Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bás nó Seaghán Ban Éireann.
Title
An Bás nó Seaghán Ban Éireann.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Róimid
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN BÁS NÓ SEAGHÁN BAN ÉIREANN. Ar bóthar Luimnigh 'seadh casadh an bás orm, 'Na ghadaidhe ghránna is a chúl le claidhe, Do dhruid anall, is rug ar láimh orm, Is d'fhiafhruigh de Sheaghán bocht cionnus do bhí. "Tháim tinn, túirseach, lag, brúighte, im' cnámha, Diabhal snaidhm im mhála-sa ar aghaidh mo chroidhe, Leag let' ais é, agus tar im' láthair Go gleann mín áluinn is déan t'aithrighe" Seaghán - Diúltadh bheirim dhuit, a ghadaidhe ghránna, Is tabhair dom spás go ceann trí mí; Go raghad ar m'aitheantas go dtí an athair Pádraig An fear is feárr díol athá i gcótaí Críost. Annsúd gheobhair me, i measg na sár-fhear, 'Mo shuidhe i gceann cláir, is mé ag ól na dighe, Agus geallaim go deimhin duit, dá bhfuigh- finn-se mo shláinte Gur fada o'n áit seo gheobhadh Seaghán aríst. An bás - Agus geallaim go deimhin duit, dá bhfuighinn thú i n-Éirinn Fá luighe na Gréine nó i gclíthibh Fáil, Go dtiocfaidh summons chughat is mise taobh leis, Nuair a bhéidhfeá tréith-lag ar uair do bháis. Fios ar an eaglais as t'aithrighe déan-sa, T'fhaoisdín déidheannach le Rígh na ngrást, Is béidh tú i bParathais i measg na naomh geal Noch diúltuigh do'n saoghal-sa is dos na mná. Seaghán - Do mhná na cruinne dá dtiubhrainn diúltadh, Cad dhéanfainn annsúd nuair a bhéinn 'n-a bprádhainn
Nach ró-bhreágh an caraid iad 'san oidhche 'mo clúdach 'S ag dúnadh mo súl deas ar uair mo bháis. Is mór go mb'fhearra liom bheith seal ag súgradh, Le hainnir múinte 'dir mo lámha Ná a' gluaiseacht leat-sa, a rígh na neamh- chunntas Nár thug cunntas riamh cár ghabhais le cách. An bás - Is teachtaire mise nár dhein aon bhréag riamh Is nár ghlac aon bhradhbal ó éinne beó Beirim an t-óg liom is an leannán aosta An fear is tréine 's is treise cáil Beirim annsúd iad i láthair an Aon-Mhic 'S a bpeacaidhe le léigheadh aca 'dir a lámha, 'S béarfad tusa liom, a Sheagháin ban Éire- ann - Leig dod phléidh liom is gluais mar chác. RÓIMID. [Do feíoth an t-amhrán ó shean-fhear atá 'na chomhnaidhe i gConntae Phortláirge. Cuireadh "glcíthibh Fáil" i n-ionad "dlighthe Páil."]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services