Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aithbheóchan Bhreasail Mhic Dhiarmada.
Title
Aithbheóchan Bhreasail Mhic Dhiarmada.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AITHBHEÓCHAN BHREASAIL MHIC DHIARMADA. Fleadh mhór do rinne a mhac do Dhiarmaid mhac Cearbhaill .i. Breasal mac Dhiarmada, agus níor theastuigh ní ó'n bhfleidh acht bó "go n-aeibh nitha." Agus do chuala Breasal í bheith ag mnaoi riaghalta Chille hEalghraighe i dtearmann Cheanannsa, Luchair a hainm sin, go ndeachaidh Breasal d'á ceannach gur thairg seacht mba agus tarbh d'á cionn, agus ní thug an bhean riaghalta dó í, agus rug Breasal an bhó leis ar éigin, agus thug an fhleadh d'á athair i gCeanannas. An tráth dob' aoibhinn dóibh ag ól is eadh tháinig an bhean riaghalta le casaoid do dhéanamh ar Bhreasal leis an rígh, agus í 'sna gárthaibh. "Éagcóir a ndeárnais," ars' an rí, "an bhean riaghalta do shárughadh um an mboin agus í i n-a cill, agus teacht i n-aghaidh mo righe-se agus mo smachta; óir ní béas athardha dhuit a dhéanamh; agus muirbhfidhear liom-sa thú is an ghníomh do rinnis." Leis sin do marbhadh Breasal. Do ghabh aithreachas Diarmaid agus dubhairt sé le Colum Cille: "An bhfuil mo chabhair-se ann ó'n ngníomh so do rinneas." "Atá," arsa Colum Cille; "Éirigh go dtí an t-athlaoch atá ins an oileán .i. Beagán Uladh." "Ní lámhaim dul," ars' an rí. "Raghad-sa leat," arsa Colum Cille. Nuair do rángadar ann, is eadh fuaradar Beagán ag déanamh chaisil (.i. balla cloch) agus sgaoilteóg fhliuch uime, agus é ag déanamh urnaidhe. Nuair d'fhéach Beagán ar Dhiarmaid is eadh dubhairt sé leis: "Faoi'n talmhain leat, a fhionghalaigh," go ndeachaidh go ruig a ghlúinibh is in talmhain. "Gan fanamhaint atá an chomairce, a Bheagáin," arsa Colum Cille, "óir is amhlaidh tháinig an rí chugat-sa d'iarraidh maitheamh- nais agus aithbheóchain a mhic ort." Do thóg Beagán a lámh dheas, agus do rinne urnaidhe faoi thrí le haghaidh Breasal mac Dhiarmada d'aithbheóchan, go dtug deich mBreasail is dá fhichid le gach urnaidhe a hifreann agus tháinic Breasal mac Dhiarmada leis an urnaidhe ndéidheanach leis an lucht ndéidheanach dhíobh. Is annsin do fhiafruigh Beagán sgéala dhe agus do chuir fáilte roimhe. TAGRA. Fleadh .i. féis, féasta. Ní .i. éinní, pioc, greim, dadamh, agus rl. "Bó go n-aeibh nitha" ("bó co naeib nitha"): rud gan réidhteach is eadh "conaeib nitha"; "aeib" tabharthach iolraidh ó "ae"? Cill Ealghraighe = (?) Kilrea i dtearmann nó i bhfairche Cheanannsa
(.i. Kells) i gContae Chille Chainnigh; i Leabhar Laigh- neach atá "Cill hElgraige," acht i Leabhar Mhic Cárrthaigh Riabhaigh Léightear "Cilli hEgn[aige?]" agus is dócha gurab ionann so agus Killegney, paróiste atá i gContae Loch' Garmain. Luchair a hainm sin .i. Luchair dob' ainm di, nó gur bh'ainm di Luchair. Ar éigin .i. d'á haindeóin, i n-aghaidh a tola, i n-éadan a gaosáin. Í 'sna gárthaibh .i. gach sgread aisti, í ag éigheamhaighe. Casaoid .i. gearán, éagnach, ceasacht. Um an mboin .i. fá'n mboin. Righe .i. riaghaltas. Béas athardha .i. gnás athar. Muirbhfidhear liom-sa thú .i cuirfead chum báis thú. Is an ghníomh, agus rl. : nó do bhárr a ndeárnais. Do marbhadh Breasal .i. do cuireadh breasal chum báis. An bhfuil mo chabhair-se ann .i an féidir m'fhurtacht, an féidir faoiseamh a thabhairt dam. Éirigh .i. téirigh, imthigh, gabh. Athlaoch ("ex-hero") .i. duine do bhíodh 'na laoch (laicus). Ní lámhaim .i. ní bhfaghaim óm' mhisneach, ní leigeann m'eagla dham. Do rángadar ann .i .do shroicheadar an áit. Sgaoilteóg, a loose wrapper. Ag déanamh urnaidhe .i. ag paidr- eóireacht. Faoi'n talmhain .i. faoi'n talamh. Fionghalach .i. fear duine ghaolta leis do mharbhadh. Go ruig .i. go snuig (Connachta), go dtí. Comairce .i. comraighe. Faoi thrí .i. trí huaire. A hifreann .i. ar ifreann. Lucht .i. drong, buidhean. 'Sé an Stócasach do chuir an bun-sgéal i gcló as Leabhar Mhic Cárrthaigh Riabhaigh. Do rinneadh dícheall do'n dul so ar leanamhaint go dlúith d'fhoclaibh an bhun-sgéil, ní do thug do'n aithdhéanamh so bheith ró- sheanda, b'fhéidir. Thuigfidhear as, ámh, do bhrígh an tagartha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services