Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. AN t-ÚR-GHORT. Sgéaltha le Seórsa Ó Mórdha; aisdrighthe ó'n Sacsbhéarla ag Pádraig Ó Súillea- bháin, B.A. Baile-an-Átha-Cliath, Sealy, Bryers agus Walker. Bhí súil mhór againn as an leabhar so. Shaoileamar go mbeadh sé i bhfad ní b'fhearr 'ná mar atá sé. Do mealladh sinn. Tá rian an Bhéarla ar gach éan-sgéal acht amháin "An Gúna-Phósta," b'fhéidir. Is minic locht ar ghléasadh na gramadaighe, agus ní hannamh tuathail litrighthe, mar sh. "irrúineacht" i n-ionad "oireamh- nacht." Tá sé buailte isteach 'n-ár n-aigneadh anois gur contabhairteach an rud sgéalta Béarla do chur i nGaedhilg. CONNRADH CUILM NAOMHTHA COLÁISTE MHUIGHE NUADHAD. An Tuarasgbháil Bhliadhantamhail, 1901-2. Fáilte agus fiche is ionchuirthe dhúinn roimh an leabhar foghanta so. Is follus as mic léighinn Muighe Nuadhad féin ag gabháil le Gaedhealtacht fá mar badh dhual athar dóibh. Tá cúig alta maithe i nGaedhilg ann. B'fhéidir gurab é "Sgéal an bhráthar" ar L. 25 is taitneamhaighe linn. Ba cheart a thuilleadh do cur i gcló as na láimsgríbhinnibh úd. Is maith iad na haltanna eile atá i mBéarla, go mór-mhór na cinn úd ar Sgeilg Mhichíl agus ar Sheaghán oirmhidneach Mac Cathail, Áirdeasbog Thuama. Is léir dúinn lorg láimhe an Athar Micheál Ó hIceadha 'san obair, nídh nach iong- nadh. Gura' fada buan dó. BANBA. Bealtaine, 1902. Tá caint mhaith i gCuid a Trí de Bhanba. Is breagh bríoghmhar é "Amhrán na Ráinne" ó Chonchubhar Ó Liatháin, athair Dhomhnaill Uí Liatháin agus Dhonnchadha Uí Liatháin. Cad chuige do'n "Rígh Liath" an t-amhrán so do cheilt ar an saoghal comh fada sain? Chímíd fós sgríbhinn mhaith ar an "Stad" ó'n "Seabhac" agus "An buachaill do chruthuigh Dia" ó Énrí a Muirgheasa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services