Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 125


CLODHANNA NUA.



BEATHA EOGHAIN RUAIDH UÍ SHÚILLEABHÁIN. Leis
an Athair Pádraig Ua Duinnín. Sgéalta Nua-
dhéanta 3. Ar n-a chur amach do Chonnradh na
Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1902. Naoi bpingne.
Tá an-obair déanta ag an Athair Pádraig Ua Duinnín
agus an leabhar so do chur os comhair an tsaoghail. Is
aineólach ar fad atá an saoghal mór i n-Éirinn ar
imtheachtaibh na n-árd-fhileadh i gCúigeadh Mumhan
'san t-ochtmhadh haois déag. B'é Eoghan Ruadh Ua
Súilleabháin an té ba mhó cáil agus réim aca, a n-abair
an t-Athair Pádraig. Is cuma nó caint ar déithibh
bréige na bpágánach a gcloistear de sgéaltaibh ar
Eoghan Ruadh 'sa' Mhumhain anois. Tá a ainm i mbéal
gach éinne. Ní dócha go bhfuil éinní dob' fhiú a chur
síos dearmadta ag an ughdar agus ní gan fiú tarraingí
gréine atá an leabhar. Tá an chaint simplidhe
sothuigsinte.



Is iongantach a mbíonn d'innsintibh ar sgéal. An
sgéilín úd ar Eoghan Ruadh agus ar an bhfiach dubh, 'sé an
file ar a gcualamair-ne é d'á innsint ná Diarmaid
Ua Séaghdha! I mBéarra atá an innsint seo air agus is
mar so atá an rann annsúd:



Nuair a thiocfaidh an Miosgais ar an Maing
Nuair a thiocfaidh an Fhrainc ar Shliabh Mis,
Nuair a thréigfid na sagairt an tsaint,
Tiocfaidh caint do'n fhiach dubh.



Fuair na Connachtaigh eolus ar an rann comh maith
céadna, mar is ar an gcuma so do bhí sé ag ógánach ó
Chillallaidh i gContae Mhuigheó:



Nuair a luighfeas an t-iorlach ar an ngleann,
Nuair a ghlanfas an ceó de na cnuic,
Nuair a imtheoghas an tsaint de na sagairt,
Beidh caint ag an bpriachán dubh.



Ar a shon sain agus uile, is dócha gurab é Eoghan Ruadh
do chéad-cheap é agus a lán de rannaibh nach é atá i mbeal
na ndaoine mar seanráidhtibh.



Ní maith linn ó'n ughdar a rádh go bhfuil "Rodney's
Glory" lán d'fhuinneamh is de neart agus a shuaraighe
atá sé. Is deimhin nach raibh acht brúsgar nó glafar-
nach Béarla ag Eoghan Ruad. 'Sé a aimhleas ar fad
do rinne sé agus dán do cheapadh ann.



AN TOBAR DRAOIDHEACHTA; dráma leis an Athair
Pádraig Ua Duinnín. Ar n-a chur amach do Chonn-
radh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1902.



Is maith an dráma so agus is simplidhe. Ní baoghal nach
dtuigfidhe an sgéal atá d'á innsint ann. Ní dóigh
linn go bhfuil sé comh maith le "Creideamh agus Gorta"
acht b'fhéidir gur dheachair do'n ughdar é sin do
shárughadh. Chímíd mór-chuid focal nach bhfacamar i
gcló roimhe seo acht go hannamh. An chéad uair eile
bheas dráma d'á chur i gcló, badh cheart intrat, re-
intrat, exit, agus a leithéidí do chur i nGaedhilg. Má's
fíor go gcleachtar na focail Laidne i ndrámannaibh
Béarla, ní'l ann daríribh acht forcamás cainte.
B'fheárr linn leis an brollach i nGaedhilg.



LIADAIN AND CURITHIR.



"In tú fer ind lis?"
"Ní mé," or Cuirithir. "Can deit-siu?" or Cuirithir.
"In óinmit tróg dina Déssib .i. Mac Dá Cherda."
"Rocualamar," or Cuirithir. "In rega isin lis?"
"Ragat," ol sé.
"Déna mo lessa," ol Cuirithir. "Ben mór file
thall, apair frie triat chéill féin tudecht cosin topur
so."



"Cia a hainm?"
"Liadain."
"Cia th'ainm-si?"
"Cuirithir mac Doborchon."
"Maith," or sé.



Di chianaib
Ó sorcarus fri Líadain,
Sithithir cech lá fri mí,
Sithithir mí fri blíadain.



Ó cianaibh,
Ó do sgaras le Liadhain,
Gach lá comh fada le mí,
Agus gach mí le bliadhain.



Mé Líadain,
Rocarus-sa Cuirithir:
Is fírithir adfiadar.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services