Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. BEATHA EOGHAIN RUAIDH UÍ SHÚILLEABHÁIN. Leis an Athair Pádraig Ua Duinnín. Sgéalta Nua- dhéanta 3. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1902. Naoi bpingne. Tá an-obair déanta ag an Athair Pádraig Ua Duinnín agus an leabhar so do chur os comhair an tsaoghail. Is aineólach ar fad atá an saoghal mór i n-Éirinn ar imtheachtaibh na n-árd-fhileadh i gCúigeadh Mumhan 'san t-ochtmhadh haois déag. B'é Eoghan Ruadh Ua Súilleabháin an té ba mhó cáil agus réim aca, a n-abair an t-Athair Pádraig. Is cuma nó caint ar déithibh bréige na bpágánach a gcloistear de sgéaltaibh ar Eoghan Ruadh 'sa' Mhumhain anois. Tá a ainm i mbéal gach éinne. Ní dócha go bhfuil éinní dob' fhiú a chur síos dearmadta ag an ughdar agus ní gan fiú tarraingí gréine atá an leabhar. Tá an chaint simplidhe sothuigsinte. Is iongantach a mbíonn d'innsintibh ar sgéal. An sgéilín úd ar Eoghan Ruadh agus ar an bhfiach dubh, 'sé an file ar a gcualamair-ne é d'á innsint ná Diarmaid Ua Séaghdha! I mBéarra atá an innsint seo air agus is mar so atá an rann annsúd: Nuair a thiocfaidh an Miosgais ar an Maing Nuair a thiocfaidh an Fhrainc ar Shliabh Mis, Nuair a thréigfid na sagairt an tsaint, Tiocfaidh caint do'n fhiach dubh. Fuair na Connachtaigh eolus ar an rann comh maith céadna, mar is ar an gcuma so do bhí sé ag ógánach ó Chillallaidh i gContae Mhuigheó: Nuair a luighfeas an t-iorlach ar an ngleann, Nuair a ghlanfas an ceó de na cnuic, Nuair a imtheoghas an tsaint de na sagairt, Beidh caint ag an bpriachán dubh. Ar a shon sain agus uile, is dócha gurab é Eoghan Ruadh do chéad-cheap é agus a lán de rannaibh nach é atá i mbeal na ndaoine mar seanráidhtibh. Ní maith linn ó'n ughdar a rádh go bhfuil "Rodney's Glory" lán d'fhuinneamh is de neart agus a shuaraighe atá sé. Is deimhin nach raibh acht brúsgar nó glafar- nach Béarla ag Eoghan Ruad. 'Sé a aimhleas ar fad do rinne sé agus dán do cheapadh ann. AN TOBAR DRAOIDHEACHTA; dráma leis an Athair Pádraig Ua Duinnín. Ar n-a chur amach do Chonn- radh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1902. Is maith an dráma so agus is simplidhe. Ní baoghal nach dtuigfidhe an sgéal atá d'á innsint ann. Ní dóigh linn go bhfuil sé comh maith le "Creideamh agus Gorta" acht b'fhéidir gur dheachair do'n ughdar é sin do shárughadh. Chímíd mór-chuid focal nach bhfacamar i gcló roimhe seo acht go hannamh. An chéad uair eile bheas dráma d'á chur i gcló, badh cheart intrat, re- intrat, exit, agus a leithéidí do chur i nGaedhilg. Má's fíor go gcleachtar na focail Laidne i ndrámannaibh Béarla, ní'l ann daríribh acht forcamás cainte. B'fheárr linn leis an brollach i nGaedhilg. LIADAIN AND CURITHIR. "In tú fer ind lis?" "Ní mé," or Cuirithir. "Can deit-siu?" or Cuirithir. "In óinmit tróg dina Déssib .i. Mac Dá Cherda." "Rocualamar," or Cuirithir. "In rega isin lis?" "Ragat," ol sé. "Déna mo lessa," ol Cuirithir. "Ben mór file thall, apair frie triat chéill féin tudecht cosin topur so." "Cia a hainm?" "Liadain." "Cia th'ainm-si?" "Cuirithir mac Doborchon." "Maith," or sé. Di chianaib Ó sorcarus fri Líadain, Sithithir cech lá fri mí, Sithithir mí fri blíadain. Ó cianaibh, Ó do sgaras le Liadhain, Gach lá comh fada le mí, Agus gach mí le bliadhain. Mé Líadain, Rocarus-sa Cuirithir: Is fírithir adfiadar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services