Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes and Queries.

Title
Notes and Queries.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NOTES AND QUERIES.



485. I dtaobh an tseanfhocail "re" a labhairthear
i nAlbain agus a bhíodh 'gá labhairt in Éirinn i n-ionad an
fhocail "le," is cosmhuil gur ceaduightheach dóbhtha fad
ó a roghain do dhéanamh eatorra. Deir Diarmuid
O Duibhne i "Laoi na h-Éan-mhná," I. na G., U. 143.

'S do marbhadh linn, géar chéim deacair,
Ceithre chéad d'fhearaibh Alban,
agus in san chéad rann eile



Do thuit rinn an Rí Féinne.



Is minic a bhidheanns an dá fhuirm cómhfhogusach i
nGaedhilg na hAlban. Seo sómpla dhuit:-



B'e 'n sòlas-intinn leam a bhi 'g éisdeachd
Ri cóisir bhinn-ghuthach, ghrinn a' Chéitein,



Má tá aon riaghail le leanmhuint, budh mhaith liom go
míneochthá dhom é, ma's é do thoil e.



FEIDHLIMIDH Ó CINNÉIDE.
27 Thomas-st., West Gorton.



[Is beag an gar do dhuine éin-riaghail do leanamh-
aint; "le" is insgríobhtha dhó gach éan-uair, dar ndóigh.
Tá "ré " comh marbh le sgadán i bhfus againne i
n-Éirinn, cé go bhfuil sé láin-bheó fós aca thall i
n-Albain. Bhíodar araon i bhfeidhm 'san tseachtmhadh
céad déag - ar mhodh - acht má bhíodar féin, bhí an dalladh
mullóg (nó an cur trí chéile) ag gabháil dóibh 'san
aimsir sin féin. Is dócha go mbíodh trí chaoi d'áirithe
ar "le," (1) triall leis, breith leis, agus rl., (2) is binn
leis, agus rl., (3) do marbhadh leis é, agus rl., agus beagnach gach
éan-chaoi ar "ré" (1) druidim ris, agus rl., (2) tarla ris,
agus rl., (3) ré leithghlinn a ndeas, ris an dorus amuigh, agus rl.
(4) tá fearg Dé ris, agus rl., (5) rádh ris, labhairt ris,
éisdeacht ris, déanamh ris, gearán do dhéanamh ris,
díol ris, fuireach ris, roinn ris, agus rl., (6) mar aon ré,
i n-éinfheacht ré, maille ré, agus rl., (7) cur i gcoimhmeas
re, agus rl., (8) dréim ris, cathughadh ris, agus rl., (9) ceangal
ré, agus rl., (10) adhbhar ris, agus rl., (11) súil ris, agus rl.;
(12) ré = chum ("dochum" 'sa' tSean-Ghaedhilg), acht is
iomdha feidhm nach iad 'n-a mbíodh "ré." Nach fearr go
mór an tsimplidheacht deas atá anois ann 'ná an tsean-
chasdacht úd ? - F. an I.]



(466). Goid Fhinn agus Dubhain.



4. Ceathrar fionn fiadha ar thûs
Fa merbhar liom aniomthus.
5. Cuigear dubha na ndail
de lucht derbh chogar dhubhain.
2. dias o Fhinn borb g bheath.
1. Fear o dhubhain teibhartach cath.
3. Triuir o mhac cubhuill fheill.
1. As fear o dhubhain dhreich reidh.
1. Suighios Fionn san mbrogh bhan.
2. Dha dhias dhubhe ar a laimh deis
2. Is dias eile do mhuntar fhinn allmhuine.
3. Truir o dhubhan mo chion.
1. Fer fiadhaigh na n aghaidh sinn.
2. dha fhear on laoch nar lag lamh.
2. dias o Fhinn.
1. as fear o dhuban.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services