Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aithbheóchan Bhreasail Mhic Dhiarmada.

Title
Aithbheóchan Bhreasail Mhic Dhiarmada.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AITHBHEÓCHAN BHREASAIL MHIC
DHIARMADA.



Fleadh mhór do rinne a mhac do
Dhiarmaid mhac Cearbhaill .i.
Breasal mac Dhiarmada, agus níor
theastuigh ní ó'n bhfleidh acht bó
"go n-aeibh nitha." Agus do chuala
Breasal í bheith ag mnaoi riaghalta Chille
hEalghraighe i dtearmann Cheanannsa, Luchair
a hainm sin, go ndeachaidh Breasal d'á
ceannach gur thairg seacht mba agus tarbh d'á
cionn, agus ní thug an bhean riaghalta dó í, agus
rug Breasal an bhó leis ar éigin, agus thug an
fhleadh d'á athair i gCeanannas. An tráth
dob' aoibhinn dóibh ag ól is eadh tháinig
an bhean riaghalta le casaoid do dhéanamh
ar Bhreasal leis an rígh, agus í 'sna gárthaibh.



"Éagcóir a ndeárnais," ars' an rí, "an
bhean riaghalta do shárughadh um an mboin
agus í i n-a cill, agus teacht i n-aghaidh mo righe-se
agus mo smachta; óir ní béas athardha dhuit a
dhéanamh; agus muirbhfidhear liom-sa thú is an
ghníomh do rinnis."



Leis sin do marbhadh Breasal.



Do ghabh aithreachas Diarmaid agus dubhairt
sé le Colum Cille:



"An bhfuil mo chabhair-se ann ó'n ngníomh
so do rinneas."



"Atá," arsa Colum Cille; "Éirigh go
dtí an t-athlaoch atá ins an oileán .i. Beagán
Uladh."



"Ní lámhaim dul," ars' an rí.



"Raghad-sa leat," arsa Colum Cille.



Nuair do rángadar ann, is eadh fuaradar
Beagán ag déanamh chaisil (.i. balla cloch)
agus sgaoilteóg fhliuch uime, agus é ag déanamh
urnaidhe.



Nuair d'fhéach Beagán ar Dhiarmaid is
eadh dubhairt sé leis: "Faoi'n talmhain leat,
a fhionghalaigh," go ndeachaidh go ruig a
ghlúinibh is in talmhain.



"Gan fanamhaint atá an chomairce, a
Bheagáin," arsa Colum Cille, "óir is amhlaidh
tháinig an rí chugat-sa d'iarraidh maitheamh-
nais agus aithbheóchain a mhic ort."



Do thóg Beagán a lámh dheas, agus do rinne
urnaidhe faoi thrí le haghaidh Breasal mac
Dhiarmada d'aithbheóchan, go dtug deich
mBreasail is dá fhichid le gach urnaidhe a
hifreann agus tháinic Breasal mac Dhiarmada
leis an urnaidhe ndéidheanach leis an lucht
ndéidheanach dhíobh.



Is annsin do fhiafruigh Beagán sgéala dhe
agus do chuir fáilte roimhe.



TAGRA.
Fleadh .i. féis, féasta. Ní .i. éinní, pioc, greim,
dadamh, agus rl. "Bó go n-aeibh nitha" ("bó co naeib
nitha"): rud gan réidhteach is eadh "conaeib nitha";
"aeib" tabharthach iolraidh ó "ae"? Cill Ealghraighe =
(?) Kilrea i dtearmann nó i bhfairche Cheanannsa


L. 114


(.i. Kells) i gContae Chille Chainnigh; i Leabhar Laigh-
neach atá "Cill hElgraige," acht i Leabhar Mhic
Cárrthaigh Riabhaigh Léightear "Cilli hEgn[aige?]" agus
is dócha gurab ionann so agus Killegney, paróiste atá i
gContae Loch' Garmain. Luchair a hainm sin .i. Luchair
dob' ainm di, nó gur bh'ainm di Luchair. Ar éigin .i.
d'á haindeóin, i n-aghaidh a tola, i n-éadan a gaosáin.
Í 'sna gárthaibh .i. gach sgread aisti, í ag éigheamhaighe.
Casaoid .i. gearán, éagnach, ceasacht. Um an mboin
.i. fá'n mboin. Righe .i. riaghaltas. Béas athardha .i.
gnás athar. Muirbhfidhear liom-sa thú .i cuirfead
chum báis thú. Is an ghníomh, agus rl. : nó do bhárr a
ndeárnais. Do marbhadh Breasal .i. do cuireadh
breasal chum báis. An bhfuil mo chabhair-se ann .i an
féidir m'fhurtacht, an féidir faoiseamh a thabhairt dam.
Éirigh .i. téirigh, imthigh, gabh. Athlaoch ("ex-hero") .i.
duine do bhíodh 'na laoch (laicus). Ní lámhaim .i. ní
bhfaghaim óm' mhisneach, ní leigeann m'eagla dham. Do
rángadar ann .i .do shroicheadar an áit. Sgaoilteóg,
a loose wrapper. Ag déanamh urnaidhe .i. ag paidr-
eóireacht. Faoi'n talmhain .i. faoi'n talamh. Fionghalach
.i. fear duine ghaolta leis do mharbhadh. Go ruig .i.
go snuig (Connachta), go dtí. Comairce .i. comraighe.
Faoi thrí .i. trí huaire. A hifreann .i. ar ifreann.
Lucht .i. drong, buidhean.



'Sé an Stócasach do chuir an bun-sgéal i gcló as
Leabhar Mhic Cárrthaigh Riabhaigh. Do rinneadh dícheall
do'n dul so ar leanamhaint go dlúith d'fhoclaibh an
bhun-sgéil, ní do thug do'n aithdhéanamh so bheith ró-
sheanda, b'fhéidir. Thuigfidhear as, ámh, do bhrígh an
tagartha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services