Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bás nó Seaghán Ban Éireann.

Title
An Bás nó Seaghán Ban Éireann.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Róimid
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN BÁS NÓ SEAGHÁN BAN ÉIREANN.



Ar bóthar Luimnigh 'seadh casadh an bás orm,
'Na ghadaidhe ghránna is a chúl le claidhe,
Do dhruid anall, is rug ar láimh orm,
Is d'fhiafhruigh de Sheaghán bocht cionnus
do bhí.
"Tháim tinn, túirseach, lag, brúighte, im'
cnámha,
Diabhal snaidhm im mhála-sa ar aghaidh mo
chroidhe,
Leag let' ais é, agus tar im' láthair
Go gleann mín áluinn is déan t'aithrighe"



Seaghán -
Diúltadh bheirim dhuit, a ghadaidhe ghránna,
Is tabhair dom spás go ceann trí mí;
Go raghad ar m'aitheantas go dtí an athair
Pádraig
An fear is feárr díol athá i gcótaí Críost.
Annsúd gheobhair me, i measg na sár-fhear,
'Mo shuidhe i gceann cláir, is mé ag ól na
dighe,
Agus geallaim go deimhin duit, dá bhfuigh-
finn-se mo shláinte
Gur fada o'n áit seo gheobhadh Seaghán
aríst.



An bás -
Agus geallaim go deimhin duit, dá bhfuighinn
thú i n-Éirinn
Fá luighe na Gréine nó i gclíthibh Fáil,
Go dtiocfaidh summons chughat is mise taobh
leis,
Nuair a bhéidhfeá tréith-lag ar uair do
bháis.
Fios ar an eaglais as t'aithrighe déan-sa,
T'fhaoisdín déidheannach le Rígh na ngrást,
Is béidh tú i bParathais i measg na naomh
geal
Noch diúltuigh do'n saoghal-sa is dos na
mná.



Seaghán -
Do mhná na cruinne dá dtiubhrainn diúltadh,
Cad dhéanfainn annsúd nuair a bhéinn 'n-a
bprádhainn


L. 155


Nach ró-bhreágh an caraid iad 'san oidhche 'mo
clúdach
'S ag dúnadh mo súl deas ar uair mo bháis.
Is mór go mb'fhearra liom bheith seal ag
súgradh,
Le hainnir múinte 'dir mo lámha
Ná a' gluaiseacht leat-sa, a rígh na neamh-
chunntas
Nár thug cunntas riamh cár ghabhais le cách.



An bás -
Is teachtaire mise nár dhein aon bhréag riamh
Is nár ghlac aon bhradhbal ó éinne beó
Beirim an t-óg liom is an leannán aosta
An fear is tréine 's is treise cáil
Beirim annsúd iad i láthair an Aon-Mhic
'S a bpeacaidhe le léigheadh aca 'dir a
lámha,
'S béarfad tusa liom, a Sheagháin ban Éire-
ann
- Leig dod phléidh liom is gluais mar chác.



RÓIMID.



[Do feíoth an t-amhrán ó shean-fhear atá 'na chomhnaidhe
i gConntae Phortláirge. Cuireadh "glcíthibh Fáil" i
n-ionad "dlighthe Páil."]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services