Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Moladh Íosa.
Title
Moladh Íosa.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MOLADH ÍOSA Do ghné amhráin do rinneadh le Fear na Páirce. I. Íosa molaim, an crann toraidh Tá 'ghá urrainn féin gach ló Ar gach duine bheir dhó onóir Bhíos go soiléir cinnteach dhó. II. A chorp le hannsacht thug mar ransam, - Íosa dhíon ar n-anmna leis, D' Ifreann chuaidh, chruinnigh na sluaigh Bhí uile fá león mílte treis. III. Chráidh an t-aos díomhaoin thréigse De shíol Éabha agus Ádhaimh air thuas; Fó Phoint Phíolóid d'fhulaing peannaid D'ar ndíon ó Ifreann anuas. IV. An treas lá d'éirigh do pháidh ar n-éiric - Bíodh gach tréad go smuainteach trom; Adhbhar brosnuigh'e dhóibh re a chosnamh Bheith ag osnadh caoineadh re lon. V. Ar láimh dheis a Athar suas 'na chathair Shuidh go flaitheamhail fírinneach; Thig go neartmhar anuas do thabhairt ceartais Ar gach neach go míorbhuileach.
VI. Le fuaim trumpaid thig gach aon neach; - Ní bheidh aon neach uatha 'san uair; - Bheir Dia ceart ortha gan easbhaidh, Iad ag teacht d'á n-oidhreacht bhuain. VII. A thréad tighe uile ar an láimh dheis cuirthe, An Rí d'á urrainn ar a luagh; Na huird ainglidhe beidh d'á leanmhain Do'n chathair aibhnigh choidhche budh bhuan. VIII. An slaugh crosta ar an láimh thoisgeamhail Gan fhear leithsgéil beidh go truagh; Léigfidhear síos iad i ndiaidh a dtréigse Do'n tigh éidigh choidhche budh bhuan. IX. Mar bhí an gluton i ndiaidh tuitim Ag iarraidh furtacht i n-anbhfann tíom, Beidh 'an slabhradhaibh géara fuara Nuair nach truagh le Dia a ndíol. X. Lá nár héisteadh leó na fáidhe I leith 'na áit d'á chur i gcéill, Ní bheidh díon aca ná furthacht I ndiaidh a dtuitim ó Mhac Dé. XI. An námha fallsa tairgidh ar mealladh D'ar dtarraing d'á thig gan díon; Féachaidh orainn mar leomhan ghluite Gach uair thuiteas sinn 'na líon. XII. Carrghas, urnuighe agus aithrighe, Ar mbaránta bheith i nDia, An tslighe dhíreach d'ar ndíon; Do'n rígh dhíleas bíodh ar dtriall. XIII. Aoibhinn aedhearach ar nglaodhach Suas 'an chathair lá théid sinn Do fhlaitheas bunaidh tá dhúinn uile, 'S an crann tortha os ar gcionn. XIV. Ag moladh dhaoine le bréig dhírigh, Fada ó'n fhírinne éistfear linn; Ag moladh Íosa, ní na Páise, Méid a ghrása tréigfidh sinn. XV. Méid ar bpeacaidhe gnáith d'á gcleachtadh, Mór an easbhaidh dhúinn gan sgíothas; Is mó na grása 'ná mar tá sinn Bheith gach tráth ag síor-ghuidhe Íosa. Íosa molaim, agus rl.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services