Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN. FICHE BLIADHAIN ó shoin an mhí seo go díreach - mí Shamhna 1882 - is eadh tháinig an chéad IRISLEABhAR amach. Is iomdha cor do chuir an saoghal de ó shoin. Tá cuid de'n dream do chuir ar bun é, anois foríor ag tabhairt an fhéir. Bean- nacht Dé le n-a n-anmannaibh. D'oibrighea- dar go tréan an fhaid do mhaireadar; do choimeadadar an spréidh ar lasadh tre oidhche dhorcha na neamh-shuime agus an ainbhfis, agus d'fhágadar rian 'n-a ndiaidh do chuirfidh d'fhiachaibh ar Chlannaibh Gaedheal cuimhniughadh ar a móir-éachtaibh an fhaid do bheidh uisce i sruth nó féar ag fás. Tá cuid eile de'n dream chéadna 'n-a mbeathaidh fós. Go dtugaidh Dia sláinte agus saoghal fada dhóibh. Níor chailleadar-san riamh ó shoin a ngrádh do'n Ghaedhilg ná a ndúil i n-obair ar a son. Tá a chion féin dá dhéanamh ag gach éan-duine aca do réir a ghustail, agus a mheabhrach agus an chaothamhlacht atá aige. Go bhfágaidh Dia i bhfad i n-ar measc iad chum cabhrughadh linn agus comhairle do thabhairt dúinn. "Is iomdha lá i mbliadhain is fiche; acht ní'l éan-lá dhíobh ná tigeann." Tá fiche bliadhain curtha dhe ag an IRISLEABHAR. Is iomdha lá buadhach do chonnaic sé. Is iomdha baoghal agus buaidhirt agus anachain gur ghabh sé tríd leis. Ba mhinic lá Abráin do thugamar fé ndeara "gealadh agus líonadh" na spéire. Ar an nós gcéadna díreach is minic do gheal agus is minic do líon spéir an IRISLEABHAIR i ruith na fichead bliadhan. Tá cúrsa éagsamhail tabhartha aige. Tá súil againn gurab é an gealadh atá n-a chomhair feasta. Ba mhaith linn cunntas éigint do thabhairt ar a bhfuil déanta ag an IRISLEABHAR ar son na Gaedhilge. Ba mhaith linn trácht ar na daoinibh bhí n-a bhun romhainn féin, agus ar na scríbhneóiríbh do chabhruigh leó. Acht ní'l slighe againn annso chuige sin, agus ba leamh an mhaise dhúinn gan é dhéanamh i gceart. B'éidir go dtiubhraimís faoi uair éigint eile. IS SEANFHOCAL é gur fearr éin- fhéachaint romhat 'ná dhá fhéachaint it' dhiaidh; agus dá mhéid ar ndúil i dtrácht ar chúr- saidhibh na haimsire atá imthighthe tharainn caithfear socrughadh i gcóir an oirthearaigh. Ó'n mí seo amach beidh malairt ghnúise is clódh ar an IRISLEABHAR. Táimíd chum culaidh nua do cheannach d'ár leomhan chuthaigh-mhear thréan, i slighe go bhféadfaidh sé triúcha chúig cúigí na hÉireann do thaisteál gan spleádhchas. Cuirfimíd an
leomhan so ag siubhal na dtriúch i gcóir na Nodlag i radharc an tsaoghail go léir. Féadfaidh gach éinne a bhreith féin do thabhairt air chomh luath agus chífidh sé é. Inn- sidís ar ndaoine muinnteartha dá gcáirdibh go léir mar gheall ar theacht an leomhain. Féadfar é fhagháil i gcomhnuidhe ar thuistiún. TÁIMíD AN-BHUIDHEACH ar fad do sna daoinibh do scríobh chugainn ag tabhairt chomhairle dhúinn. Ní féidir linn freagra do chur ag triall ortha go léir tríd an bpost, agus tá súil againn go mbeid sásta le n-a bhfuil dá rádh againn annso. Do mholadar go léir sinn féin go ró-mhór. Tá gach éan-phointe thíos againn agus chomh luath agus gheobham caoi chuige cuirfeam i bhfeidhm iad. Táimíd ag socrughadh cheana féin chum cuid aca do chur i dtaithighe. BEIDH BUILL nuadha againn san bpáipéar so as so amach. Cuirfear ann rudaí do thaithnfidh leis an sluagh, le muinntir na Gaedhilge féin. Cuirfeam i gcló ann scéalta agus ealadhnta, prós agus filidheacht. Beidh gach éin-nídh ar feabhas ann, chomh maith agus is féidir iad d'fhagháil. Ní dhéanfam dearmhad ar lucht foghlamtha na Gaedhilge. Cuiridís a gceasta i n-umhail dúinn, agus déanfam ár ndicheall ar a réiteach dhóibh. ANOIS I dTAOBH duaiseann, táimid ag tosnughadh ar cheann do bhronnadh gach mí. Teastuigheann uainn ar scríbhneóirí do chur ag obair gan mhoill. Tá cathughadh orainn i dtaobh an duais do bheith chomh suarach soin acht ní'l leigheas againn air, go fóill ar éan-chuma. Má éireoghaidh linn, b'éidir i gcionn tamaill aimsire go mbéadh duais nídh b'fhearr le bronnadh againn. Ní'l puinn aimsire anois ag ar scríbhneóiríbh i gcóir IRISLEABHAIR na Nodlag agus tá súil againn go mbrostoghaid ortha féin. Léighidís na coinghill go cúramach. Cuimhnigheadh gach éinne air seo: da mhéid taithighe do chuirfidh sé ar scríbhneóireacht is eadh is fearr dó féin é; pé olc maith an ealadha is taithighe do dheineann máighistreacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services