SINN FÉIN.
FICHE BLIADHAIN ó shoin an mhí seo go
díreach - mí Shamhna 1882 - is eadh
tháinig an chéad IRISLEABhAR amach.
Is iomdha cor do chuir an saoghal de ó shoin.
Tá cuid de'n dream do chuir ar bun é,
anois foríor ag tabhairt an fhéir. Bean-
nacht Dé le n-a n-anmannaibh. D'oibrighea-
dar go tréan an fhaid do mhaireadar; do
choimeadadar an spréidh ar lasadh tre
oidhche dhorcha na neamh-shuime agus an ainbhfis,
agus d'fhágadar rian 'n-a ndiaidh do chuirfidh
d'fhiachaibh ar Chlannaibh Gaedheal cuimhniughadh
ar a móir-éachtaibh an fhaid do bheidh uisce i
sruth nó féar ag fás. Tá cuid eile de'n
dream chéadna 'n-a mbeathaidh fós. Go
dtugaidh Dia sláinte agus saoghal fada dhóibh.
Níor chailleadar-san riamh ó shoin a ngrádh
do'n Ghaedhilg ná a ndúil i n-obair ar a
son. Tá a chion féin dá dhéanamh ag gach
éan-duine aca do réir a ghustail, agus a
mheabhrach agus an chaothamhlacht atá aige. Go
bhfágaidh Dia i bhfad i n-ar measc iad chum
cabhrughadh linn agus comhairle do thabhairt
dúinn.
"Is iomdha lá i mbliadhain is fiche; acht
ní'l éan-lá dhíobh ná tigeann." Tá fiche
bliadhain curtha dhe ag an IRISLEABHAR.
Is iomdha lá buadhach do chonnaic sé. Is
iomdha baoghal agus buaidhirt agus anachain gur
ghabh sé tríd leis. Ba mhinic lá Abráin do
thugamar fé ndeara "gealadh agus líonadh" na
spéire. Ar an nós gcéadna díreach is
minic do gheal agus is minic do líon spéir an
IRISLEABHAIR i ruith na fichead bliadhan.
Tá cúrsa éagsamhail tabhartha aige. Tá
súil againn gurab é an gealadh atá n-a
chomhair feasta.
Ba mhaith linn cunntas éigint do thabhairt
ar a bhfuil déanta ag an IRISLEABHAR ar
son na Gaedhilge. Ba mhaith linn trácht ar
na daoinibh bhí n-a bhun romhainn féin, agus ar
na scríbhneóiríbh do chabhruigh leó. Acht ní'l
slighe againn annso chuige sin, agus ba leamh
an mhaise dhúinn gan é dhéanamh i gceart.
B'éidir go dtiubhraimís faoi uair éigint
eile.
IS SEANFHOCAL é gur fearr éin-
fhéachaint romhat 'ná dhá fhéachaint it' dhiaidh;
agus dá mhéid ar ndúil i dtrácht ar chúr-
saidhibh na haimsire atá imthighthe tharainn
caithfear socrughadh i gcóir an oirthearaigh.
Ó'n mí seo amach beidh malairt ghnúise is
clódh ar an IRISLEABHAR. Táimíd chum
culaidh nua do cheannach d'ár leomhan
chuthaigh-mhear thréan, i slighe go bhféadfaidh
sé triúcha chúig cúigí na hÉireann do
thaisteál gan spleádhchas. Cuirfimíd an
leomhan so ag siubhal na dtriúch i gcóir na
Nodlag i radharc an tsaoghail go léir.
Féadfaidh gach éinne a bhreith féin do
thabhairt air chomh luath agus chífidh sé é. Inn-
sidís ar ndaoine muinnteartha dá gcáirdibh
go léir mar gheall ar theacht an leomhain.
Féadfar é fhagháil i gcomhnuidhe ar thuistiún.
TÁIMíD AN-BHUIDHEACH ar fad do sna
daoinibh do scríobh chugainn ag tabhairt
chomhairle dhúinn. Ní féidir linn freagra
do chur ag triall ortha go léir tríd an
bpost, agus tá súil againn go mbeid sásta le
n-a bhfuil dá rádh againn annso. Do
mholadar go léir sinn féin go ró-mhór.
Tá gach éan-phointe thíos againn agus chomh luath
agus gheobham caoi chuige cuirfeam i bhfeidhm
iad. Táimíd ag socrughadh cheana féin chum
cuid aca do chur i dtaithighe.
BEIDH BUILL nuadha againn san bpáipéar
so as so amach. Cuirfear ann rudaí do
thaithnfidh leis an sluagh, le muinntir na
Gaedhilge féin. Cuirfeam i gcló ann
scéalta agus ealadhnta, prós agus filidheacht.
Beidh gach éin-nídh ar feabhas ann, chomh maith
agus is féidir iad d'fhagháil. Ní dhéanfam
dearmhad ar lucht foghlamtha na Gaedhilge.
Cuiridís a gceasta i n-umhail dúinn, agus
déanfam ár ndicheall ar a réiteach dhóibh.
ANOIS I dTAOBH duaiseann, táimid ag
tosnughadh ar cheann do bhronnadh gach mí.
Teastuigheann uainn ar scríbhneóirí do chur
ag obair gan mhoill. Tá cathughadh orainn
i dtaobh an duais do bheith chomh suarach soin
acht ní'l leigheas againn air, go fóill ar
éan-chuma. Má éireoghaidh linn, b'éidir i
gcionn tamaill aimsire go mbéadh duais
nídh b'fhearr le bronnadh againn. Ní'l puinn
aimsire anois ag ar scríbhneóiríbh i gcóir
IRISLEABHAIR na Nodlag agus tá súil againn
go mbrostoghaid ortha féin. Léighidís na
coinghill go cúramach. Cuimhnigheadh gach
éinne air seo: da mhéid taithighe do chuirfidh
sé ar scríbhneóireacht is eadh is fearr dó
féin é; pé olc maith an ealadha is taithighe
do dheineann máighistreacht.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11