Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Notes and Queries.
Title
Notes and Queries.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NOTES AND QUERIES. 485. I dtaobh an tseanfhocail "re" a labhairthear i nAlbain agus a bhíodh 'gá labhairt in Éirinn i n-ionad an fhocail "le," is cosmhuil gur ceaduightheach dóbhtha fad ó a roghain do dhéanamh eatorra. Deir Diarmuid O Duibhne i "Laoi na h-Éan-mhná," I. na G., U. 143. 'S do marbhadh linn, géar chéim deacair, Ceithre chéad d'fhearaibh Alban, agus in san chéad rann eile Do thuit rinn an Rí Féinne. Is minic a bhidheanns an dá fhuirm cómhfhogusach i nGaedhilg na hAlban. Seo sómpla dhuit:- B'e 'n sòlas-intinn leam a bhi 'g éisdeachd Ri cóisir bhinn-ghuthach, ghrinn a' Chéitein, Má tá aon riaghail le leanmhuint, budh mhaith liom go míneochthá dhom é, ma's é do thoil e. FEIDHLIMIDH Ó CINNÉIDE. 27 Thomas-st., West Gorton. [Is beag an gar do dhuine éin-riaghail do leanamh- aint; "le" is insgríobhtha dhó gach éan-uair, dar ndóigh. Tá "ré " comh marbh le sgadán i bhfus againne i n-Éirinn, cé go bhfuil sé láin-bheó fós aca thall i n-Albain. Bhíodar araon i bhfeidhm 'san tseachtmhadh céad déag - ar mhodh - acht má bhíodar féin, bhí an dalladh mullóg (nó an cur trí chéile) ag gabháil dóibh 'san aimsir sin féin. Is dócha go mbíodh trí chaoi d'áirithe ar "le," (1) triall leis, breith leis, agus rl., (2) is binn leis, agus rl., (3) do marbhadh leis é, agus rl., agus beagnach gach éan-chaoi ar "ré" (1) druidim ris, agus rl., (2) tarla ris, agus rl., (3) ré leithghlinn a ndeas, ris an dorus amuigh, agus rl. (4) tá fearg Dé ris, agus rl., (5) rádh ris, labhairt ris, éisdeacht ris, déanamh ris, gearán do dhéanamh ris, díol ris, fuireach ris, roinn ris, agus rl., (6) mar aon ré, i n-éinfheacht ré, maille ré, agus rl., (7) cur i gcoimhmeas re, agus rl., (8) dréim ris, cathughadh ris, agus rl., (9) ceangal ré, agus rl., (10) adhbhar ris, agus rl., (11) súil ris, agus rl.; (12) ré = chum ("dochum" 'sa' tSean-Ghaedhilg), acht is iomdha feidhm nach iad 'n-a mbíodh "ré." Nach fearr go mór an tsimplidheacht deas atá anois ann 'ná an tsean- chasdacht úd ? - F. an I.] (466). Goid Fhinn agus Dubhain. 4. Ceathrar fionn fiadha ar thûs Fa merbhar liom aniomthus. 5. Cuigear dubha na ndail de lucht derbh chogar dhubhain. 2. dias o Fhinn borb g bheath. 1. Fear o dhubhain teibhartach cath. 3. Triuir o mhac cubhuill fheill. 1. As fear o dhubhain dhreich reidh. 1. Suighios Fionn san mbrogh bhan. 2. Dha dhias dhubhe ar a laimh deis 2. Is dias eile do mhuntar fhinn allmhuine. 3. Truir o dhubhan mo chion. 1. Fer fiadhaigh na n aghaidh sinn. 2. dha fhear on laoch nar lag lamh. 2. dias o Fhinn. 1. as fear o dhuban.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services