis-dá-
dhrom nuair casadh orm
Donnchadh Mór O Dubhda.
Bhí sé 'n-a fhear
oibre ar thuarasdal
lae ag Séamas
Dhiarmada, agus bhíos féin
ar lóistín i dtigh Shéamais.
B'ó'n tír-mhóir tháinig
Donnchadh agus bhí bádh aige
liom-sa de bharr nach rabhas féin im' oileánach,
acht b'é tosach ár gcáirdis Donnchadh bheith
n-a Ghaedhilgeóir agus mise bheith ag foghluim na
Gaedhilge uaidh. Ní raibh meas ar bith aige
ar mhuinntir an oileáin mar ní raibh focal
Gaedhilge aca ná suim aca innti.



Éan-tráthnóna amháin bhíos ag siubhal
timcheall gan mórán le déanamh agam (agus
go deimhin ba mhinic an galar sin orm ann-
súd). Bhí gunna agam ar mo ghualainn ag
braith go bhfuighinn faill lámhaigh ar lachanaibh
fiadhaine acht bhí an aimsir ró-bhog agus ní
rabhadar ag teacht chum trágha. Chuadhas ar
mhullach an Chnuic Mhóir chum amharc maith
d'fhagháil mór-thimcheall, acht ní raibh lacha ar
bith le feicsint. Bhí Donnchadh Mór ag obair
thíos i ngarraidhe na Cille agus bhuaileas chuige
síos.



"Bail ó Dhia ort, a Dhonnchadh," arsa mise.



"Dia Mór dhuit agus Muire," ar seisean,


L. 163


"agus fáilte romhat; bhí uaigneas ag teacht orm
ann so; acht cá bhfuil adhbhar an anbhruithe ba
cheart duit bheith agat? Nach maith iad na
cleití árduigheas an fheóil leótha. Féach
anois dá mbeinn-se mar thú dhéanfainn
taithighe lámhaigh ar chearcaibh Nainsín."



"Tá fonn magaidh ort, a Dhonnchadh," arsa
mise. "Thabharfainn an leabhar gur tusa
féin an fear a dhéanfadh gearán orm dá
mbainfinn leótha. Chualaidh mé go rabhais ag
déanamh cleamhnais léithi."



"Acht ní bhainfeá leótha," ar seisean.
"Dubhairt Séamus liom ná buailfeá na
Cruacha Bréige. Mar sin féin tá an sean-
chuigéal sin dírighthe agat orm-sa anois;
leag annsoin ar an iomaire é agus go ndéanaidh
Dia buachaill mór maith dhíot."



"Dia idir sinn agus an anachainn," arsa mise;
"ní raibh a fhios agam go rabhais i gcon-
tabhairt ar bith, agus níor mhaith liom go
n-éireóchadh éan-toirmeasc duit."



"Chaithfeá an bhaintreabhach a phósadh," arsa
Donnchadh, ag gáiridhe agus ag cur na ráinne
síos go saitilt le héan-tsáthadh amháin. Níor
chualaidh mé riamh go raibh sé pósta agus ní
raibh sé d'fhonn air trácht ar bith a dhéanamh
ar laethibh a óige.



"Ní'lir-se pósta," arsa mise; "dá
mbeitheá ní bheitheá ag déanamh cleamhnais
le Nainsín."



"Ní'lim," ar seisean, "agus ní'l fonn pósta
orm acht an oiread." Shíleas go raibh sé ar
magadh.



"Ó," arsa mise, "inneósad do Nainsín
go bhfuilir ag magadh fúithi."



"Féach, a bhuachaill, glac comhairle uaim;
ná bí im' shuathadh le Nainsín na le héan-
mhnaoi eile; is ait an fear mé, agus b'fearr
dhuit gan fearg a chur orm."



Chuir sé iongantas orm, mar bhí a fhios
agam gur thuig sé go maith mé. "Iarraim
maitheamhnas ort, a Dhonnchadh," arsa mise;
"cheapas nách raibh díoghbháil ar bith i n-éin-
nídh adubhras. Táir ag cur éagcóra éigin
orm acht is fada arís go gcuirfead móisiam
ar bith ort. Go dtugaidh Dia oidhche mhaith
dhuit anois."



Thógas an gunna, agus bhíos ag bailiughadh
liom nuair ghlaoidh sé orm ar ais.



"Tar i leith chugham," ar Donnchadh.
"Táim-se cionntach; níor mhaith liom go
mbeadh éin-bhriseadh amach eadrainn. Is
fíor é an sean-fhocal, ag dul i n-aois ag dul
in olcas; táim te nimhneach agus ná cuir suim
ionnam. Dá mbeadh mo shaoghal-sa craobh-
scaoilte ós do chomhair ní thabharfá milleán
dam. Croith lámh liom anois, sin é é, táir
id' bhuachaillín mhuinntreadha lághach cneasda,
acht cogar, an féidir leat rún do chongbh-
áilt?"



"Is dóigh liom gur féidir," arsa mise,
"má tá riachtanas leis."



"Inneósad mo scéal duit," ar Donnchadh,
"acht congaibh do bhéal n-a chomhnuidhe. Tar
liom suas annso fá scáth na sceiche gile,
tá fothain ann agus beidh gal tabac againn."



Shiubhlamar suas le cois a chéile. Bhí
Donnchadh 'n-a fhear mhór chumasach; ní dóigh
liom go bhfacaidh mé fear ar bith riamh bhí
chomh mór-chnámhach leis. Bhí an t-am sin, i
n-aois a dheich mbliadhan is trí fichid. Do
bhí sé ós cionn sé troighthe ar aoirde. Bhí sé
beagán cromtha acht ní raibh cruit air; bhí
slinneáin leathna aige agus géaga fada loma
ná raibh ortha acht fonnsaí agus téadracha cuis-
leann; agus bhí cabhaill dhoimhin daingean air.
Shuidheamar i bhfascadh na sceiche agus dhearg
mé a phíopa dhó. Chaith sé toit mhaith as agus
annsoin shín chugam-sa é. "Go bhfuasclaidh
Dia ar anmnaibh na marbh," ar seisean.
"Éist liom go haireach anois agus beidh truagh
agat do'n tsean-deóruidhe bhocht. Do phós


L. 164


mise deich mbliadhna agus dá fhichid ó shoin, sul
ar shroicheas aos fir. Ní rabhas bocht dealbh
an uair sin mar atáim anois, acht ní cóir
dham bheith ag gearán; dar ndóigh tá buidhea-
chas agam do Dhia na gComhacht d'fhág neart
mo cheithre chnámh agam agus mo shláinte. Fuair
m'athair agus mo mháthair bás nuair bhíos seacht
mbliadhna déag d'aois, agus d'fhágadh mise
i bhfeidhil na feirme bige mar nach raibh clann
eile ar bith aca acht mé fhéin. Ní fhuaireas
scoláireacht ná léigheann mar nach raibh oide
scoile le fagháil le linn m'óige, acht go
deimhin féin ní mór an t-athchumhadh atá orm
nár chuireadh ar ghall-scoil mé chum Sasannach
a dhéanamh dhíom mar atá dá ndéanamh de
leanbhaíbh na tíre. Ó, mo chreach! is iongan-
tach atá an saoghal iompuighthe amach; ní'l
faic anois againn acht galldacht, agus éirghe-
in-áirde, agus galántacht, mar 'dh eadh. Féach
mar atá an iomáint féin imthighthe! Ní'l
éan-mhaith bheith ag cainnt; acht shiubhalfainn
as so soir go Bunraite dá mbeadh báire
maith le feicsint ann. Is 'mdhó báire
sheasuigheas féin acht caithfead cunntas
cruinn do thabhairt duit ar éan-bháire amháin
a sheasuigheas do Pharáiste Chill Chríost i
n-aghaidh Paráiste an tSléibhe. Buaileadh
an báire sin thuas ar faithche an Mhóinín. B'é
sin ceann-lá mo shaoghail-se, agus is féidir
liom fuaim gach buille dár bhuaileas ar an
liathróid do chloistin fós nuair ritheann an
chuimhne trém' aigne. Tá leath-chéad bliadhain
ó shoin anois ann, acht tá imtheachta an lae
sin curtha tré n-a chéile agam chomh minic sin
go bhfuil glan-mheamhair agam ar gach nídh
do thuit amach. Bhí an Móinin trí chéad slat
ar faid agus céad go leith slat ar leithead agus ba
ró-dheas an pháirc í chum iomána. Bhí an
abha mar theórainn uirthi ó thuaidh agus claidhe
cloiche ó dheas, agus dá gcuirfidhe an liathróid
treasna na teórann ar éan-taobh bheadh
cluithche buaidhte ag an muinntir a chuirfeadh
amach í. Bhíomar nídh ba throime ná buachaillí
an tSléibhe acht bhíodar-san abhfad nídh ba
lúthmhaire 'ná sinne. Nuair bhaineamar dínn
ar gcuid éadaigh sheasuigheamar ós comhair
a chéile gan snáithe orainn acht léine ghairbh-
lín agus bríste gairid. Thóg gach fear greim
ar chamán an fhir bhí ós a chomhair agus tar éis
comhairimhthe na bhfear sheasaimh Domhnall
Buidhe Ua Ceannaigh agus mise ag deireadh an
raing agus shiubhaileadar an dá fhichead fear
eile amach fá chamán do bhí i n-áirde againn
dóibh. Annsoin chaith Domhnall Buidhe a
chamán san aer: "Bos nó leas," ar seisean;
"is leat-sa an rogha." "Leas," arsa mise,
"chum toghtha." "Ní headh" ar Domhnall,
"acht bas, agus is liom-sa an rogha." "Cá
bhfuil do chúl-báire a Domhnaill?" arsa
mise. "Ag an gclaidhe" ar seisean. Bhí
an ghaoth linne acht bhí deallramh na gréine
nár súilibh. Scaradar go léir ó n-a chéile
annsoin agus chuaidh gach fear go dtí an áit bhí
ceaptha dhó. Caitheadh suas an liathróid
annsoin i gceart-lár na páirce idir Dhomhnall
agus mise agus cuireadh dá tiomáint go héascaidh
í soir siar ó dhuine go duine. Bhíos féin
chum bheith ar chúla agus ritheas síos agus sheasuigheas
fiche slat ó'n abhainn agus mo dhruim léithi. 'Sé
Micheál Thaidhg Fhada O Donnchadha bhí mar
fhear tosaigh ag muinntir an tSléibhe agus
tháinig sé anall i n-aice dham. Ba mhaith an
íodáil é go deimhin, agus thug sé mó lán-dóthain
le déanamh dham. Bhíos i gcontabhairt an
liathróid do leigint leis uair nó dhó, mar bhí
sé an-ghlic, acht rinne O Maonaigh Geanncach
fóirithin orm. Éan-uair amháin gur chuir
Geannc ar ais í le poc i n-áirde ritheadar
go léir isteach fúithi chum brac-isteach a bheith
aca. Chífeá na camáin san aer agus na buillí
dá mbualadh acht bhí na fir brúighte dingthe
suas i gcoinne a chéile agus níor bh'fhéidir leótha


L. 165


í chur amach. Bí ceathrar nó cúigear ag
faire mór-thímcheall an choimheasgair mar
bheadh cat ag faire ar pholl luiche. Bhí neart
agus meadhchan ar dtaoibh-ne ag cur na bhfear
eile i ndiaidh a gcúl go mall agus shíleas go
gcuirfidhe siar go claidhe iad nuair cuireadh
amach í go hobann. Bhí an Cainneach beag
ag feitheamh léithi agus thóg sé ar bhais a chamáin
í agus do rith léithi chomh dian agus bhí 'n-a chosaibh agus
nuair bhí Geannc ag teacht suas leis do
bhuail sé fá n-ar ndéin í. Bhí a fhios agam
dá bhfaghadh Micheál buille uirri go gcuir-
feadh sé thar abhainn gan amhras í; chuireas
stuaic orm féin chum é leagadh lem' ghual-
ainn, acht d'éirigh sé de bhaoithléim agus chuaidh
thar mo ghualainn anonn. Baineadh tuisle
asam agus thuiteas. Ní raibh duine i ngaobhar
do Mhicheál chum an liathróid do bhaint dé.
Bhuail sé le bais a chamáin í ar nós gur léim
sí suas; thug cnag beag eile dhi chum í
chothromugadh agus bhí sé díreach glan ar thí a
buailte nuair thugas leath-ghuala dhó isteach
idir a dhá shlinneán agus chuireas ar fleasc a
dhroma é. Bhuaileas an liathróid ar ais ar
mo chaothamhlacht.



Phreab Micheál 'n-a sheasamh agus é ar buile.



"B'fhealltach an bheart í sin," ar seisean,
"Theip ort mé leagadh an chéad uair acht
tháinig tú an dara huair i ndiaidh mo chúil.
Ní hé sin nós imreasa na n-iománuidhthe, acht
dein arís é agus déarad gur buachaill mis-
neamhail tú."



"Éist do bhéal a dhuine," arsa mise. "An
amhlaidh mheasann tú go bhfuil eagla orm
romhat? Bíodh a fhios agat nach cailleach
mise agus go bhfuil sé im' chumas thu chur ar lár a
ded' dheóin nó ded' aimhdheóin."



"Ní rugadh leat é," ar seisean, ag
caitheamh a chamáin ar an dtalamh. Chuir
mise mo chamán anuas ar. B'é sin an
comhartha go raibh sé ag tairgsint fir dam
agus go rabhas féin ag tabhairt an chuiridh dhó.
Ná ceap go rabhamar chum gabháil ar a chéile
le doirnibh ná le clochaibh, bhíomar chum cor
imreasgabhála bheith againn agus tógadh suas an
liathróid agus chruinnigh na fir 'n-ár dtimcheall.
Rugamar ar a chéile go dlúth docht - lámh
ar íochtar agus lámh ar uachtar. "Bhfuilir
ullamh?" arsa mise. "Bhíos ullamh sula
rugas ort," ar Micheál. Chuir dí-mheas an
fhreagra buile orm. Thugas éan-fháisc amháin
dó agus bhailigheas isteach chugham é; annsoin
lúbas siar é le neart mo ghuailne agus chuireas
fúm síos é. "Cor eile," ar seisean. "Mar
is maith leat," arsa mise, agus ghreamuigheamar
a chéile an ath-uair. Bhí sé an-aireach agus níor
bh'fhéidir liom bontáiste ar bith fhagháil air.
Bhí sé ag lúbadh agus ag cleasuidheacht go
bhfuair sé a ghuala chur i gcoinne m'uchta.
"Caith é a Mhichíl," ar guth mná san gcoimh-
thionól, "nó ná tabhair d'aghaidh ar an mbaile
anocht." Bhain an guth preab asam agus bhí fonn
orm iompódh timcheall nuair thóg Micheál
na cosa dhíom agus do chuir ar chúl mo chinn mé.



Chualaidh mé an bhean ag gáiridhe agus ag
greadadh bas. "An tríomhadh cor," arsa
mise, agus thugamar fogha sanntach fá n-a chéile.
Chongaibh sé a chosa abhfad uaidh siar agus do
chlis gach iarracht do thugas ar é stracadh
chugham isteach. Thógas de'n talamh go minic
é acht ba dhóigh leat go raibh seacht gcosa
fé, bhí sé chomh aibidh agus chomh glic sin. "Ní
leagfá go hoidhche Nodlag é," ar an bhean.
"Tuitfidh sé fúm," arsa mise, "dá mb'éigin
dam fanamhaint mar seo go mbeadh an
chlais is úire i nÉirinn dúnta." "Bog dé,"
ar na fir, "tá sibh araon cortha." Acht níor
bhogamar. Thugas iarracht ar a chaitheamh
tharm siar, acht filleadh fé ar leath-ghlúin, agus
níor éirigh liom. Ar filleadh dham thuit sé
orm anuas agus rugamar ar a chéile arís. Ní
rabhamar 'n-ár seasamh go cothrom nuair


L. 166


thug sé cor-coise dham acht thugas-sa casadh
dhó-san agus thuit sé fúm. Tháinig a lámh fé
agus cuireadh a ghéag as uilinn. Do liúigh an
bhean. "A chladhaire," ar sise, "tá mo
dhearbhráthair donaighthe agat." "Éist, a
Shighle," ar Micheál, "ní'l orm acht gur
baineadh casadh as mo láimh." "Leig damh-
sa í tharraingt," arsa mise, agus do shín sé
chugham í. Thairrngeas trí huaire í, agus le
cabhair an arthaidh "leónadh agus gortughadh" bhí
sé chomh slán agus bhí sé riamh. "Ní'l faic orm
anois," ar seisean, "go bhfágaidh Dia do
shláinte agat."



"Is truagh nach fear mise," ar an bhean agus
smiod-gháire uirri, "i gcaoi go mbeadh
sásamh agam asat; is tubaisteach an t-im-
reasgabháluidhe thú." Thógas mo cheann agus
d'fhéachas uirri. Ní fhaca mé riamh bean
chomh breágh. Bhís ag léigheadh dham aréir ar
Niamh Chinn Óir, an bhean do mheall Oisín,
acht ná bí ag cainnt, dá bhfeictheá Sighle!
Dá mbeinn-se im' fhile b'fhéidir go bhféad-
fainn a feabhas agus a scéimh do chur i n-umhail
duit, acht ní'lim. Tá aithne agat ar Mháire
Seacht mBó annso thiar? Seadh; bhí Sighle
seacht n-uaire níos dathamhla agus céad uair
níos cruthamhla ná Máire, agus tá fhios agat go
bhfuil Máire 'na cailín deas. Níor bh'féidir
liom mo shúile iompódh uaithi agus bhíos ag
féachaint uirri chomh fada sin gur gháir gach
uile dhuine fúm agus annsoin thángas chugham
fhéin. "Bheirim-se mo bhriathar," arsa mise,
dá freagradh, "go mba mhór an méala liom-
sa dá mbeitheá, mar b'fhearr liom féin mar
mhnaoi thú." Thug sí súil-fhéachaint ghéar
obann orm agus d'imthigh léithi i measc na mban.



Tosnuigheadh ar imirt arís, acht níor thugas
fogha fá Mhicheál nídh ba mhó. Mhothuigheas
go raibh Sighle ag faire orm agus dubhras im'
aigne féin nach leigfinn an liathróid tharm
dá bhféadfainn í chongbháilt istigh le stuaim
nó le faobhar-bhrigh. Bhí sí ag teacht orm
abhfad nídh ba mhincí ná ba mhaith liom acht ní
raibh Micheál chomh fuinneamhail agus bhí sé roimh
ghortughadh a láimhe, agus chuireas an liathróid
ar ais gach éan-uair. I gceann tamaill
rinne an Cuinneach beag ruith eile - ba bhreagh
an cheithirlín fir é - agus bhuail sé buille uirri
i ngoireacht deich slat dam. Chuir sé abhfad
san aer í acht bhí a fhios agam féin go raibh
sí ag triall ar an dtaobh thall de'n abhainn.
"Dia lem' anam" arsa mise, "atá an lá
caillte," acht mar sin féin thógas aga reatha
chum na habhann; d'éirigheas de bhaoithléim
éadtrom agus thuirlingeas de léim fiche troigh
ar an bport eile. Rángas an liathróid ar
a tuitim di agus chuireas ar ais í go lár an
choimheascair arís. Á, a mhic ó, b'é sin an
an uair bhí na fir ann agus ní mar na spreasáin
atá ann anois. Bhí croidhe agus misneach ionnam-
sa an uair sin; acht ní héan-mhaith bheith ag
éagcaoineadh anois. Chuireadar go léir
árd-gháir ghrinn asta, acht sé dubhras im'
aigne féin - "Ní fheadar an raibh Sighle ag
féachaint orm!" Críochnuigheadh an báire
fá dheireadh gan buadh gan buaidhirt do bheith
ar éan-taobh. Chuadhas féin síos go dtí an
abhainn; nigheas mo lámha agus m'aghaidh agus chuir-
eas slacht orm féin chum rinnce. Bhí Tadhg
Caoch O Fearghaill ag píobaireacht ann agus na
daoine óga go léir ag rinnce ar an mbán.
Bhí Sighle ag rinnce nuair rángas an áit.
B'amhladh bhíodh gach re gcuireadh ag na mnáibh
agus ag na fearaibh an uair sin. Ar chríoch-
nughadh an chuir d'fhéach Sighle timcheall uirri
gur thuit rinn a dá rosc orm-sa. Tháinig sí
anall. "Cuirim ort," ar sise. "Leigim
leat agus céad míle fáilte" arsa mise. Ar
chríochnughadh an chuir sin dúinn thugas an
t-ath-chuireadh do Shighle cé nach raibh sé
gnáthach a leithéid do dhéanamh, acht ní raibh
neart agam air. Ní fhuaramar faill ar


L. 167


móran cainnte dhéanamh le n-a chéile mar
tar éis an rinnce chuir sí a brat uirri agus
d'imthigh léithi abhaile chum crúidhte. Caithfead
an scéal do ghiorrughadh mar tá an drúcht
ag tuitim. Níor bh'fhada go raibh Sighle agus mé
fhéin go han-mhór le chéile. Théidhinn uair nó
dhó sa tseachtmhain chum a tighe dá féachaint
agus bhí báidh ag an sean-mhnaoi liom. Acht ní raibh
cara sa tsaoghal nídh ba sheasmhaighe ná nídh
b'fhearr 'ná Micheál. Bhí dlúth-cháirdeas
eadrainn agus ní raibh beirt dearbhráthar i
n-éan-áit chomh geanamhail ar a chéile. Rin-
neadh cleamhnas damh-sa agus do Shighle agus pósadh
sinn thuas i dteampull an tSléibhe. Bhí
saoghal sonasach rathamhail againn. Ní raibh
uireasbha san tsaoghal orainn agus bhí ár sláinte
againn. Ba mhinic adubhramar go mb'é Dia
féin do bhronn a bheannacht orainn an lá
casadh ar a chéile sinn; acht dob' é A thoil
naomhtha gur tháinig lá na doindinne orainn
ar luathas, agus fáilte roimh A thoil! Is mairg
an té chuireas iomlán a dhóchais i nidhthibh an
tsaoghail seo mar ní'l le fagháil san domhan
so acht mhí-shásamh agus crádh chroidhe.



Éan-Domhnach amháin tar éis dúinn dul
chum Aifrinn an tSléibhe casadh Micheál
orainn agus dubhairt sé le Sighle go raibh a
máthair 'n-a luighe le tinneas éigin agus go
mb'fhearr di dul dá féachaint tar éis an
Aifrinn. Bhí imnidhe ar Shighle agus sceinn
sí amach nóimeat nó dhó roimh an phobul.
Tar éis Aifrinn bhuail na daoine amach agus
síos an bóithrín cumhang cois na habhann.
Nuair thángamar ar aghaidh strapa iothlann
na bhFlannach chonncamar sluagh píléirí ag
teacht dár n-ionnsaighe agus bhíomar ag ceapadh
gur bh'é Diarmaid O Cearnaigh bhí uatha mar
bhí tóir air mar gheall ar bheith ag déanamh
uisce beatha; acht tháinig an Sáirseant
anall agus do tharraing amach cáipéis os
cómhair Mhichíl. Do léigh sé amach go raibh
dearbhughadh déanta go raibh Micheál 'n-a
Therí agus go raibh sé chum é ghabháil: "agus," ar
seisean, "gabhaim anois thú i n-ainm an
ríogh." Thug sé iarracht ar bhreith air. "Bíodh
sé sin agat," ar Micheál, "i n-ainm an ríogh
agus is féidir leat a rádh leis gurab é an
cleas céadna dhéanfainn leis-sean;" agus
bhuail Micheál le dorn ag bun na cluaise é
agus do chuir a leithéid sin de mheidheán 'n-a
cheann go raibh sé ag síor-chasadh thimcheall
mar chirc dhaill nó gur thuit sé 'n-a leibide
péirse uaidh. Acht d'éirigh an t-ár annsoin.
Thug na píléirí fogha millteach fúinn agus
b'éigean dúinn teicheadh uatha mar nach raibh
cóir chosanta againn ná cóir throda. Straca-
mar na buin fuinnseóige bhí ag fás san
iothlainn agus d'fhilleamar go mear agus go
borb. Ghabhadh ar na creachairíbh le bataíbh
agus le clochaibh agus sháthadar-san na craoiseacha
ionnainn. Sheasuigheadar go dána nó go
raibh urmhór díobh stoltha, agus nuair bhí an cath
geall le bheith críochnuighthe tháinig an Sáir-
seant chuige féin agus bhí sé ag tabhairt a
bhóthair air nuair buaileadh le buille cloiche
san éadan é agus thuit sé fuar marbh. Sgara-
mar go léir le n-a chéile annsoin agus chuamar
abhaile. Ní raibh a fhios agam an uair sin
gur marbhuigheadh fear, acht go deimhin ba
cheart dam fhios a bheith agam anois. Ba
mhór agus ba throm an díoghaltas a bhaineadh
amach mar gheall air; crochadh cúigear agus bhí
Micheál bocht ar dhuine aca. Crochadh san
éagcóir, beirt nach raibh ann ar chor ar bith.
Um thráthnona tar éis na ba cheangailt agus
féar do thabhairt dóibh, ghluaiseas liom suas
go tigh Mhuinntir Dhonnchadha. Bhí Sighle agus a
máthair ann agus bhí Micheál imthighthe ag iarraidh
an tSagairt chum na hOla chur ar an tsean-
mhnaoi mar nach raibh feabhas ar bith uirri.
Shuidheas féin agus Sighle cois na teineadh agus
bhíos ag innsint mhóir-scéil an lae dhi nuair


L. 168


buaileadh an dorus. "Foscail," ar an fear
amuigh, "foscail an dorus go tapaidh."
"A Mhuire Mhúirnigh," arsa Sighle, "is iad
na píléirí atá ann; téidh i bhfolach nó teich
amach an dorus iadhta." " Ní dhéanfad,"
arsa mise. "Agus i n-ainm Dé cad déan-
fhaidh tú mar sin?" "Troid," arsa mise,
agus do thógas feac ráinne bhí 'n-a seasamh le
giall an doruis. Tugadh guala dho'n dorus
agus briseadh isteach é. "Á," ar an treóruidhe,
"an é tusa atá annso? atá iasc eile
gabhtha nár líon againn." "Cad atá uaibh?"
ar Sighle. "Éist do bhéal, a chlabaire óin-
sighe," ar seisean, "nách mór theastuigheann
fios uait." "A mhéirligh," ar seisean, ag
iompódh orm-sa, "bhís láithreach ag marbh-
ughadh an tsáirsint indiu agus tá ceannrach
chnáibe ag feitheamh leat." "Dar ndóigh,"
ar Sighle, "ní marbhóchthaidhe éinneach dá
leigfidhe dho sna daoinibh." "Ná dubhras
leat -." "Dubhraís," ar sise, agus seo
cómhartha dhuit go ndubhraís," agus bhuail sí le
tuairgín lín é agus do leag ar lár é. "Mo
ghrádh thú," arsa mise: "scaoil mise fútha
anois," agus do leadhbas iad chomh hobann soin
go raibh ceathrar aca gortuighthe agam sul
ar mhothuigheadar go maith cad do bhí ar
siubhal agam. Rug triúr na cosa uaim an
dorus amach. "Múch an solus," arsa mise
le Sighle. Is ar éigin bhí sé múchta aici
nuair leig sí scread aisti; "A Dhia, saor
sinn," ar sise; "ó táim marbh." Do stad
Donnchadh annso agus do chuir racht chasachtaighe
as. "Ó, na cladhairí!" ar seisean; "chuir-
eadar bior isteach tríd an bhfuinneóig agus
sháthadar tríd an muinéal í. Níor fhan brigh
im' ghéagaibh ná áis im chuisleannaibh nuair
chonncas Sighle ag tuitim. Thógas suas í
chum í bhreith suas ins an tseomra acht bhuaileas
mo chos fá dhiabhal bhí sínte ar an urlár
agus thuiteas. Bhí mé im' dhíriughadh féin chum
éirighthe nuair buaileadh ar chúl mo chinn mé
go fealltach agus thuit mé gan mheamhair gan
bhrigh. Nuair thángas chugham féin arís bhí
cuibhreacha daingne orm agus mé idir bheirt
phíléirí ar mhuin lárach Michíl. Bhí pian im'
cheann agus gach ball dem' chorp ar mhin-
chreathadh le huireasbhaidh chabhrach. Bhíos ag
iarraidh a dhéanamh amach caidé an toirmeasc
do bhain do Shighle nuair stad an capall. Bhí
fear breagh cuthaigh ar lár an bhóthair agus é
ag greadadh na bpíléirí le bata. D'aith-
nigheas dealbh Mhichíl agus do ghoill sé go
mór orm nár bh'fhéidir liom lámh chonganta
thabhairt dó acht níor bh'fhada an mhoill air
iad do chur ar teicheadh mar nach raibh le
troid aige acht triúr, bhí an chuid eile
claoidhte cheana. Ghearr sé na cuibhreacha
dhíom féin agus do phreab sé suas ar chúlóig.
Bhí sé ag teacht abhaile, adubhairt sé, nuair
chonnaic sé an dream ag teacht chuige aniar;
chuaidh sé i bhfolach agus d'aithin sé a láir fhéin agus
mise ar a druim i measc na bpíléirí. Ann-
soin d'fhill sé ar ais agus tháinig amach romhainn
ar an mbóthar. Rinneamar deabhadh abhaile
agus bhí Sighle go fann lag annsoin romhainn.
Bhí mise as mo mheamhair; bhí mo thinneas
aigne abhfad nídh ba mheasa orm ná an chréacht
do bhí ar mo chúl." Tháinig racht eile chasach-
taighe air. "An bhfuair sí biseach?" arsa
mise. "Fuair, a bhuachaill," arsa Donnchadh
agus na frasa deór ag tuitim leis; "fuair sí
leigheas ó'n tSagairt nuair tháinig sé. Níor
mhair sí acht go breacadh an lae." "Mo
thruagh thú, a dhuine bhocht," arsa mise; "is
doilgheasach an scéal atá agat, acht an raibh
díoghaltas - " "Éist," arsa Donnchadh,
"ná cuir ceist mar í sin orm agus ná trácht
le sean-duine atá ar bhruach na huaighe ar
dhíoghaltas; is cuma anois. Molaim-se Dia
thug sláinte dham agus saoghal fada chum guidhe
ar son a hanama. Bhíos féin tabhartha suas


L. 169


chum báis ar feadh trí seachtmhain 'n-a dhiaidh
sin, agus bhíos i bhfolach i dtigh an tSagairt go
ceann ráithe fhada díreach. Fá dheireadh
d'éaluigheas liom anonn go Sasanna agus
d'fhanas annsoin nó go raibh "cath Linn na
bhFear" imthighthe as cuimhne. Thángas ar
ais ins an droch-aimsir acht ní raibh duine
dem' cháirdibh ná dem' ghaoltaibh beó ins an
áit seo. Táim im "spailpín fánach" ó
shoin ag saothrughadh mo choda annso agus ann-
súd agus im' dheóruidhe im' thír dhúthchais. Sin é
mo scéal-sa dhuit; ní dócha go bhfuil iongan-
tas ort anois nach bhfuil fonn pósta orm.
Och, táim fuair tuirseach, agus tá sé i n-am
dúinn bheith ag triall abhaile; siubhlaimís."



Faill = opportunity.
Toirmeasc = accident, obstacle.
Anachain = harm, danger.
Is 'mdhó báire sheasuigheas = Is 'mdhó báire stiúr-
uigheas, nó threóruigheas.
Bas, leas - na sean-ainmneacha (is iad na focail
atá coitcheann anois - bas agus deas).
Íodáil (scríobhtha de réir fuaime) - fear bríoghmhar
gníomhach.
Brac-isteach = scrimmage.
Ag tairgsint fir = challenging.
Sitilt = foot-hold on spade.
Cúla-'sé seo an focal agus ní cúl. (Cúla = cul-
báire).
Chlis = foiled, failed.
Arthadh = charm (also orthadh).
"Leónadh, gortughadh" - sean-ghnás.
As uilinn = out of joint.
Ag rabhairt a bhóthair ar = running away.



COS OBANN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services