Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Moladh Íosa.

Title
Moladh Íosa.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MOLADH ÍOSA



Do ghné amhráin do rinneadh le Fear na
Páirce.



I.



Íosa molaim, an crann toraidh
Tá 'ghá urrainn féin gach ló
Ar gach duine bheir dhó onóir
Bhíos go soiléir cinnteach dhó.



II.



A chorp le hannsacht thug mar ransam, -
Íosa dhíon ar n-anmna leis,
D' Ifreann chuaidh, chruinnigh na sluaigh
Bhí uile fá león mílte treis.



III.



Chráidh an t-aos díomhaoin thréigse
De shíol Éabha agus Ádhaimh air thuas;
Fó Phoint Phíolóid d'fhulaing peannaid
D'ar ndíon ó Ifreann anuas.



IV.



An treas lá d'éirigh do pháidh ar n-éiric -
Bíodh gach tréad go smuainteach trom;
Adhbhar brosnuigh'e dhóibh re a chosnamh
Bheith ag osnadh caoineadh re lon.



V.



Ar láimh dheis a Athar suas 'na chathair
Shuidh go flaitheamhail fírinneach;
Thig go neartmhar anuas do thabhairt ceartais
Ar gach neach go míorbhuileach.


L. 134


VI.



Le fuaim trumpaid thig gach aon neach; -
Ní bheidh aon neach uatha 'san uair; -
Bheir Dia ceart ortha gan easbhaidh,
Iad ag teacht d'á n-oidhreacht bhuain.



VII.



A thréad tighe uile ar an láimh dheis cuirthe,
An Rí d'á urrainn ar a luagh;
Na huird ainglidhe beidh d'á leanmhain
Do'n chathair aibhnigh choidhche budh bhuan.



VIII.



An slaugh crosta ar an láimh thoisgeamhail
Gan fhear leithsgéil beidh go truagh;
Léigfidhear síos iad i ndiaidh a dtréigse
Do'n tigh éidigh choidhche budh bhuan.



IX.



Mar bhí an gluton i ndiaidh tuitim
Ag iarraidh furtacht i n-anbhfann tíom,
Beidh 'an slabhradhaibh géara fuara
Nuair nach truagh le Dia a ndíol.



X.



Lá nár héisteadh leó na fáidhe
I leith 'na áit d'á chur i gcéill,
Ní bheidh díon aca ná furthacht
I ndiaidh a dtuitim ó Mhac Dé.



XI.



An námha fallsa tairgidh ar mealladh
D'ar dtarraing d'á thig gan díon;
Féachaidh orainn mar leomhan ghluite
Gach uair thuiteas sinn 'na líon.



XII.



Carrghas, urnuighe agus aithrighe,
Ar mbaránta bheith i nDia,
An tslighe dhíreach d'ar ndíon;
Do'n rígh dhíleas bíodh ar dtriall.



XIII.



Aoibhinn aedhearach ar nglaodhach
Suas 'an chathair lá théid sinn
Do fhlaitheas bunaidh tá dhúinn uile,
'S an crann tortha os ar gcionn.



XIV.



Ag moladh dhaoine le bréig dhírigh,
Fada ó'n fhírinne éistfear linn;
Ag moladh Íosa, ní na Páise,
Méid a ghrása tréigfidh sinn.



XV.



Méid ar bpeacaidhe gnáith d'á gcleachtadh,
Mór an easbhaidh dhúinn gan sgíothas;
Is mó na grása 'ná mar tá sinn
Bheith gach tráth ag síor-ghuidhe Íosa.



Íosa molaim, agus rl.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services