Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



AN t-ÚR-GHORT. Sgéaltha le Seórsa Ó Mórdha;
aisdrighthe ó'n Sacsbhéarla ag Pádraig Ó Súillea-
bháin, B.A. Baile-an-Átha-Cliath, Sealy, Bryers agus
Walker.



Bhí súil mhór againn as an leabhar so. Shaoileamar
go mbeadh sé i bhfad ní b'fhearr 'ná mar atá sé. Do
mealladh sinn. Tá rian an Bhéarla ar gach éan-sgéal
acht amháin "An Gúna-Phósta," b'fhéidir. Is minic locht
ar ghléasadh na gramadaighe, agus ní hannamh tuathail
litrighthe, mar sh. "irrúineacht" i n-ionad "oireamh-
nacht." Tá sé buailte isteach 'n-ár n-aigneadh anois
gur contabhairteach an rud sgéalta Béarla do chur
i nGaedhilg.



CONNRADH CUILM NAOMHTHA COLÁISTE MHUIGHE
NUADHAD. An Tuarasgbháil Bhliadhantamhail, 1901-2.
Fáilte agus fiche is ionchuirthe dhúinn roimh an leabhar
foghanta so. Is follus as mic léighinn Muighe Nuadhad
féin ag gabháil le Gaedhealtacht fá mar badh dhual
athar dóibh. Tá cúig alta maithe i nGaedhilg ann.
B'fhéidir gurab é "Sgéal an bhráthar" ar L. 25 is
taitneamhaighe linn. Ba cheart a thuilleadh do cur
i gcló as na láimsgríbhinnibh úd. Is maith iad na
haltanna eile atá i mBéarla, go mór-mhór na cinn
úd ar Sgeilg Mhichíl agus ar Sheaghán oirmhidneach Mac
Cathail, Áirdeasbog Thuama. Is léir dúinn lorg láimhe
an Athar Micheál Ó hIceadha 'san obair, nídh nach iong-
nadh. Gura' fada buan dó.



BANBA. Bealtaine, 1902.



Tá caint mhaith i gCuid a Trí de Bhanba. Is breagh
bríoghmhar é "Amhrán na Ráinne" ó Chonchubhar Ó
Liatháin, athair Dhomhnaill Uí Liatháin agus Dhonnchadha Uí
Liatháin. Cad chuige do'n "Rígh Liath" an t-amhrán so
do cheilt ar an saoghal comh fada sain? Chímíd fós
sgríbhinn mhaith ar an "Stad" ó'n "Seabhac" agus "An
buachaill do chruthuigh Dia" ó Énrí a Muirgheasa.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services